Diúltaithe sa gCúirt Achomhairc d’achomharc Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh pharáid Dhroim Crí

Dé hAoine seo caite chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant cosc ar an bparáid, cinneadh a bhfuil a dhúshlán á thabhairt ag an Ord Oráisteach

Diúltaithe sa gCúirt Achomhairc d’achomharc Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh pharáid Dhroim Crí

Tá diúltaithe ag an gCúirt Achomhairc i mBéal Feirste d’achomharc a rinne Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh chinneadh Choimisiún na bParáidí cead a thabhairt don Ord Oráisteach máirseáil síos an bóthar.

Rialaigh an Breitheamh go raibh cinneadh an Choimisiúin dleathach.

Dé hAoine seo caite chuir Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant cosc ar an bparáid, cinneadh a bhfuil a dhúshlán á thabhairt ag an Ord Oráisteach san Ard-Chúirt. Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg ag an Ord Oráisteach i bPort an Dúnáin faoin gcinneadh stop a chur leis an bparáid. Cuireadh siar an cás san Ard-Chúirt inniu go dtí Dé Luain seo chugainn.

Tá an tOrd Oráisteach ag cur lena gcás chun go scrúdófaí chomh maith an ról a bhí ag Príomhchonstábla an PSNI i gcinneadh Bryant.

Maíonn Ord Oráisteach Phort an Dúnáin gur tugadh cead go dleathach dá bparáid ach gur chuir iompar mídhleathach an cead sin ó mhaith.

Bhí conspóid mhór ann ar feadh coicíse nuair a bhailigh na mílte ar an mbóthar conspóideach i bPort an Dúnáin mar agóid in aghaidh chinneadh Choimisiún na bParáidí.

Sa deireadh, d’iarr Príomh-Chonstábla an PSNI Jon Boutcher ar an Rúnaí Stáit athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh toisc go mbeadh baol mór achrainn ann sa chás go dtarlódh an pharáid, den chéad uair ó 1998.

Chinn an Státrúnaí nach ar leas an phobail a bheadh seo dá rachadh an pharáid ar aghaidh.

Go moch ar maidin an 27 Meán Fómhair, thug grúpa fear faoi mháirseáil ó Shéipéal Dhroim Crí síos Bóthar Gharbhachaidh, ceantar láidir náisiúnach i bPort an Dúnáin.

Cúigear ón Ord Oráisteach a shiúil i dtreo líne na bpóilíní in aice le Séipéal Dhroim Crí mar ar dhúirt oifigeach póilíní leo nach raibh cead acu leanacht lena siúlóid.

Chinn ar an Ord Oráisteach gan a bparáid, a bhí ceadaithe ag an gcúirt, a thionól ó shin mar go raibh slua léirsitheoirí bailithe chun an pharáid a chosc.

Fág freagra ar 'Diúltaithe sa gCúirt Achomhairc d’achomharc Áitritheoirí Bhóthar Gharbhachaidh in aghaidh pharáid Dhroim Crí'