Bhí halla an Chladaigh Dhuibh lán go doras chun ceiliúradh a dhéanamh ar laoch peile áitiúil

Léiríodh an bród dochloíte atá ag dhá phobal in iarthar Chonamara as a bpeileadóirí ar bhealaí éagsúla le gairid

Bhí halla an Chladaigh Dhuibh lán go doras chun ceiliúradh a dhéanamh ar laoch peile áitiúil

Ar chósta an Atlantaigh sa taobh ó thuaidh de Chonamara atá baile fearainn ar a dtugtar Eachros Mór. Suite ar leithinis gan fál ná foscadh ón bhfarraige mhór atá an ceantar rite sin. Tabhair farraige uirthi freisin, ní dhéanann sí suaimhneas ar bith ó chuan an Chloiginn amach go hInis Bó Finne.

Ansin ar an Eachros Mór a rugadh agus a tógadh an peileadóir Jack Mac Coscair. Caitheadh ómós leis ina phobal dúchais an oíche cheana. Bhí halla an Chladaigh Dhuibh lán go doras. Tháinig comhghleacaithe ann a d’fhág a gcuid allais ar pháirceanna peile i ngeansaí marún na Gaillimhe. Níos suntasaí fós, tháinig óg agus aosta as an gceantar máguaird ann.

Mar ní inniu ná inné a bhí uimhir a 3 ar a dhroim ag Jack Mac Coscair ar fhoireann na Gaillimhe.

Bhí cuimhne ag go leor ar Jack – é faoi bhláth na hóige agus fuadar faoi ar pháirc na himeartha. Ní bheadh ag na daoine óga ach na scéalta a chualadar, léiriú gur comhthreormhar atá coisméigeanna na peile Gaelaí agus coisméigeanna na nglúnta faoin tuath. Maireann bród na bpobal tuaithe as na laochra peile. Maireann an bród sin níos tréine fós i bpobal atá amuigh ar leithinis sceirdiúil.

Roghnaigh na húdair Jack Mac Coscair mar shárpheileadóir na Gaillimhe i 1969. Scór bliain d’aois a bhí sé agus níos suntasaí fós sa gcás seo, ba leis an gClochán, a bhí sa ngrád sóisir a bhí sé san am sin. Níorbh fhada go raibh sé ar fhoireann shinsir na Gaillimhe, gaisce ar leith d’fhear óg as Conamara sna blianta sin. Ba é Jack an t-aon ionadaí as an taobh sin tíre ar fhoireann peile an chontae.

Labhair Breandán Ó Callaráin, duine de threibh peile Mhaigh Locha, an oíche cheana. Arsa seisean: “Ní fhaca mé ariamh Jack Cosgrove ag triail cleas salach ar an bpáirc. Duine uasal a bhí ann ar a chuid peile agus ina shaol taobh amuigh dó sin.”

Bhí ruainne duaircis ann, ba é mian a chroí go dtabharfadh sé Corn Mhig Uidhir go hEachros Mór agus don Chladach Dubh, a deir an Coscarach. Ach chinn ar Ghaillimh trí huaire i gcluichí ceannais i dtús na 1970idí.

Níor laghdaigh sin a cháil. Ba go buíoch agus go bródúil a caitheadh súil siar ar an gCladach Dubh.

Tharla sé an tráthnóna dár gcionn go raibh mé ag páirc pheile Charna i leithinis Iorras Aithneach sa taobh ó dheas de Chonamara. Beidh páirc nua dá forbairt gar do Pháirc an ‘Plantation’, atá ann le 100 bliain, sin chomh maith le seastán nua agus carrchlós. Caithfear leathmhilliún euro a bhailiú, dualgas trom i gceantar tuaithe siar le cósta atá ar dhaonra íseal.

Sna sinsir a bhí cumann Charna-Caiseal scór bliain go ham seo agus iad in ann a dhul in éadan na bhfoirne ba láidre sa gcontae. Sciorradar ón stádas sin go grád na sóisear; ní raibh an líon fear óg acu a chothódh foireann shinsir.

Ach níor thit an drioll ar an dreall orthu.

Chuathas i mbun réitigh le páirc nua a fhorbairt, agus tá halla aclaíochta ar an dara coisméig sa bplean. Tháinig borradh faoi pheil na mban agus gan choinne, bhuaigh foireann shóisir na bhfear craobh an chontae anuraidh. Ardaíodh croíthe an phobail ar theacht an gheimhridh. An Cumann Peile agus an pobal, coisméig ar choisméig.

Ag breathnú siar uainn i dtreo láthair na páirce nua agus an tseastáin, mhínigh Seán Ó Cualáin an scéal dom. Tá dúshlán rompu. Airgead trom agus an clog ag fáisceadh orthu. Tádar ag iarraidh go mbeadh na háiseanna réitithe, agus an scraith daingnithe ar an bpáirc nua, i mí an Mheithimh 2028. I gCarna a bheidh Comórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta an bhliain sin.

Carna agus an Cladach Dubh – tá bród dochloíte i measc an phobail as na peileadóirí sa dá leithinis i bhfad siar ach gur ar bhealaí éagsúla a léiríodh é an tseachtain seo. Bhí foireann na linne seo ag traenáil ar pháirc Charna agus an compás dírithe ar na blianta romhainn.

Ar an gCladach Dubh, d’éirigh daoine ina seasamh agus thugadar bualadh bos don aimsir a caitheadh.

Fág freagra ar 'Bhí halla an Chladaigh Dhuibh lán go doras chun ceiliúradh a dhéanamh ar laoch peile áitiúil'

  • Jacko

    Is breá liom i gcónaí an Cathánach a léamh.