Tá an chruthaitheacht ionainn go léir

Samhlaímid an chruthaitheacht leis an ealaíontóir, an scríbhneoir nó an ceoltóir ach tá sí ionainn go léir, ach an doras a oscailt roimpi a scríobhann ár gcolúnaí

Tá an chruthaitheacht ionainn go léir

Tá rud éigin speisialta faoi Ghaillimh sa samhradh.

B’fhéidir gurb é an solas é. B’fhéidir gurb iad na daoine ar na sráideanna, na healaíontóirí agus an fuinneamh a bhíonn le mothú timpeall na cathrach. Nó b’fhéidir nach bhfuil ann ach Gaillimh féin, cathair atá beagán craiceáilte, beagán fiáin agus lán le cruthaitheacht.

Le linn an tsamhraidh seo, bhí an t-ádh orm freastal ar go leor imeachtaí agus taitneamh a bhaint as Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe. Bhí rud éigin speisialta faoin atmaisféar sa chathair. Bhí daoine ag teacht agus ag imeacht, smaointe nua á roinnt agus an chruthaitheacht le feiceáil timpeall orm.

Agus, le fírinne, mhothaigh mé féin níos cruthaithí dá bharr.

Thosaigh smaointe ag teacht chugam. Bhí mé níos fiosraí agus bhí fonn orm rudaí nua a thriail, scríobh, bogadh, bualadh le daoine agus, thar aon rud eile, beagán níos mó spraoi a bheith agam.

Ní minic a smaoinímid ar an gcruthaitheacht mar rud a bhaineann linn go léir. Samhlaímid an t-ealaíontóir, an scríbhneoir nó an ceoltóir. Ach tá an chruthaitheacht ionainn go léir. Tá sí sa chaoi a réitímid fadhb, sa bhéile a dhéanaimid as pé rud atá fágtha sa chuisneoir, sa ghairdín a chuirimid nó sa scéal a insímid.

Agus teastaíonn spás ón gcruthaitheacht.

Táimid gnóthach. Bíonn liostaí le déanamh againn, ríomhphoist le freagairt agus teachtaireachtaí le seoladh. Cén uair a stopaimid? Cén uair a mbíonn muid ag déanamh tada?

Tá nós beag agam féin ag tús gach bliana, déanaim cinneadh níos mó datha a chaitheamh. Agus is breá liom an dath oráiste, dar liomsa, is dath cruthaitheach é. Tá teas, fuinneamh agus beagán spraoi ann. Nuair a chuirim orm é, mothaím rud beag difriúil.

B’fhéidir go bhfuil sé sin beagáinín amaideach. Ach cén fáth nach mbeadh muid beagáinín amaideach anois is arís?

Ní gá go mbeadh gach rud sa saol tromchúiseach. Uaireanta is féidir le rud beag do mheon a athrú.

Dath geal a chaitheamh.
Éisteacht le hamhrán nua.
Dul ar shiúlóid ar chosán eile.
Rang nua a dhéanamh.
Nó dul ag damhsa sa chistin.

Mar sin, seo chugat, a léitheoir.

Cén chaoi a bhfuil tú?

An bhfuil tú lán le fuinneamh agus smaointe faoi láthair?

Nó an bhfuil tú beagáinín tromchroíoch?

Má tá tú ag mothú beagáinín gruama, b’fhéidir nach gá duit aon rud mór a dhéanamh. B’fhéidir nach bhfuil uait ach rud éigin atá beagáinín difriúil ó do ghnáthshaol a thriail.

Cuir ort dath nach gcaitheann tú de ghnáth.

Téigh áit éigin nua.

Déan rud éigin nach gceapann tú a bhfuil tú go maith aige.

Agus ná bí buartha faoi céard a cheapfaidh daoine eile. Ní gá duit a bheith go maith aige. Ní gá é a thaispeáint do dhuine ar bith. Déan é ar mhaithe leis an mothúchán a aireoidh tú.

Sin an méid a thug mé liom ón samhradh seo i nGaillimh.

D’oscail an fhéile, na daoine, na healaíontóirí agus fuinneamh na cathrach rud éigin ionam féin. Chuir sé i gcuimhne dom nach gá dúinn fanacht le cead a fháil ó aon duine eile le bheith cruthaitheach inár saol laethúil féin. Uaireanta, ní gá dúinn ach an doras a oscailt.

Céard atá amach romhainn?

B’fhéidir nach bhfuil a fhios againn fós ach in áit a bheith ag déanamh imní faoi sin b’fhéidir gur san éiginnteacht sin atá an spraoi a bhaineann leis an saol. Tá an fómhar ag teacht inár dtreo. B’fhéidir gur tráth maith é anois chun rud beag nua a thabhairt isteach inár saol.

Dath nua.
Smaoineamh nua.

Agus má bhíonn amhras ort…

Caith ort éadaí i ndathanna geala – céard faoi dhath oráiste?

Cén dochar a dhéanfadh sé?

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Tá an chruthaitheacht ionainn go léir'