Troid dheireanach Katie Taylor le craoladh saor in aisce ar RTÉ

Tá 80,000 duine le freastal ar an troid idir Taylor agus Flora Pili, a bheidh ar siúl ar an 5 Meán Fómhair

Troid dheireanach Katie Taylor le craoladh saor in aisce ar RTÉ

Tá sé fógartha ag RTÉ go bhfuil saorchraoladh le déanamh ar an troid dheireanach ag Katie Taylor, a bheidh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh an mhí seo chugainn.

Tá 80,000 duine le freastal ar an troid idir Taylor agus Flora Pili, a bheidh ar siúl ar an 5 Meán Fómhair, agus dheimhnigh RTÉ ar maidin go gcraolfar an troid ar stáisiúin teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta.

Is í seo an uair dheireanach a bheidh Taylor, duine de mhórlaochra spóirt na hÉireann, ag dul chun troda sa gcró dornálaíochta.

Is ag Taylor atá craobhacha IBF, WBO, WBA agus Ring Magazine sa rannóg éadrom-mheáchan trom agus beidh sí ag súil go mbeidh siad fós i ngreim aici i ndiaidh na troda i gcoinne Pili na Fraince. Beidh deis ag an mbeirt ar an gcraobh WBC, a raibh seilbh ag Taylor uirthi go dtí anuraidh ach a baineadh di tar éis di sos a thógáil ón dornálaíocht.

D’fhógair RTÉ go bhfuil socrú déanta le lucht eagraithe na troda í a chraoladh ar RTÉ 2 agus ar an RTÉ Player agus go mbeidh tráchtaireacht le cloisteáil ar RTÉ 2FM chomh maith.

Dúirt Ceannasaí Spóirt RTÉ, Declan McBennett, go raibh tuairisciú déanta ag RTÉ ó thús aistear Taylor mar throdaí amaitéarach agus go raibh ríméad ar an gcraoltóir náisiúnta go mbeifí ann don chaibidil dheireanach.

Ba í an troid idir Muhammed Ali agus Al “Blue” Lewis i 1972 an uair dheireanach ar reáchtáladh babhta dornálaíochta i bPáirc an Chrócaigh.

Fág freagra ar 'Troid dheireanach Katie Taylor le craoladh saor in aisce ar RTÉ'