Maíonn Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána [GRA] go dteastaíonn oiliúint níos fearr ón nGarda Síochána le déileáil le tiománaithe contúirteacha.
Dúirt Leas-Uachtarán an Chumainn, John Joe O’Connell, nach bhfuil duine amháin féin den Gharda Síochána traenáilte le ghabháil sa tóir ar thiománaithe contúirteacha “ní áirím a bheith traenáilte le déileáil le carranna atá á dtiomáint an treo contráilte”.
Rinne O’Connell a chuid cainte tar éis na tubaiste ar an M9 i gcontae Chill Dara moch maidin Dé Domhnaigh nuair a bhásaigh cúigear buachaillí sna luathdhéaga agus a gortaíodh go dona ceathrar eile agus an carr ina raibh na buachaillí á thiomáint in aghaidh na tráchta ar an mótarbhealach.
Triúr ban agus leanbh a bhí sa gcarr eile a bhí sa timpiste agus iad ag déanamh ar an bpríomhchathair. Tugadh an ceathrar go dtí ospidéil agus tá drochbhail ar bheirt de na mná agus tá an leanbh agus an tríú bean gortaithe go dona.
Carr goidte den déanamh BMW a bhí ag na buachaillí.
Bhí teagmháil ag na Gardaí leis an BMW níos túisce i mBaile Átha Í ach dhiúltaigh an tiománaí stopadh nuair a d’iarradar sin air agus is amhlaidh a thiomáin sé leis faoi dheifir.
Agus é faoi agallamh ar chlár Morning Ireland ar raidió RTÉ ar maidin inniu, dúirt John Joe O’Connell, go raibh “aonaid an Gharda Síochána ar fud Chill Dara agus Cheatharlach ag fanacht go bhfeicfidís cá bhfeicfí an carr ina dhiaidh sin.”
Tuigtear nach raibh aon Gharda sa tóir ar an gcarr nuair a tharla an timpiste ar an M9. Creideann na Gardaí gur dóigh go raibh an carr goidte á thiomáint in aghaidh na tráchta ar an taobh mícheart den mhótarbhealach mar go raibh a fhios ag na buachaillí nach mbeadh cead ag na Gardaí a ghabháil sa tóir orthu in aghaidh na tráchta.
Dúirt O’Connell ar maidin go mbíonn ar na Gardaí cinneadh a dhéanamh “i bhfaiteadh na súl” agus gurb é an “gnáthchleachtas” gan feithiclí a leanacht an taobh mícheart den mhótarbhealach.
Dúirt O’Connell go mbíonn faitíos ar na Gardaí go bhféadfaí cúiseanna coiriúla a thabhairt ina n-aghaidh nó go gcuirfí pionóis inmheánacha orthu dá ngabhfaidís sa tóir ar charranna.
Tá an eachtra seo agus gach ar bhain léi á hiniúchadh ag Fiosrú, Ombudsman na nGardaí, toisc go raibh teagmháil idir na Gardaí agus feithicil an amhrais níos túisce san oíche.
“Tá creat ceart traenála á éileamh againn ionas go mbeidh ár gcuid ball ábalta déileáil le tiománaithe a thugann neamhaird ar orduithe stoptha,” a dúirt an Leas-Uachtarán.
Dúirt O’Connell freisin go raibh nós tagtha sa bhfaisean daoine a bheith ag déanamh físeáin díobh féin agus iad ag éalú ó Ghardaí ag tiomáint an bealach contráilte ar an mótarbhealach nó an débhealach. Dúirt sé go raibh na Gardaí ag iarraidh déileáil leis an bhfaisean sin anois le suas le cúig bliana.
Labhair Coimisinéir na nGardaí, Justin Kelly faoin tubaiste inné agus dúirt sé go raibh sé ag cuimhneamh ar an teaghlach a bhí san ospidéal gortaithe agus cháin sé iompar contúirteach na gcoirpeach a thiomáineann an bealach mícheart ar mhótarbhealaí.
“Léiríonn an eachtra uafásach seo, díreach i ndiaidh na timpiste eile ar an M50, cé chomh mífhreagrach agus dainséarach atá sé tiomáint ar an taobh contráilte den mhótarbhealach,” a dúirt sé.
Dúirt an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Seán Canney gur tharla cainteanna le Coimisinéir na nGardaí agus an tAire Dlí agus Cirt maidir le bearta breise a thabhairt isteach le déileáil le tiomáint chontúirteach.
Dúirt Seán Canney go raibh sé féin sásta bearta breise a thabhairt isteach d’fhonn Gardaí a chosaint sa gcás go mbíonn orthu tiomáint sa tóir ar fheithiclí a bhíonn á dtiomáint go contúirteach.
Fág freagra ar '‘Tá oiliúint níos fearr ag teastáil ó Ghardaí le déileáil le tiománaithe contúirteacha’ – Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána'