Stailc náisiúnta aon lae eile beartaithe ag ceardchumainn don 12 Samhain

Tá an stailc beartaithe an lá céanna go mbeidh 50 ceannaire rialtais i mBaile Áth Cliath d’ócáid mhór chlár thréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an AE

Stailc náisiúnta aon lae eile beartaithe ag ceardchumainn don 12 Samhain

Tá beartaithe ag ceardchumainn na seirbhíse poiblí dul ar stailc arís Déardaoin an 12 Samhain agus na cainteanna faoi chúrsaí pá fós i sáinn.

Tá an stailc beartaithe an lá céanna go mbeidh 50 ceannaire rialtais i mBaile Áth Cliath don chéad cheann de dhá chruinniú mór Chomhphobal Polaitíochta na hEorpa, an ócáid is mó ar chlár thréimhse uachtaránachta na hÉireann ar an AE.

Tá an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile i gcónaí faoi mhargadh nua pá d’oibrithe na seirbhíse poiblí,

Ar an 14 Deireadh Fómhair chuaigh breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae siocair an mhoill ar chomhaontú nua pá a aontú leo. Ba í an ghníomhaíocht thionsclaíoch sin an stailc is mó dá leithéid sa tír ó 2009.

Tá an dara stailc aon lae le mí beartaithe ag na ceardchumainn a deir nach bhfuil “aon tairiscint cheart” déanta ag an rialtas.

Bhí cruinniú ar maidin ag Comhdháil na gCeardchumann (ICTU) chun gníomh tionsclaíoch eile a phlé.

Cuireadh na cainteanna pá a bhí ar siúl sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre ar athlá Dé hAoine.

Dúirt príomh-idirbheartaí na gceardchumann, Kevin Callinan, go raibh fearg mhór ar dhaoine a d’fhreastail ar an gcruinniú inniu. Dúirt sé, áfach, gur pléadh an scéal go socair agus go raibh daoine diongbháilte faoin méid a bhí le déanamh.

Mhaígh Callinan, ardrúnaí Fórsa, nár roghnaíodh Déardaoin seo chugainn don stailc toisc go raibh ócáid mhór an AE ar siúl an lá céanna. B’amhlaidh, gur roghnaíodh an lá ar chúiseanna eagrúcháin, a dúirt sé.

Beidh léirsiú mór ar siúl i mBaile Átha Cliath lá na stailce aon lae agus beidh léirsithe beaga ar siúl ar fud na tíre.

Tá sé i gceist ag na ceardchumainn bualadh amárach le grúpa a cheap an rialtas agus deir siad go bhfuil siad ar fáil i gcónaí chun páirt a ghlacadh i gcainteanna ach na cainteanna sin a bheith “fiúntach”.

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers go raibh dianphlé ann le 10 lá agus gurb údar díomá é nach raibh aon socrú déanta go fóill de thoradh na cainteanna.

Fág freagra ar 'Stailc náisiúnta aon lae eile beartaithe ag ceardchumainn don 12 Samhain'