‘Sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn’ – COGG ag súil go spreagfar tuilleadh scoileanna i dtreo na Gaelscolaíochta

Dúirt Príomhfheidhmeannach COGG gur 'fíor-dea-scéal' é go bhfuil ar a laghad deich mbunscoil ag obair i láthair na huaire i dtreo iompú ó theagasc trí Bhéarla go dtí teagasc trí Ghaeilge.

‘Sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn’ – COGG ag súil go spreagfar tuilleadh scoileanna i dtreo na Gaelscolaíochta

Tá sé ráite ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) go bhfuil súil aici go spreagfaidh an cinneadh atá déanta ag roinnt bunscoileanna timpeall na tíre dul i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge tuilleadh scoileanna iompú ar an tumoideachas.

Dúirt Jacqueline Ní Fhearghusa gur “fíor-dea-scéal” é go bhfuil ar a laghad deich mbunscoil ag obair i láthair na huaire i dtreo iompú ó theagasc trí Bhéarla go dtí teagasc trí Ghaeilge.

Tá scoileanna i gCiarraí, contae an Chabháin, Sligeach, Gaillimh, Dún na nGall agus Cill Chainnigh i measc na scoileanna ina bhfuil plé ar bun faoi aitheantas mar Ghaelscoil a lorg.

Tá sé i gceist ag na scoileanna go mbeadh na daltaí atá le tosú sna Naíonáin Bheaga i bhfómhar na bliana seo chugainn á múineadh go hiomlán trí Ghaeilge agus an rogha ag na páistí atá ag freastal ar an scoil faoi láthair a gcuid oideachais a fháil trí Bhéarla.

“Tá súil againn go mbeimid ag feiceáil i bhfad níos mó samplaí de seo sna blianta amach romhainn,” a dúirt Jacqueline Ní Fheargusa agus í ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Dúirt sí go mbíonn deichniúr príomhoidí ó na scoileanna atá ag iarraidh athrú i dteagmháil lena chéile ar bhonn seachtainiúil chun smaointe agus dea-chleachtais a roinnt.

“Tá siad go léir an-tiomanta don smaoineamh; tá plé déanta le pobail na scoile, leis na pátrúin agus leis na páirtithe leasmhara eile ar nós boird bhainistíochta agus na múinteoirí.”

Scoileanna beaga tuaithe den chuid is mó iad na scoileanna atá ag obair ar an athrú a dhéanamh. Dúirt Ní Fhearghusa nach bhfuil aon bhuntáiste ann do scoileanna a athraíonn ó thaobh maoinithe de ach tuigtear go bhfuil na scoileanna atá ann faoi láthair ag éileamh ar an Roinn Oideachais maoiniú a chur ar fáil chun múinteoir breise a fhostú chun a chinntiú go mbeadh a seomra ranga féin ag na daltaí atá á múineadh trí Ghaeilge a fhad is atá athrú ar theanga teagaisc na scoile ar bun.

Dúirt Ní Fhearghusa go bhféadfadh go mbeadh buntáiste ann do na scoileanna sa “bheocht” a thiocfadh leis an athrú go Gaelscoil.

“Táimid an-dóchasach go mbeidh líon mór scoileanna [sásta tabhairt faoin athrú] an bhliain seo chugainn. Nuair a fheiceann scoileanna eile an rath agus an bheocht agus an spiorad sin a thugann an Ghaelscolaíocht isteach i gceantair bheaga tuaithe, b’fhéidir, nó i mbailte beaga, áit go mbeadh sé deacair na huimhreacha a fháil chun Gaelscoil a bhunú, sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn.”

Tá COGG mar bhall den tascfhórsa atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun scrúdú a dhéanamh ar cheist an tsoláthair oideachais lán-Ghaeilge agus dúirt Ní Fhearghusa go raibh athrú teanga teagaisc scoileanna ó Bhéarla go Gaeilge i measc na n-ábhar atá pléite go dtí seo.

“Níor mhaith liom a cheapadh gurb é seo an t-aon réiteach atá ar an gceist ach cinnte is cuid den réiteach é,” a dúirt sí.

Tá imní léirithe ag Gaeloideachas agus An Foras Pátrúnachta faoi chur chuige an tascfhórsa agus faoi dhrogall na Roinne scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú agus dúirt Ní Fhearghusa go gcaithfí breathnú ar bhunú scoileanna nua mar chuid den réiteach ar an gceist.

“Sílim go gcaithfimid a bheith cruthaitheach agus féachaint chun cinn agus féachaint ar réimse leathan roghanna ach ní bheinn ag rá nár cheart Gaelscoileanna nua a bhunú, gan amhras.”

Fág freagra ar '‘Sílim go dtabharfaimid níos mó daoine linn’ – COGG ag súil go spreagfar tuilleadh scoileanna i dtreo na Gaelscolaíochta'