Deir an Coimisinéir Teanga nach gcuirfeadh an reachtaíocht teanga aon bhac ar athainmniú ná ar ‘dhí-ainmniú’ Pháirc Herzog i Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath, mar atá ráite ag an Roinn Rialtais Áitiúil.
Tuairiscíodh le déanaí gur thug an Roinn Rialtais Áitiúil le fios nach bhféadfaí an pháirc a ainmníodh as iar-uachtarán Iosrael, Chaim Herzog a athainmniú mar gheall ar “easaontas” idir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus achtanna rialtais áitiúil.
Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios do Tuairisc, áfach, nach bhfuil bunús le maíomh na Roinne agus nach gcuirfeadh Acht na dTeangacha Oifigiúla, ná aon reachtaíocht teanga eile, bac ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ainm na páirce a athrú.
“Ní heol d’Oifig an Choimisinéara Teanga aon easaontas a bheith ann idir í agus údarás áitiúil nó idir an reachtaíocht teanga agus reachtaíocht rialtais áitiúla maidir le ceist athainmnithe Pháirc Herzog sa Ráth Garbh i mBaile Átha Cliath.
“Is faoin údarás áitiúil atá sé cinneadh a ghlacadh maidir le hathainmniú na páirce más fonn leis é sin a dhéanamh. Dá mbeadh an pháirc á hathainmniú, áfach, níor mhór don údarás áitiúil a chinntiú go mbeadh pé comharthaíocht a bhainfeadh leis an athainmniú – plaic chuimhneacháin ina measc – a bheadh suite aige nó thar a cheann, i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla,” a dúirt urlabhraí de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga.
Tharraing ceist an athainmnithe achrann agus aird idirnáisiúnta nuair a moladh ar dtús go n-athrófaí ainm Pháirc Herzog i bhfianaise an chinedhíothaithe sa Phalaistín. Ainmníodh an pháirc as Chaim Herzog, a rugadh in Éirinn, agus a bhí ina uachtarán ar Iosrael ó 1983 go 1993. Rugadh Herzog i mBéal Feirste agus chaith sé a óige i mBaile Átha Cliath mar a raibh a athair ina Ard-Raibí in Éirinn. Is é mac Herzog, Yitzhak, atá ina uachtarán ar Iosrael faoi láthair.
Mhol fochoiste de chuid na Comhairle Cathrach go mbainfí sloinne Herzog den pháirc ach níor tharla an t-athrú sa deireadh. Thionscain grúpa comhairleoirí cathrach athbhreithniú breithiúnach agus iad ag lorg ordú cúirte faoina gcuirfí iachall ar an Roinn Rialtais Áitiúil rialacháin a thabhairt isteach. Tá an t-athbhreithniú sin fós ar siúl.
Thug Oifig an Choimisinéara Teanga le fios, áfach, nach bhfuil aon ghá le rialacháin nua ná le reachtaíocht nua le hainm na páirce a athrú. Bheadh coinníoll ann sa chás go mbeadh Ordú Logainmneacha i bhfeidhm a leagfadh dualgas ar an gComhairle Cathrach an logainm oifigiúil san ordú a úsáid.
“I gcás go bhfuil Ordú Logainmneacha i bhfeidhm, tá dualgas ar chomhlacht poiblí faoi na rialacháin atá déanta faoi [Acht na dTeangacha Oifigiúla] an leagan oifigiúil den logainm a shonraítear san Ordú sin a úsáid, tar éis dátaí áirithe,” a dúirt urlabhraí de chuid na hoifige.
Is é an dáta atá i gceist do chomharthaíocht nua – amhail leac chuimhneacháin nó leac sráidainm – ná 1 Márta 2009. Fágann sé sin nach gá an leac aonteangach chuimhneacháin a cuireadh in airde do Chaim Herzog sa pháirc i 1995 a bhaint anuas faoi Acht na dTeangacha, ach go gcaithfeadh aon leac nua a chrochfaí ann a bheith i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.
Fág freagra ar 'BAILE ÁTHA CLIATH: Ní chuirfeadh an dlí teanga bac ar athainmniú Pháirc Herzog i mBaile Átha Cliath – An Coimisinéir Teanga'