Tá sé admhaithe ag aire stáit gur “triail, de chineál” [something of an experiment] é plean an rialtais go bhféadfaí daoine gan Gaeilge a chur ar chomhairle lucht féachana TG4. Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cumarsáide Charlie McConalogue, áfach, ach nach bhfuil sé ceart go mbeadh bac ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu tionchar a bheith acu ar obair an stáisiúin.
Glacadh i ndiaidh vóta sa Dáil leis an leasú conspóideach atá molta ag an rialtas ar an Acht Craolacháin a d’fhágfadh go mbeadh cead cúigear nach bhfuil aon Ghaeilge acu a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.
Tá sé ráite ag TG4 féin gur chóir go mbeadh Gaeilge ag gach ball den chomhairle agus tá cáineadh láidir déanta ag polaiteoirí ón bhfreasúra ar an leasú. Ach bhrúigh an rialtas ar aghaidh leis an bplean sa Dáil aréir.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Cumarsáide Charlie McConalogue, a bhí ag seasamh isteach in áit an Aire Patrick O’Donovan, gur thuig sé cén fáth go mbeadh daoine i gcoinne an athraithe ach nár cheap sé go raibh sé cuí go mbeadh bac reachtúil roimh daoine gan Gaeilge a bheith ar an gcomhairle.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan an mhí seo caite go raibh “leithcheal” i gceist le cainteoirí Gaeilge amháin a bheith ar chomhairle lucht féachana TG4.
Agus é ag labhairt sa Dáil tráthnóna inné, dúirt an tAire Stáit Charlie McConalogue gur thuig sé go bhféadfadh an t-athrú deacrachtaí a chruthú do TG4 maidir le seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin a chur ar fáil ag cruinnithe den chomharle, ach mhol sé gur chóir dul ar aghaidh leis an leasú.
“Aithním na deacrachtaí praiticiúla agus eile atá luaite ag na Teachtaí agus aithním gur ag baint triail as, de chineál, atá sa mhéid atá molta. Oibreoidh an Roinn agus Coimisiún na Meán le TG4 chun dul i ngleic le haon cheann de na deacrachtaí seo má thagann siad chun cinn,” a dúirt an tAire Stáit McConalogue.
Thagair McConalogue do cheapachán Joe McHugh, nach raibh aon Ghaeilge aige, ina aire stáit don Ghaeltacht in 2014. Dúirt McConalogue go ndearnadh go leor cáineadh ar an gcinneadh ag an am ach gur eiseamláir a bhí i McHugh de dhuine a d’fhoghlaim an teanga.
Dúirt an Teachta Dála Sinéad Gibney ó na Daonlathaithe Sóisialta go raibh an leasú a mhol an rialtas “scannalach amach is amach” agus go raibh “dímheas” á léiriú do phobal na Gaeilge.
“Níl TG4 ag iarraidh seo, níl pobal labhartha na Gaeilge ag iarraidh seo agus is bocht an scéal é go bhfuil muid ag dul ar gcúl [maidir le cosaint a thabhairt don teanga]”.
Dúirt an Teachta Dála Shónagh Ní Raghallaigh ó Shinn Féin go raibh tuiscint ann i gcónaí gurb é príomhról TG4 ná freastal ar lucht féachana na Gaeilge.
“Cén fáth mar sin atá an tAire ag iarraidh comhairle lucht féachana TG4 a Bhéarlú,” a d’fhiafraigh sí.
Luaigh Ní Raghallaigh an costas breise a bheadh ar TG4 maidir le seirbhís ateangaireachta agus aistriúcháin a chur ar fáil do dhaoine gan Gaeilge. Dúirt sí nár tugahdh aon mhaoiniú breise do TG4 i mBuiséad 2027, a fógraíodh an tseachtain seo caite.
Dhiúltaigh an rialtas do leasuithe eile ó Shinn Féin agus na Daonlathaithe Sóisialta a chinnteodh go mbeadh daoine le Gaeilge ar bhord agus ar chomhairle lucht féachana RTÉ.
Ritheadh an Bille Craolacháin (Leasú), 2026 sa Dáil aréir agus rachaidh sé ar aghaidh anois go dtí an Seanad.
Lillis Ó Laoire
Níl iomrá ar bith ar an leithcheal a dhéantar achan lá ar chainteoirí Gaeilge.
Pól
Caithfidh muid troid a dhéanamh agus stáisiún teilifíse Gaeilge a chur ar bun sa tír seo. Teastaíonn teilifís Ghaeilge go mór uainn agus fágaimis TG4 an bhéarla i seilbh na mbéarlóirí.
Máire
Aontaím go huile agus go hiomlán le Pól. Tá dearmad déanta ag TG4 ar na cainteoirí dúchais le blianta fada. Níl uathu ach na Béarlóirí agus droch-chainteoirí Gaeilge.
K Ni C
An bhfuil gá ann na fógraí a chur amach dátheangach? Ma táim I gceart, ba chóir do sheirbhísí poiblí cur a bhfógraí amach i nGaeilge no I mBéarla agus i nGaeilge…
Leithcheal
Na Gaill at it arís. Caithfimid dul ar ais go laethanta Teilifís na Gaeltachta… ach faraor, tá coilíniú á dhéanamh ar na Gaeltachtaí chomh maith. Ní bheidh a spás féin ag Gaeil in aon áit sa tír seo má leanann rudaí ar aghaidh mar atá.