ÓMÓS: Tom a’ tSeoighe, file pobail agus cumadóir amhrán a d’inis ‘scéal na ndaoine’, ar shlí na fírinne

Tá an cumadóir aitheanta amhrán Tom a’ tSeoighe as Leitir Móir i gConamara ar shlí na fírinne

ÓMÓS: Tom a’ tSeoighe, file pobail agus cumadóir amhrán a d’inis ‘scéal na ndaoine’, ar shlí na fírinne

Tá an cumadóir aitheanta amhrán as Conamara, Tom a’ tSeoighe, tar éis bháis.

Bhí sé 96 bliain d’aois. Ba as an Sconsa i Leitir Móir i gCeantar na nOileán é Tom an tSeoighe ó dhúchas, ach chaith sé blianta fada ag obair sa Bhreatain chomh maith le tamall i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tá eolas maith ar a chuid amhrán i gConamara féin agus ar fud na Gaeltachta, amhráin inar chuir sé síos ar an iomaí rud a bhain le saol na Gaeltachta sa chéad seo caite – an imirce, an bhádóireacht, cairdeas, grá, agus an pholaitíocht.

Chumadh sé a chuid filíochta áit ar bith a mbíodh sé ag obair agus leath an cháil a bhí ar leithéidí ‘Deoraí Thír an Fhia’, ‘Londain Shasana’,  ‘Amhrán Leeds’ agus an tsraith amhrán faoin ‘méit’ – ‘Mé Féin is Mo Mhéit’, ‘Mo Mhéit ar Saoire’ agus ‘Slán a Mhéit’  – i measc amhráin go leor eile.

Téama na himirce ba mhinic a bhí ina chuid amhrán agus é ag tarraingt ar a thaithí phearsanta féin mar fhear óg a d’fhás aníos i gceantar iargúlta Gaeltachta na n-oileán agus a d’fhág an tír seo lena bheatha a shaothrú thar sáile agus gan é ach sé bliana déag. Ba iad na hamhránaithe Beartla Ó Domhnaill, Síle Denvir, agus go mór mór a sheanchara John Beag Ó Flaitheartha a thug beocht agus brí an cheoil do na dánta a chum Tom a’ tSeoighe agus a rinne amhráin bhreátha aitheanta díobh.

Labhair John Beag Ó Flaitheartha ar bhás a charad ar Nuacht TG4:

“Bhí amhráin Tom, bhí siad gar don talamh mar a déarfá, bhí siad ag caint faoi chasaoid na ndaoine agus faoi bhród na ndaoine agus ríméad na ndaoine, bhí báid ar ndóigh agus bhí polaitíocht agus bhí bóithre agus bhí casaoid agus bhí chuile chineál rud i gceist iontu.

“Bhíodar i nGaeilge ghlan an cheantair seo freisin agus bhí togha na filíochta iontu agus bhí siad simplí, bhí sé an-éasca iad a chasadh freisin, do mo leithéidse a raibh Gaeilge líofa agam ón gcliabhán mar a déarfá,” a dúirt John Beag Ó Flaithearta,

Dúirt nia an fhile, Ciarán Ó Fátharta, a bhfuil go leor amhrán dá chuid féin cumtha aige, gur chuir daoine “nár chas ar Tom a’ tSeoighe riamh” aithne ar an bhfile trína chuid amhrán agus go raibh “fíor-Ghaeilge” ag a uncail a bhí “éasca a thuiscint”.

‘File pobail’ ar an seandéanamh a thug an t-amhránaí agus an scoláire Síle Denvir – a chuir eagar ar a chuid amhrán i leabhar – ar Tom a’ tSeoighe agus dúirt gur scríobh sé “scéal na ndaoine, faoi na daoine, agus do na daoine” ina chuid filíochta.

“Scríobh Tom…mar a rinne na filí pobail i ndáiríre agus is file pobail a bhí [ann]. Sin é atá sna hamhráin, scéalta faoin áit, cuid acu an-ghreannmhar, cuid acu an-dáiríre, cuid acu an-bhrónach, agus go leor freisin faoin áit féin agus faoi áilleacht na háite – faoi Chonamara agus an tírdhreach anseo.

“Bhí sé éasca na hamhráin a leanacht agus tá saibhreas cainte iontach sna hamhráin ach ag an am céanna is féidir linn iad a thuiscint agus aithníonn muid muid féin sna hamhráin,” a dúirt Denvir.

D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht Tom a’ tSeoighe: Amhráin in 2020. Bhí leathchéad amhrán sa leabhar agus iad tras-scríofa ag na heagarthóirí Síle Denvir agus Ciarán Ó Fátharta. Tá cuid mhaith de na hamhráin a fhaightear san eagrán fós go mór i mbéal an phobail agus cloistear á gcasadh go coitianta iad ag amhránaithe Chonamara – leithéidí ‘Baile Aerach Leitir Móir’. Bhí amhráin nár taifeadadh riamh sa leabhar freisin. Tras-scríobhadh fonn an cheoil agus bhí dhá dhlúthdhiosca in éineacht leis an leabhar, chomh maith le léargas ar an saol a chaith an cumadóir féin.

Bhí an fhilíocht sa dúchas ag Tom a tSeoighe. File ab ea a sheanmháthair Máire Ní Mhiolláin agus a muintir as Inis Bearachain, agus a uncail Pádraicín Tom Seoighe. Bhí aon duine dhéag clainne ag a mhuintir agus an fhilíocht agus an amhránaíocht ar an teallach aige óna athair Máirtín Tom Seoighe as Inis Bearachain agus óna mháthair Máire Bhabaí Nic Dhonnacha as Leitir Calaidh. Teach airneáin agus amhránaíochta a bhí i dteach na Seoigheach sa Sconsa agus ceoltóirí agus amhránaithe go leor ag tarraingt air.

Ba i Londain a phós Tom agus ba ann a rugadh an mac is sine aige féin agus a bhean Neil Sheáin Taimín as Cladhnach ar an gCeathrú Rua. Tháinig siad abhaile lena gclann a thógáil ar an nádúr i gConamara.  Is iomaí sciuird a thug Tom anonn go Londain, Leeds agus Huddersfield lena áilín i gCladhnach a thógáil.

Rinne Údarás na Gaeltachta comhbhrón le clann agus le muintir Tom a’ tSeoighe ar bhás an chumadóra agus dúirt nach raibh sárú a chuid amhrán le fáil:

“Is beag duine sa Ghaeltacht, nó taobh amuigh di, nár chuala amhrán de chuid Tom uair éigin, bíodh sé ag seisiún, ag bainis, nó ar an raidió. D’fhág sé Leitir Móir ina stócach óg seacht mbliana déag d’aois agus thug sé aghaidh ar Shasana.

“Is ansin a tháinig bláth ar a chuid cumadóireachta. Chuir sé saol an imircigh i bhfocail: an chumha, an obair chrua agus an t-uaigneas. Ach bhí féith an ghrinn i gcónaí iontu, agus ní raibh a sárú le fáil.”

Dúradh i ráiteas Údarás na Gaeltachta go bhfágann sé “oidhreacht shaibhir ina dhiaidh”, amhráin “a bheidh á casadh ag óg agus aosta go ceann i bhfad”.

Maireann a chlann Seán, Mary agus Eileen, a gharchlann agus clann a gharchlainne chomh maith lena dheirfiúr Peige agus gaolta eile. Imithe roimhe tá a bheirt tuismitheoirí Máirtín Tom Seoighe agus Máire Bhobbie, a bhean ionúin Nell Sheáin Taimín, a thriúr mac Tommy, Máirtín, agus Pádraig, a iníon Kathleen, agus a dheartháireacha agus deirfiúracha Coilmín, Johnny, Máirtín, Willie, Máire, Nan, Bríd, Baba agus Kate.

Inniu a bhí Aifreann a shochraide  i Séipéal Mhic Dara ar an gCeathrú Rua agus cuirfear i gcré na cille a chorp i Reilig Chladhnach ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'ÓMÓS: Tom a’ tSeoighe, file pobail agus cumadóir amhrán a d’inis ‘scéal na ndaoine’, ar shlí na fírinne'