Níl radharc ar mhíolta móra dronnacha i gCorca Dhuibhne i mbliana

Dúirt an IWDG nach bhfuair siad aon taifead den mhíol mór i gCorca Dhuibhne i mbliana agus go bhfuil na hainmhithe mara ag triall ar Bhá Dhún na nGall níos mó ná riamh anois

Níl radharc ar mhíolta móra dronnacha i gCorca Dhuibhne i mbliana

Pictiúr: Giles_Laurent

Níl aon taifead ag an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) de na míolta móra móra amach ó chósta Chorca Dhuibhne go dtí seo i mbliana.

Is é an droimeiteach beag an t-aon mhíol mór a bhfuil taifead déanta air i bhfarraigí Chorca Dhuibhne i mbliana. Deir an IWDG gur minic a thagann leithéidí na míolta móra dronnacha sna sála ar an droimeiteach beag ach nach bhfuil rian orthu sin go fóill.

“Tá athrú ag tarlú le cúpla bliain i ndáiríre. Is é iarthar Chorcaí príomhláthair na hÉireann le bheith ag breathnú ar mhíolta móra, ach le deich mbliana anuas tá siad ag bogadh ó thuaidh. Bhídís le feiceáil timpeall ar an mBlascaod agus i mBá an Daingin, ach tá siad ag dul chomh fada ó thuaidh le Sligeach agus Dún na nGall anois,” a dúirt Oifigeach For-Rochtana an IWDG, Cian Ó Nialáin, le Tuairisc.

Dúirt Ó Nialáin nach bhfuil aon amhras ar mhuintir iarthar Chorcaí ach gurb é an ró-iascach ar shaláin [stuifíní] sa cheantar sin is cúis le himeacht na míolta móra ach go bhféadfadh cúinsí eile a bheith i gceist leis an athrú suntasach freisin.

“Má chuireann tú ceist ar mhuintir Chorcaí agus Bheanntraí, is é a deir siad ná go mbaineann sé leis an iascaireacht agus go bhfuil an iomarca iascaireachta á dhéanamh ar shaláin. An é sin is cúis le míolta móra dronnacha ag dul ó thuaidh?

“Tá siad anseo [in Éirinn] lena ngoile a líonadh, na héisc bheaga a ithe, sula dtéann siad ó dheas arís le pórú. An áit a bhfuil na héisc, is ann a bheidh na míolta móra, ach ní féidir a rá gurb é an t-iascach amháin is cúis leis,” a dúirt Ó Nialáin.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfuil baint ag an athrú aeráide leis an scéal, freisin, agus go bhfuil eolas faighte ag an IWDG óna gcomhghleacaithe níos faide ó dheas, in Rinn Verde, go bhfuil athruithe ag teacht ar iompar na míolta móra ansin freisin.

“Bhí an bhliain seo an-aisteach, tá na míolta móra dronnacha an-déanach i mbliana. Tagann siad timpeall mí an Mhárta nó b’fhéidir mí Aibreáin, ach ní bhfuaireamar taifead orthu i mbliana go dtí mí na Bealtaine i mBá Dhún na nGall. Tá i bhfad níos mó acu san iarthuaisceart anois.

“Is deacair a rá fós an ‘drochbhliain’ í seo. Bhí an bhliain cineál aisteach go dtí seo, agus níl an séasúr críochnaithe fós, críochnóidh sé i mí na Nollag. Is am maith le hiad a fheiscint é an geimhreadh. Beidh a fhios againn ag deireadh an tséasúir an gcuirfidh an bhliain seo imní orainn,” a dúirt Ó Nialáin.

Thagair fear an IWDG don scéal mór a bhí ann i gCorcaigh anuraidh gur cuireadh deireadh leis na turais faire míolta móra ar bord an Holly Jo, bád cáiliúil sa cheantar, mar gheall gur mheas an t-úinéir, Colin Barnes, nach raibh aon salán fágtha san fharraige do na míolta móra.

“Ní dhéanfaimid féin ráiteas faoi na hathruithe go dtí go mbeidh níos mó eolais nó fianaise againn, ach tá cúpla duine san earnáil tar éis a rá nach bhfuil tada le feiscint sa Mhuir Cheilteach a thuilleadh.

“Ach tá deifeanna coiteanna ann, tá na deilfeanna liatha ag déanamh go maith, ach níl na muca mara ag déanamh chomh maith sin na laethanta seo. Tá rudaí ag athrú,” a dúirt Ó Nialáin.

Mhaígh úinéir an chomhlachta Dingle Sea Safari, Jimmy Flannery, ar na meáin shóisialta go bhfaca criú a bháid míol mór dronnach amháin i mBá an Daingin i mí Iúil agus go bhfuil neart droimeitigh bheaga á mbeathú féin fós sa cheantar sin.

Fág freagra ar 'Níl radharc ar mhíolta móra dronnacha i gCorca Dhuibhne i mbliana'