Ní dhearna duine as gach ceathrar a rinne an Ardteist i mbliana aon scrúdú Gaeilge.
Tá torthaí na hArdteiste á bhfoilsiú ar maidin agus de réir figiúirí atá curtha ar fáil ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit, ní bhfuair 25% de dhaltaí aon toradh don Ghaeilge i mbliana.
Is í seo an cúigiú bliain as a chéile go raibh an céatadán daltaí nach ndearna aon scrúdú Gaeilge os cionn 20. Ní dhearna 24% de dhaltaí a rinne an Ardteist anuraidh scrúdú Gaeilge.
70,411 dalta a rinne an Ardteist i mbliana, an líon is mó riamh a deir Coimisiún na Scrúduithe Stáit. 53,117 díobh sin a rinne scrúdú Gaeilge – 26,252 don Ardleibhéal, 24,599 don Ghnáthleibhéal agus 2,266 don Bhunleibhéal.
Fuair 92% de dhaltaí toradh don Mhatamaitic agus 91% de dhaltaí a fuair toradh sa Bhéarla i mbliana.
Fuair os cionn 11,000 níos mó daltaí toradh don Bhéarla nó don Mhatamaitic ná mar a fuair don Ghaeilge.
De ghnáth, bíonn díolúine faighte ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.
Thug an Roinn Oideachais córas nua díolúintí isteach in 2021 a mhaígh siad a chinnteodh gur rud “annamh agus eisceachtúil” a bheadh i ndíolúine ón nGaeilge feasta, ach tá ardú tagtha ar líon na ndíolúintí ó shin.
Deir an Roinn Oideachais go mbíonn cúiseanna éagsúla ag daoine nach mbíonn díolúine faighte acu gan scrúdú Gaeilge a dhéanamh san Ardteist.
I measc na gcúiseanna a luaitear, tá gan aon spéis a bheith ag daltaí áirithe an scrúdú a dhéanamh. Chomh maith leis sin, dúradh go gceapann daltaí áirithe nach mbeidh an Ghaeilge riachtanach ina gcuid staidéir tar éis na hArdteiste.
Ar na daoine sin, bíonn daltaí a théann ag staidéar thar lear.
Ní dhéanann daltaí eile scrúdú Gaeilge toisc iad a bheith ag déanamh na hArdteiste den dara huair nó toisc iad a bheith ina n-iarrthóirí seachtracha nach bhfuil Gaeilge á déanamh acu.
De réir thorthaí na hArdteiste, d’éirigh le 10% de dhaltaí an marc is airde a fháil i scrúdú ardleibhéil Gaeilge na bliana 2025.
4% de dhaltaí a fuair grád H1 sa Bhéarla agus 8% a fuair an grád sin sa Mhatamaitic.
D’éirigh le 30% díobh siúd a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana H1 nó H2 a fháil (marc 80% nó níos airde). 18% de dhaltaí a fuair an dá ghrád is airde sa Bhéarla agus 22% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Fuair 52% de dhaltaí a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge H1, H2 nó H3 (70% nó níos mó sa scrúdú), laghdú ó 57% anuraidh. Maidir leis an dá chroí-ábhar eile, 44% de dhaltaí a fuair na trí ghrád is airde sa Bhéarla agus 40% a bhí i gceist sa Mhatamaitic.
Den 26,252 dalta a rinne an scrúdú ardleibhéil Gaeilge i mbliana, d’éirigh le 74% acu grád H4 nó níos airde a bhaint amach. Grád H4 (marc 60% nó níos mó) a theastaíonn sa scrúdú ardleibhéil Gaeilge le cáiliú chun céim sa bhunmhúinteoireacht a dhéanamh.
Caoimhín Ó Tuathail
Táim cinnte nach gceadófaí eisceachtaí den leibhéal seo in aon tír eile san Eoraip do theanga dúchais na tíre sin.
BNM
Tá ceisteanna le freagairt faoi seo ag an Roinn Oideachais!!!