Ganntan sagart i nGaeltacht Mhúscraí ba chúis le liotúirge tuata a bheith á chraoladh in áit an Aifrinn ar an gclár Aifreann an Domhnaigh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta níos túisce an mhí seo.
Is iondúil go gcraoltar an tAifreann i nGaeilge ar RTÉ RnaG maidin Dé Domhnaigh ag 11:00 nó ag 11:30. Craoltar an tAifreann ó shéipéil éagsúla ar fud na tíre ina mbíonn an ceiliúradh ar siúl i nGaeilge.
Ní Aifreann ach liotúirge tuata a craoladh ó Chúil Aodha i nGaeltacht Chorcaí ar an 2 Lúnasa. Is éard atá i gceist le liotúirge tuata ná searmanas a bhíonn á threorú ag duine nach sagart é nó í agus nach mbíonn an Chomaoineach ann. Léitear sleachta as na scrioptúir, ach ní bhíonn seanmóir ann.
Déantar comóradh bliantúil ar an gcumadóir agus an ceoltóir Seán Ó Riada ag tús mhí Lúnasa gach bliain ag Aifreann cuimhneacháin i gCúil Aodha. Tá an tAifreann speisialta sin á chraoladh le fada an lá ar RTÉ RnaG.
Ní raibh fáil ar shagart i mbliana, áfach, leis an Aifreann a rá agus beartaíodh liotúirge tuata faoi threoir Áine Uí Chuill a reáchtáil ina ionad. Dúirt bainisteoir RTÉ RnaG i mBaile na nGall, Dara Ó Cinnéide, le Tuairisc go ndearnadh an cinneadh an searmanas tuata a chraoladh ar an gclár Aifreann an Domhnaigh mar gheall ar a thábhachtaí is a bhí an comóradh ar Sheán Ó Riada agus gur gné sheasta i bhféilire an raidió é an tAifreann comórtha sin.
Mhínigh Ó Cinnéide go raibh ganntan sagart sa pharóiste an lá áirithe sin, rud a d’fhág nach raibh sagart ar fáil leis an Aifreann a rá. Dúirt sé gur “sa treo sin” atá cúrsaí ag dul taobh istigh den Eaglais Chaitliceach agus go dtarlaíonn an liotúirge tuata ó am go chéile ar fud na hÉireann ar na saolta seo.
Cás ar leith a bhí i gcraoladh an tsearmanais áirithe sin ar an 2 Lúnasa, áfach, mar gheall ar an gcomóradh ar an gceoltóir aitheanta Gaeltachta. Dúirt Ó Cinnéide go ndéanfaí iarracht i gcásanna eile na socruithe a athrú do Aifreann an Domhnaigh sa chás go gcuirfí an tAifreann féin ar ceal i séipéal a bhí roghnaithe don chlár.
Dúirt sé go ndearnadh iarracht an cheist a réiteach sna seachtainí roimh an searmanas comórtha agus go raibh RTÉ RnaG i dteagmháil le cléir na háite i Múscraí ach nárbh fhéidir socrú a dhéanamh le go ndéarfadh sagart Aifreann comórtha.
Thug sé le fios gur cuireadh lucht éisteachta RTÉ RnaG ar an eolas faoin athrú sa tseirbhís a chuirfí ar fáil ar an 2 Lúnasa agus gur luadh níos mó ná uair amháin ar chláir an Deiscirt ar an stáisiún nach Aifreann a bheadh ann ar an Domhnach sin.
Dúirt éisteoirí de chuid an chláir Aifreann an Domhnaigh le Tuairisc gur “loic” RTÉ RnaG orthu nuair a craoladh an liotúirge tuata i leaba an Aifrinn. Mhaígh na héisteoirí sin nach féidir leo freastal ar an Aifreann ina bparóistí féin, ar chúinsí sláinte, agus go mbíonn siad ag brath ar an raidió leis an Aifreann a chloisteáil gach seachtain – gné riachtanach dá gcreideamh Caitliceach.
Fág freagra ar '‘Ganntan sagart’ ba chúis le liotúirge tuata a bheith á chraoladh ar ‘Aifreann an Domhnaigh’'