Deir TG4 nach mbeidh tionchar ag Buiséad 2027 ar phleananna an stáisiúin dá seirbhís nua nuachta ar líne atá le seoladh roimh dheireadh na bliana seo.
Ní bhfuair an stáisiún Gaeilge aon ardú sa bhuiséad a fógraíodh an tseachtain seo caite, ach thug urlabhraí de chuid an stáisiúin le fios do Tuairisc nach gcuirfeadh sé sin isteach nó amach ar an tseirbhís nuachta ar líne atá á hullmhú faoi láthair.
€65.4 milliún a bheidh ag TG4 an bhliain seo chugainn, an maoiniú céanna a tugadh don stáisiún don bhliain 2026, cinneadh a d’fhág “an-díomá” ar ardstiúrthóir an stáisiúin Deirdre Ní Choistín.
Dúirt urlabhraí de chuid an stáisiúin le Tuairisc go mbeidh “impleachtaí” ag an mbuiséad d’obair TG4 agus go bhfuil an scéal “á mheas” ag lucht bainistíochta an stáisiúin faoi láthair.
“Beidh impleachtaí ag an gcinneadh seo ar TG4 in 2027 agus táimid á mheas anois i dtaobh ár bpleananna, gealltanais agus spriocanna straitéiseacha don bhliain amach romhainn,” a dúradh.
Rinne TG4 iarratas cruinniú a shocrú le hAire na Meán Patrick O’Donovan leis an maoiniú atá geallta don stáisiún don bhliain seo chugainn a phlé. Thug an t-urlabhraí le fios do Tuairisc go raibh TG4 “i dteagmháil” leis an Aire agus le Roinn na Meán “faoi chás TG4” ach nár tugadh le fios dóibh cé acu ar ceadaíodh nó nár ceadaíodh cruinniú leis an Aire O’Donovan féin. Bhí cruinniú ag ardstiúrthóir RTÉ Kevin Backhurst le O’Donovan an tseachtain seo caite leis an €20m a baineadh de bhuiséad RTÉ a phlé.
Tá imní léirithe ag léiritheoirí teilifíse agus scannán faoina laghad airgid atá geallta do na craoltóirí náisiúnta i mBuiséad 2027. Is laghdú atá i ndán do RTÉ, agus níl aon athrú ann ar bhuiséad TG4 ná Fís Éireann.
Dúirt Susan Kirby, príomhfheidhmeannach Fhís Éireann, go raibh “an-imní” ar lucht na hearnála teilifíse agus scannán faoin gcinneadh agus gur laghdú a bhí i gceist le buiséid TG4 agus Fís Éireann nuair a chuirtear an boilsciú san áireamh.
“Bheadh an-imní orainn gurb í an earnáil neamhspleách léirithe is mó a bheadh thíos leis an laghdú ar an maoiniú. Seo an earnáil chruthaitheach atá aitheanta ag RTÉ mar chuid lárnach dá bpleananna athleasaithe faoin Straitéis Treoir Nua, ach is é buiséad an Aonaid Neamhspleách Léiriúcháin an ghné neamhsheasta is éasca den bhuiséad le laghdú,” a dúirt sí.
Chaith RTÉ beagnach €52 milliún ar léiriúcháin neamhspleácha an bhliain seo caite agus chaith TG4 os cionn €36 milliún ar na cláir a ndearna an stáisiún coimisiúnú orthu anuraidh. Bhí TG4 ag lorg €11 milliún breise i mbliana rud a d’fhágfadh os cionn €76 milliún sa bhliain ag an stáisiún.
Tá imní léirithe freisin ag Aontas Craolacháin na hEorpa (an EBU) faoi na ciorruithe a fógraíodh do TG4 agus RTÉ freisin. Dúradh i ráiteas a chuir an t-aontas amach go gcaithfeadh ballstáit maoiniú “leordhóthanach, inbhuanaitheach, agus intuartha” a chinntiú do na meáin seirbhíse phoiblí le go mbeidís in ann a gcuid cúraimí a chur i gcrích.
“Tá an imní chéanna orainn is atá ar TG4 nach dtiocfaidh méadú ar a mhaoiniú in 2027, tráth atá an lucht féachana ag fás, agus é ag cruthú luach poiblí agus tionchar suntasach eacnamaíoch ar fud na tíre.
“Tá TG4 fós gan socrú ilbhlianta. Gan a leithéid, is teoranta an phleanáil agus infheistíocht fhadtéarmach is féidir a dhéanamh, agus tá éiginnteacht cheart amach roimh léiritheoirí neamhspleácha,” a dúradh i ráiteas an EBU.
Mhaígh an EBU go dtugann Éire níos lú maoinithe do na meáin seirbhíse phoiblí ar an meán ná má thugtar i dtíortha eile de chuid na hEorpa. Sa bhliain 2025 tugadh 0.07% den GDP do na craoltóirí seirbhíse poiblí, le hais 0.14% ar an meán i dtíortha eile san Eoraip.
“Impímid ar Rialtas na hÉireann an comhaontú a rinne sé le RTÉ do na bliana 2025-2027 a sheasamh, agus maoiniú ilbhlianta a chur ar fáil do TG4. Seasann an EBU lena mbaill RTÉ agus TG4 agus chuirfeadh muid fáilte roimh an deis oibriú le húdaráis na hÉireann ar shamhail mhaoinithe a thiocfadh le caighdeán an EMFA (Acht Eorpach um Shaoirse na Meán),” a dúradh sa ráiteas.
Tarraingíodh aird in eagarfhocal a foilsíodh ar an suíomh Sport For Business ar na deacrachtaí a d’fheáfadh an cinneadh faoi mhaoiniú TG4 a chruthú do chraoladh an spóirt in Éirinn.
Dúradh gur “údar mór imní” é an cinneadh do lucht an spóirt in Éirinn mar go bhfuil an stáisiún “ar cheann de na craoltóirí spóirt is tábhachtaí sa tír”. Moladh ní hamháin an líon clár spóirt a chraoltóir ar TG4 ach an éagsúlacht spóirt a dtugtar ardán dóibh ar an gcainéal Gaeilge.
“Dúirt [TG4] ‘maith go leor’ san áit a ndéarfadh [craoltóirí] eile ‘ní chraolfaidh’. Tá sé seo tar éis spóirt, comórtais, agus aclaithe a chur os comhair an tsaoil nach bhfeicfí ar an teilifís [murach TG4]. “
Tagraíodh freisin don fhógra go gcraolfar Maratón Bhaile Átha Cliath ar TG4 den chéad uair riamh i mbliana agus maíodh go ndéanfaí “ócáid náisiúnta spóirt” den rás mar gheall ar chlúdach TG4.
Dar le Sport For Business gur chóir ardú maoinithe a thabhairt do TG4 sa chás go n-éireodh le héileamh RTÉ go dtabharfaí an €20 milliún a chaill siad ar ais don chraoltóir sin.
Fág freagra ar 'TG4 ag fanacht ar scéal faoi chruinniú le O’Donovan agus ‘impleachtaí’ Bhuiséad 2027 ‘á mheas’'