Breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae inniu

Tá an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile faoi mhargadh nua pá d'oibrithe na seirbhíse poiblí

Breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae inniu

Tá pobal na tíre ar fad á réiteach féin do stailc mhór inniu agus an chuma air go gcuirfidh an stailc isteach ar scoileanna, ospidéil agus seirbhísí poiblí na tíre.

Ag an nóiméad deiridh inné d’iarr an Rialtas na ceardchumainn chun cainte, cuireadh a d’eitigh ceannairí na gceardchumann.

Beidh breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae inniu siocair an mhoill ar chomhaontú nua pá a aontú leo, stailc a fhágfaidh múinteoirí, altraí, dochtúirí, státseirbhísigh agus oibrithe poiblí eile as láthair óna gcuid dualgas amárach.

Is í seo an chéad stailc náisiúnta san earnáil phoiblí ó bhí an ghéarchéim airgeadais againn sa tír seo, agus faoi láthair tá an rialtas agus na ceardchumainn in adharca a chéile faoi mhargadh nua pá d’oibrithe na seirbhíse poiblí.

Tháinig an margadh deiridh pá chun deiridh i mí an Mheithimh agus éilíonn na ceardchumainn go gcaithfidh aon idirbheartaíocht faoin gcéad mhargadh eile tús áite a thabhairt do chúrsaí pá agus an costas maireachtála.

I ráiteas an Rialtais inné dúradh “go bhféadfaí agus gur chóir cúrsaí pá a phlé mar thosaíocht i dteannta cúrsaí eile in aon chainteanna faoi phá”.

Sa ráiteas céanna iarradh arís ar cheardchumainn dul i mbun cainteanna sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre.

Ó tharla ceithre cheardchumann an lucht teagaisc, INTO, ASTI, TUI agus IFUT, páirteach sa stailc seo, beidh formhór scoileanna, coláistí agus ollscoileanna dúnta an lá ar fad.

Beidh cúntóirí riachtanas speisialta atá i gceardchumann Fórsa ar stailc chomh maith.

Tá foláireamh tugtha ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte “go gcuirfear isteach go mór agus forleathan” ar go leor dá cuid seirbhísí agus na mílte coinne leighis á gcur ar ceal de bharr na stailce.

Beidh gach seirbhís sláinte nach bhfuil práinneach curtha ar ceal.

Den chéad uair riamh beidh Cumann Fiaclóireachta na hÉireann páirteach sa stailc.

Ní bheidh an chuid is mó de na cúirteanna ina suí agus beidh láithreacha oidhreachta agus páirceanna náisiúnta dúnta, seachas Páirc an Fhionnuisce.

Tá na seisiúin Dála agus Seanaid ar fad curtha ar fionraí chomh maith le cruinnithe na gcoistí Oireachtais.

Bhí sé á áitiú ag an Taoiseach Micheál Martin gur cheart foireann an Oireachtais a fhágáil amach as an stailc.

Síltear gur beag leabharlann phoiblí a bheidh ar oscailt agus beidh srianta go leor ar sheirbhísí na n-údarás áitiúil.

Státseirbhísigh a oibríonn i ranna Rialtais agus i bhforais stáit, beidh siadsan freisin ar stailc.

Tá sé fógartha ag Fórsa go mbeidh 90,000 dá chuid ball páirteach sa stailc agus deir Siptu go mbeidh 70,000 dá chuid ball féin ar stailc.

Tá lá eile stailce ar na bacáin don Chéadaoin seo chugainn, an 21 Deireadh Fómhair. Dúirt Ard-Rúnaí Fórsa, Kevin Callinan go raibh roghanna á scrúdú acu i dtaobh gníomhaíochtaí tionsclaíocha amach go “mí na Samhna”. Thug sé foláireamh freisin faoi “go leor gníomhaíochtaí tionsclaíocha i rith an gheimhridh”.

Cháin an tAire Caiteachais Phoiblí, Jack Chambers an stailc ag rá go raibh sí “éagórach ar an bpobal”.

Dúirt Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann, Phil Ní Sheaghdha, gur in olcas a ghabhfas gníomhaíochtaí tionsclaíocha mura dtugtar faoi “chainteanna réadúla”.

Dúirt sí go raibh “deacrachtaí an-tromchúiseach ag luí ar gach uile sheirbhíseach poiblí” agus “nár athraigh moladh an Rialtais aon chuid de sin”.

“Níl muidne ag iarraidh go rachaidh cúrsaí in olcas. An rud atá uainn dáiríre ná plé, ach ag an nóiméad seo tá an bhéim ar an aighneas seo a ghéarú mura bhfaighimid an freagra a chreideann ár mbaill ba chóir dúinn a fháil,” a deir Ní Sheaghdha.

Fág freagra ar 'Breis is 300,000 oibrí sa tseirbhís phoiblí ar stailc aon lae inniu'