‘Soiléiriú’ ag teastáil ó Bhus Éireann agus an NTA faoi sheirbhísí nua an 424 i nGaillimh

Dúirt Mairéad Farrell TD go bhfuil an t-eolas faoi na seirbhísí nua bus ar bhealach an 424 ag teacht ‘ina ngiotaí beaga’ ó Bhus Éireann agus an NTA

‘Soiléiriú’ ag teastáil ó Bhus Éireann agus an NTA faoi sheirbhísí nua an 424 i nGaillimh

Tá sé ráite ag an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Mairéad Farrell go gcaithfidh Bus Éireann agus an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) “soiléiriú” a thabhairt faoin tseirbhís bus 424 i nGaeltacht Chonamara.

Dúirt sí go gcaithfeadh an NTA “cinneadh láithreach” a dhéanamh faoi mholadh a chuir Bus Éireann faoina mbráid go gcuirfí le líon na seirbhísí a bhíonn ar bhealach 424, go háirithe ó Bhearna go cathair na Gaillimhe mar a mbíonn an bus plódaithe go minic.

“Tá an t-éileamh ó na daoine a úsáideann an 424 soiléir le fada an lá. Tá níos mó spáis agus níos mó busanna ag teastáil. Tá sé in am don tsoiléireacht chéanna ón NTA. Tá an t-eolas faoi [an tseirbhís] ag teacht amach i ngiotaí beaga. Teastaíonn cinneadh láithreach ar an moladh ó Bhus Éireann.

“Tá soiléiriú ag teastáil freisin ar cé mhéad bus ardlíon paisinéirí a chuirfear ar bhealach 424 agus cén uair a dhéanfar é sin. Tá mé ag cur brú ar an NTA faoi seo agus teastaíonn freagra cuimsitheach,” a dúirt Farrell, atá ina Teachta Dála do Shinn Féin.

Athraíodh amchlár bhealach 424 cúpla seachtain ó shin agus cuireadh dhá sheirbhís bhreise sa lá chaon bhealach – isteach agus amach as cathair na Gaillimhe – leis an tseirbhís. Dúirt Farrell, áfach, nár leor an méid sin ó tharla nach bhfágfadh an bus breise ar maidin comaitéirí sa chathair roimh a 9 a chlog ar maidin.

Fógraíodh an tseachtain seo go gcuirfear seirbhís eile ar leith ar fáil do Bhearna. Beidh dhá bhus ann ar maidin a thosóidh i mBearna agus a chríochnóidh i nGaillimh agus dhá bhus ann sa tráthnóna a fhágfaidh Gaillimh agus nach ngabhfaidh níos faide siar ná Bearna.

Is le fada an lá atá an pobal sa leath thoir de Chois Fharraige agus i mBearna agus Cnoc na Cathrach ag gearán go mbíonn bus an 424 lán go béal faoin am a thagann sí aniar as Conamara agus an leath thiar de Chois Fharraige. Maíonn comaitéirí sna Forbacha, Bearna agus Cnoc na Cathrach gur minic a fhágtar ar thaobh an bhóthair iad ceal spáis ar an mbus.

Casfaidh an bus nua ó thuaidh ag bóthar Throscaigh Thiar ag ceann thiar an tsráidbhaile, soir arís ag barr an bhaile, agus aduaidh i dtreo Óstán an Twelve sula dtabharfaidh sí aghaidh arís ar chathair na Gaillimhe.

Tugadh le fios freisin go bhfuil sé i gceist ag Bus Éireann busanna a mbeidh níos mó suíochán orthu a chur ar bhealach an 424 agus go mbeifear in ann 50% níos mó paisinéirí a iompar.

“Ciallaíonn an t-ardú ar líon na suíochán go mbeidh níos mó daoine in ann na seirbhísí a úsáid nuair a theastaíonn siad uathu, agus is lú seans go bhfágfar paisinéirí ar thaobh an bhóthair mar gheall ar bhusanna lána.

“Cé go mbeidh tuilleadh feabhsúcháin ag teastáil de réir mar a fhásfaidh an sráidbhaile, is céim chun cinn shuntasach an fógra seo [ó Bhus Éireann/NTA],” a dúirt an Teachta Dála d’Fhianna Fáil John Connolly.

Tá feachtas fós ar siúl ag muintir Bhearna scáth bus a fháil don bhaile le paisinéirí a chosaint ón aimsir agus iad ag fanacht ar an mbus ann.

Cuireadh tús i mí Lúnasa le seirbhís phríobháideach oíche ó chathair na Gaillimhe siar. Tá an comhlacht Mac Donncha’s Coaches ag soláthar seirbhíse a dtugann siad ‘424N’ uirthi ar an Satharn, a fhágann Leitir Mealláin i gCeantar na nOileán ag 8pm agus a fhilleann ó lár chathair na Gaillimhe ag 2:30am.

Fág freagra ar '‘Soiléiriú’ ag teastáil ó Bhus Éireann agus an NTA faoi sheirbhísí nua an 424 i nGaillimh'