Tá aistriúchán go Sean-Ghaeilge den leabhar clasaiceach do pháistí Le Petit Prince á réiteach ag comhlacht foilsitheoireachta sa Ghearmáin. Is iad Edition Tintenfaß, atá lonnaithe in Neckarsteinach na Gearmáine, a fhoilseoidh Rígdomnae Bec (rídhamhna beag).
Níl aon dáta foilsithe luaite leis an eagrán Sean-Ghaeilge den leabhar aitheanta, a foilsíodh den chéad uair i 1943. Foilsíodh dhá eagrán i nGaeilge na linne seo le tamall de bhlianta anuas – leagan a d’aistrigh Breandán Ó Doibhlin agus a d’fhoilsigh Lagan Press, agus leagan a d’aistrigh Eoghan Mac Giolla Bhríghde agus a d’fhoilsigh Éabhlóid. Tá eagrán Éabhlóid níos Ultaí mar aistriúchán.
Dúirt an tOllamh David Stifter ó Ollscoil Mhá Nuad, ar na meáin shóisialta go bhfuil a chomhghleacaí – agus iarmhac léinn dá chuid – Francesco Felici i mbun an aistriúcháin ach go mbeidh tamall fada ann sula mbeidh n t-eagrán Sean-Ghaeilge ar fáil.
Mhaígh an tOllamh Stifter, áfach, go bhfuiltear ag súil le haistriúchán eile go Sean-Ghaeilge atá déanta ag Felici i bhfad níos túisce ná sin – Eachtrae Phetair Coinín (Eachtraí Pheadar Coinín) nó The Tale of Peter Rabbit le Beatrix Potter.
“Is téacs é Peter Rabbit atá i bhfad níos giorra ná Le Petit Prince, ach mar sin féin thóg sé tamall sách fada agus go leor oibre lena dhéanamh. Sin an fáth a bhfuil mé ag iarraidh rabhadh a thabhairt do dhaoine gan a bheith ag súil le Rígdomnae Bec go luath,” a dúirt sé.
Is comhlacht neamhspleách foilsitheoireachta é Edition Tintenfaß a bunaíodh in 2001 agus a chuireann an éagsúlacht teanga agus canúna go mór chun cinn. Deir an comhlacht go bhfuil siad “tiomanta mionteangacha, teangacha atá i mbaol, agus teangacha bundúchais a aithint, a neartú, agus a chaomhnú”.
Tá os cionn 500 leabhar curtha i gcló acu i mbreis agus 450 teanga agus canúint – idir bheo agus mharbh. Tá eagráin aonteangacha, dhátheangacha, agus ilteangacha curtha amach acu agus tá leaganacha dá leabhair ar fáil i dteangacha agus in aibítrí cumtha, amhail Aurebesh (aibítir Star Wars), iairiglifí agus Esperanto. Foilsíonn Edition Tintenfaß idir 300 agus 500 cóip dá leabhair, go hiondúil, agus bíonn cuid acu ar fáil mar ríomhleabhar nó mar leabhar ar dhlúthdhioscaí freisin.
Níl aon leabhar i nGaeilge, sean ná nua, foilsithe ag an gcomhlacht go dtí seo, cé go bhfuil roinnt leabhar i dteangacha Ceilteacha eile ar fáil uathu. Tá leagan dátheangach Coirnis-Béarla acu de Peter Rabbit (Hwedhel Peder Konin); agus leaganacha dátheangacha Manainnis-Béarla de The Tale of Tom Kitten (Skeeal Phishin Thobm), The Tale of Jemima Puddle-Duck (Skeeal Yemima Hunnag-Dub ) agus The Tale of Peter Rabbit (Yn Skeaal je Peddyr Coinning);
Tá cúpla eagrán Ceilteach de Le Petit Prince ar fáil uathu freisin: leagan dátheangach Breatnais-Fraincis; leagan Gàidhlig; leagan Breatnaise; agus leagan Manainnise.
Fág freagra ar 'Aistriúchán Sean-Ghaeilge de ‘Le Petit Prince’ á réiteach ag comhlacht foilsitheoireachta sa Ghearmáin'