CULTÚR: Amhrán na Laoch, Ceiliúradh na gComharsan, Scéalaíocht sa gCoill Mhór, TG4 beo ón bPicnic Leictreach

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh… 

CULTÚR: Amhrán na Laoch, Ceiliúradh na gComharsan, Scéalaíocht sa gCoill Mhór, TG4 beo ón bPicnic Leictreach

OIDHREACHT

Dr John Walsh. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Ceiliúradh na gcomharsan in Acadamh Ríoga na hÉireann

Tá ócáid ar leith á heagrú don 4 Meán Fómhair 2026 ag Acadamh Ríoga na hÉireann leis an gcomhthuiscint i measc phobail na dteangacha Ceilteacha a chur chun cinn agus chun ceiliúradh dhéanamh ar an Manainnis i mbliain seo na Gaeilge, ‘Blein ny Gaelgey’. Dlúthchuid de chúram an Acadaimh é an taighde ar na cultúir agus na teangacha ceilteacha.

Cuirfidh Alison McGillivray, dordveidhleadóir agus taighdeoir cáiliúil Albanach, a cuid taighde ar ról na dordveidhle i gceol traidisiúnta na Gàidhlig san 18ú agus sa 19ú haois i láthair.  Déanfaidh an tOllamh John Walsh (Ollscoil na Gaillimhe) cur i láthair ar bhailiúchán Choimisiún Béaloideasa Éireann (mar a bhí) de bhéaloideas Oileán Mhanann sna 1940idí, arna thionscnamh ag Éamon de Valera.

Beidh ceol Manannach á chasadh ag an gcór Gaeilge Caarjyn Cooidjagh (‘cairde le chéile’), a bunaíodh sa bhliain 1990, agus a mbíonn cúig dhuine dhéag rannpháirteach ann de ghnáth.

Tá teacht ar thicéid agus tuilleadh eolais anseo.

Scéalaíocht sa gCoill Mhór

Beidh an scéalaí Joe Greaney i Mainistir na Coille Móire ar an Domhnach, 23 Lúnasa ag 2:00i.n. d’ócáid dhátheangach scéalaíochta a bheidh á reáchtáil mar chuid den tSeachtain Oidhreachta Náisiúnta. Ócáid do theaghlaigh í seo ina mbeidh scéalta, amhráin agus neart deiseanna le páirt a ghlacadh sna himeachtaí.

Cuirfear deis ar fáil do na gasúir le foghlaim faoi chrainnte agus ainmhithe dúchasacha na hÉireann trí mhodh na scéalaíochta. Tá an ócáid deartha le bheith feiliúnach do pháistí ar bheagán Gaeilge chomh maith le páistí a bhfuil Gaeilge mhaith acu. Cuirfear an t-imeacht ar bun i Halla Ostyn sa Mhainistir, Ionad Oideachais agus Dísirt, Mainistir na Coille Móire.

CEOL

 

Comórtas Amhrán na Laoch do chumadóirí amhrán Gaeilge

Tá iarratas á lorg ag Galway Bay FM ó chumadóirí amhrán Gaeilge do chomórtas Amhrán na Laoch atá á reáchtáil ag an stáisiún mar chuid de Mhí an Cheoil Éireannaigh (Irish Music Month) 2026.

Beidh an comórtas cumadóireachta amhrán Gaeilge á reáchtáil ag Hot Press le Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann le tacaíocht ó An Post agus é mar chuid de chlár na míosa. Tá Galway Bay FM ar cheann de 22 stáisiún raidió neamhspleách ar fud na tíre atá ag tacú leis an gcomórtas a bhfuil sé d’aidhm aige tacú le ceol comhaimseartha trí Ghaeilge.

Caithfidh ar a laghad 50% de na liricí a bheith i nGaeilge, agus tá cead liricí i mBéarla a bheith san áireamh sna hamhráin. Gheobhaidh an buaiteoir duais airgid €2,500, tacaíocht chraolta ar na 22 stáisiúin atá ag glacadh páirt sa chomórtas, clúdach ó Hot Press, meantóireacht earnála, agus déanfaidh Gael Linn an singil a léiriú, a thaifeadadh agus a eisiúint.

Is féidir tuilleadh eolais agus foirm iarratais a fháil anseo.

TEILIFÍS

Teorainneacha agus a dtionchar i sraith faisnéise nua

Cuirfear tús an mhí seo chugainn le sraith faisnéise nua ina dtugtar cuairt ar theorainneacha achrannacha idir tíortha agus ina mbreathnófar ar an tionchar a bhíonn ag na teorainneacha sin ar na pobail atá ina gcónaí in aice leo. Is í Síle Nic Chonaonaigh a chuirfidh an tsraith i láthair. Tabharfar cuairt sa tsraith ar na teorainn idir an Fhionlainn agus an Rúis, ar São Paulo sa Bhrasaíl, ar Vítneam agus ar an teorainn idir an Spáinn agus Maracó in Ceuta.

Tá TG4, S4C, agus MG ALBA tagtha le chéile don tsraith ceithre eagrán seo, an chéad chomhléiriú trí náisiún dá leithéid idir trí chraoltóir na dteangacha Ceilteacha. Tá An Balla á léiriú ag an gcomhlacht léiriúcháin neamhspleách Breatnach, Rondo Media, i gcomhpháirtíocht leis an léiritheoir Éireannach Ciarán Ó Cofaigh Rosg agus an léiritheoir Albanach Hamish Macleod. Déantar iniúchadh sa tsraith ar thionchar na dteorainneacha agus na ndeighiltí  ar an duine ar fud an domhain.

Craolfar an chéad eagrán de ‘An Balla’ ar TG4 ar an 8 Meán Fómhair ag 9:30 i.n.

TG4 beo ón Electric Picnic

Beidh TG4 ag craoladh beo ón bPicnic Leictreach arís i mbliana. Craolfar Beo ón Electric Picnic, arna léiriú ag 84-Ochtó4 Productions agus á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson ar an Domhnach, 30 Lúnasa ag 9:30i.n.

Craolfar ceol beo ón gCollchoill agus ó Phuball na Gaeilge i rith an chláir le leithéidí HipHap Gaelach, Rua Rí, Clada, Burnchurch, Leatsa, Méabh Mulligan agus Eva Carroll, Bog Bodies, Birch, Ispíní na hÉireann, Saibhin agus neart eile.

Chomh maith leis sin, beidh agallaimh, ceol agus seisiúin acústacha faoi leith ar an gclár le scoth na gceoltóirí a bheidh ag seinm ag féile na bliana seo.

CEOL

Físeán ceoil nua eisithe ag Caroline Keane

Tá físeán nua eisithe ag Caroline Keane, ceoltóir as Corca Dhuibhne, don traic Paddy Taylor’s / Martin Cahill’s / Jackson Morning Breeze ón dara halbam aici, Rise, a eisíodh i mí Bealtaine na bliana seo. San fhíseán seo feicimid Caroline Keane ar an gconsairtín in éineacht le Ryan Molloy ar an bpianó is tugann léargas breá ar an spiorad beo bríomhar nádúrtha atá le cloisteáil ar an albam nua.

Bhí Caroline Keane le feiceáil i Whelan’s mar chuid den fhéile cheoil traidisiúnta ansin le seachtain anuas agus leanfaidh sí ar aghaidh leis an gcamchuairt náisiúnta leis an albam nua le dátaí i rith an Fhómhair.

Tuilleadh eolais maidir le dátaí agus ionaid le fáil anseo.

 

Ceolchoirm in Ionad Pobail an Ghleanna anocht

Tim Dennehy agus Róisín Mullarkey na haíonna speisialta a bheidh ag ceolchoirm in Ionad Pobail an Ghleanna i gContae Chiarraí ag 8.00in tráthnóna inniu, Dé hAoine, 21 Lúnasa.

Rugadh Tim i mBaile an Sceilg agus tógadh i dteaghlach an-cheolmhar é. D’fhoghlaim sé go leor amhrán óna mháthair Nora Kelly ó Chill Rialaigh. Tá aithne mhór ar Róisín Mullarkey ar fud Uíbh Ráthaigh mar amhránaí agus ceoltóir a bhfuil an saibhreas amhránaíochta go smior inti.

AMHARCLANNAÍOCHT

Aisteoirí Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag teacht go Gaillimh

Tá Cumann Léirithe Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag teacht go Gaillimh den chéad uair agus an ceoldráma is deireanaí leo, An tÉalú, le Seán Óg Ó Duinnín, á chur ar stáitse acu in Amharclann na Cathrach ar an 29 Lúnasa.

Léiríonn an saothar seo scéal Shíle, bean atá meáite ar a saoirse a fháil ar ais agus í ag iarraidh éalú ó theach altranais, le cabhair ó chairde a théann i bpáirt léi ó am go chéile.

Beidh foireann 24 aisteoir páirteach sa léiriú, le tionlacan ó bhanna beo ochtar ceoltóirí. Fotheidil Bhéarla ar fáil freisin. Tá ticéid agus tuilleadh eolais ar fáil anseo.

 

Fág freagra ar 'CULTÚR: Amhrán na Laoch, Ceiliúradh na gComharsan, Scéalaíocht sa gCoill Mhór, TG4 beo ón bPicnic Leictreach'