LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Maidin sa leabharlann, tráthnóna ar an Scéal Trail agus oíche sa gClub i Ráth Chairn

Dá mbeadh lá ar do thoil agat le caitheamh sa nGaeltacht cén chaoi a gcaithfeá an lá? An t-aisteoir Laura Heeney as Dún na nGall atá againn an uair seo sa tsraith bheag nua don samhradh

LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Maidin sa leabharlann, tráthnóna ar an Scéal Trail agus oíche sa gClub i Ráth Chairn

Chaithfinn mo lá i nGaeltacht na Mí, Ráth Chairn agus Baile Ghib, an Ghaeltacht is lú agus mar a deir an seanfhocal: ‘Bíonn blas ar an mbeagán.

Dá mbeadh sé de phléisiúr agam lá a chaitheamh i nGaeltacht na Mí, thosóinn amach i leabharlann Ráth Chairn, mol eolais na háite. Bheadh foinsí taighde ar fáil anseo faoi stair na háite, agus daoine áitiúla chomh maith a thabharfadh treoir dom ar cá háit le tosnú ar mo thuras.

Díreach in aice leis an leabharlann, a aimsítear an eaglais. Tógtha i 1985, tá ciúnas agus suaimhneas le haimsiú istigh san fhoirgneamh saibhir, galánta seo.

Rachainn ansin chuig an pháirc, áit a bhfuil cluiche idirghníomhach darbh ainm ‘An Scéal Trail’’. Tugann An Scéal Trail litearthacht isteach i gcroílár an phobail. Is bealach spraíúil é chun taitneamh na léitheoireachta, grá don taobh amuigh agus roinnt gníomhaíochta fisiciúla a thabhairt le chéile. Agus do na cuairteoirí, is bealach iontach é aithne a chur ar an bhaile bheag seo agus foghlaim faoi stair na háite.

Leanfainn orm féin ansin chuig siopa an phobail, ina bhfaighinn mo lón. I ndiaidh comhrá beag le hAisling, a bhíonn taobh thiar den chuntar agus picnic bheag ceannaithe agam, rachainn díreach taobh amuigh chuig na binsí, ag léamh leabhar beag faoi stair shaibhir na háite. Ceann a thaitníonn liom.

Scríobh an réabhlóidí Pádraig Mac Donncha leabhar darbh ainm An Dá Shaol: Ag Cur Rútaí i Ráth Chairn ina ndéanann sé cur síos ar an troid ar son chearta tithíochta. Ó bunaíodh an Ghaeltacht bheag seo i 1935, níl ach fás agus forbairt tagtha uirthi.

Dar ndóigh agus an tráthnóna tagtha, bheadh sé mínáireach gan freastal ar sheisiúin cheoil sa Ghaeltacht. Sé an Bradán Feasa croí sóisialta na Gaeltachta i Ráth Chairn. Le halla mór damhsa, stáitse, tábla púil agus gach glúin i mullach a chéile le huirlisí ceoil, ní pub amháin atá ann, agus sin í an chúis go gcloisfeá muintir Ráth Chairn ag tabhairt an club air.

Chuirfinn críoch le mo lá sa Ghaeltacht sa chlub, le G&T, ag éisteacht le tallann na háite ag ceol, ag casadh agus ag damhsa. D’éistfinn leis an oidhreacht shaibhir – úr agus sean, faoi dhraíocht, stair agus cultúr an phobail seo.

Ní féidir an iomarca béime a chur ar an tionchar atá ag Gaeltacht na Mí ar phobal na Gaeilge, agus cultúr na hÉireann. Is iad Ráth Chairn agus Baile Ghib an baile dúchais ag níos lú ná 2,000 duine, agus laistigh den phobal úr seo, tá againn roinnt de na hócáidí is mó ar fhéilire na nGael. Féile na Gealaí, Oíche Chultúir, Comórtas Peile na Gaeltachta, Féile na Mí – cé go bhfuil Contae na Mí ar thaobh eile na tíre ó na Gaeltachtaí eile, is í an Ghaeltacht bhisiúil seo croílár na craice. Is minic a fhásann crann mór as síol beag.

Fág freagra ar 'LÁ GAN LOCHT SA GHAELTACHT: Maidin sa leabharlann, tráthnóna ar an Scéal Trail agus oíche sa gClub i Ráth Chairn'