Easpag Ráth Bhoth ‘iontach sásta’ leis an obair dheartha ar shéipéal nua Ghaoth Dobhair

Thug an tEaspag Niall Coll cuairt ar pharóiste Ghaoth Dobhair le déanaí agus labhair leis na hailtirí atá ag dearadh an tséipéil nua

Easpag Ráth Bhoth ‘iontach sásta’ leis an obair dheartha ar shéipéal nua Ghaoth Dobhair

Tá Easpag Ráth Bhoth, an Dochtúir Niall Coll Ró-Oirmhinneach, “iontach sásta” leis an obair dheartha atá déanta don séipéal nua atá le tógáil i nGaoth Dobhair. Loisceadh Teach Pobail Mhuire Domhnach Cásca 2025 agus tá obair ar bun ó shin le foirgneamh nua a thógáil ar an láthair.

Thug an tEaspag Niall cuairt ar pharóiste Ghaoth Dobhair an tseachtain seo caite agus chas sé le sagairt an pharóiste, baill Mheitheal Mhuire (grúpa atá ag plé le hatógáil an tséipéil), agus leis an ailtire, Karl Pendersen, agus an suirbhéir cainníochta, Eugene Coyle.

Dúirt an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair, go bhfuil sé féin agus na sagairt eile sa pharóiste, an tEaspag Niall, agus Meitheal Mhuire “iontach sásta” leis an obair dheartha atá déanta go dtí seo.

Chuir Karl Pendersen an dréachtdearadh is deireanaí den phlean don teach pobail nua i láthair Mheitheal Mhuire, an easpaig, agus na sagart ag cruinniú a reáchtáladh Déardaoin seo caite. Rinneadh “mionphlé” ar an dearadh ag an gcruinniú agus ar na costais a bhainfeadh leis.

“Tháinig go leor moltaí agus mianta den scoth chun cinn maidir le Teacht Pobail úr na paróiste le linn an phróisis fhairsing comhairliúcháin a reáchtáladh leis an phobal.

“Ar ndóigh, bheadh costais agus maoiniú breise i gceist dá gcuirfí cuid de na moltaí sin i bhfeidhm, agus mar sin tá muid ag machnamh go cúramach ar caidé a thig linn a chur san áireamh sa dearadh deiridh ar bhealach réasúnta agus freagrach,” a dúirt an tAthair Brian i nuachtlitir an pharóiste.

Dúirt sé gurb é an dúshlán atá roimh lucht riartha an togra anois ná “an dearadh ceart a aimsiú a fhreastalaíonn ar riachtanais phobal na paróiste” agus go bhfanfaidh an togra “inmharthana agus freagrach ó thaobh cúrsaí airgeadais de”.

“Leanfar anois leis an obair chun an dearadh a bheachtú agus le scrúdú a dhéanamh ar na costais a bhaineann leis. Nuair a bheidh an obair sin ag an chéim chuí, cuirfear an dearadh atá beartaithe faoi bhráid an Easpaig Niall agus Foireann Fhoirngíochta na Deoise go foirmiúil lena mbreithniú agus lena gceadú.

“Ina dhiaidh sin, tá súil againn a bheith ábalta an dearadh, na líníochtaí agus múnla de Theach Pobail Mhuire a chur i láthair an phobail sna seachtainí amach romhainn, sula rachfar ar aghaidh leis an chéim a bhaineann le cead pleanála,” a dúirt an tAthair Brian.

Ghabh sé buíochas le “achan duine a leanann de bheith ag cur leis an obair thábhachtach” leis an séipéal a atógáil, agus dúirt go raibh sé “fíorbhuíoch” as an toradh “an-dearfach” a bhí ar an éileamh árachais a rinneadh leis an gcomhlacht Allianz, a thug “bonn láidir” le dul ar aghaidh leis an obair atógála.

Le linn a chuairte ar pharóiste Ghaoth Dobhair an tseachtain seo caite, thug an tEaspag Niall cuairt ar shuíomh an tséipéil sna Doirí Beaga agus ghuigh sé “go speisialta ar mhuintir Ghaoth Dobhair sa bhaile agus iad sin atá ina gcónaí i bhfad i gcéin”.

Bailíodh na céadta míle euro i bhfeachtais éagsúla tiomsaithe airgid ar son an tséipéil nua – idir an feachtas GoFundMe agus ócáidí tiomsaithe airgid a reáchtáladh i nDún na nGall, in áiteanna eile in Éirinn, agus chomh fada i gcéin le Nua-Eabhrac.

Loisceadh an séipéal go moch maidin Luan Cásca anuraidh. Thug an Garda Síochána le fios nach le teann mailíse a adhnadh an tine sa séipéal. Nuair a fógraíodh anuraidh go raibh an teach pobail le hatógáil, bhíothas ag súil go ndéanfaí é sin laistigh de chúig bliana.

Fág freagra ar 'Easpag Ráth Bhoth ‘iontach sásta’ leis an obair dheartha ar shéipéal nua Ghaoth Dobhair'