Parkrun, píotsa, agus gloine dhaite Harry Clarke in Inis Meáin

Dá mbeadh lá ar do thoil agat le caitheamh sa nGaeltacht cén chaoi a gcaithfeá an lá? Iriseoir le Tuairisc atá againn an uair seo sa tsraith bheag nua don samhradh

Parkrun, píotsa, agus gloine dhaite Harry Clarke in Inis Meáin

Is sa nGaeltacht a chaithim nach mór chuile lá a bhronnann Dia orm, bíodh siad lochtach nó ná bíodh. Tá mé an-bhuíoch, mar sin féin, nach gá dom dul mórán as baile le lá gan locht a aimsiú – turas beag trasna na farraige go hInis aoibhinn Meáin.

Go hiondúil, is ar an mbád farantóireachta as Ros an Mhíl a ghabhfainn go hOileáin Árann, ach cuimhnigh gur seo lá gan locht agus caithfidh mé an t-airgead mór ar thicéad eitleáin ó Aerfort an Chaisleáin (nó Aerfort na Mine/Minne/Minna, nó Aerfort Chonamara, nó Aerfort an Spidéil, fiú).

Is fiú do chuile dhuine an eitilt ocht nóiméad seo a dhéanamh. Tá seacht suíochán ar an eitleán agus ceann acu sin in aice leis an bpíolóta. Braithfidh d’áit ann ar chúrsaí meáchain, agus más fear mór trom thú, mo dhála féin, is i lár an árthaigh i do chloch bhallasta a bheidh tú.

Ach an lá a bheith glan, gheobhaidh tú radhairc ar chríocha mistéireacha i bhfad i gcéin ón gcábán beag – contae an Chláir, cathair na Gaillimhe, agus má bhíonn an t-ádh ort Corca Dhuibhne. Is é an chuid is fearr (nó is measa) den eitilt ná an tuirlingt os cionn an Atlantaigh. Cuirfidh an píolóta srón an eitleáin le farraige, ní fheicfidh tú romhat ach na tonnta móra sula dtiocfaidh carraigeacha Inis Meáin faoi do shúil. Ansin ag an nóiméad deiridh, nochtfar an aerstráice féin agus Críochfort a hAon (as aon).

Dé Sathairn a ghabhfainn go hInis Meáin mar is é an lá a bhíonn ‘parkrun Inis Meáin’ ar siúl. Rith spraoi cúig chiliméadar atá sa parkrun a bhíonn ar siúl ar fud an domhain chuile sheachtain. Tá tóir ar leith ar parkrun Inis Meáin ós é an t-aon cheann in Éirinn atá in oileán (ní airím parkrun Acla ó tá droichead ansin) agus an t-aon cheann ar domhan a thosaíonn ag meán lae – ar mhaithe le sceideal na mbád agus na n-eitleán. Beidh neart ama ag an té a thógfaidh an chéad bhád nó an chéad eitleán anonn a bheith ag Coláiste Naomh Eoin, túsphointe an chúrsa – go háirithe má thógtar rothar ar cíos.

Tógfaidh sé idir thart ar 20-40 nóiméad ar dhuine an cúrsa cúig chiliméadar a rith agus bíonn fáilte roimh shiúlaithe freisin a chuirfidh an cúrsa díobh in uair an chloig nó beagán lena chois. Tá radhairc áille ar fáil ar Bhoirinn, Chonamara agus an tAtlantach ó chúrsa parkrun Inis Meáin agus is bealach maith é le heolas a chur ar an oileán, rud a bheidh úsáideach don chuid eile den Lá Gan Locht.

Beidh ocras ort i ndiaidh do parkrun ach ná bíodh imní ort – ní “inis ghortach ghann” í Inis Meáin a thuilleadh. Tá bia ar fáil sa Teach Ósta agus bíonn an bothán caife, Caifé Synge taobh amuigh den Ionad Pobail. Is féidir bia a cheannacht i Siopa Ruaidhrí freisin, agus, ar ndóigh, is féidir do bhoiscín lóin féin a thabhairt isteach go hInis Meáin – ní thógfaidh lucht custaim do cheapaire liamháis ag an aerfort.

Agus do bhéile caite agat, b’fhéidir go n-imeodh tú ar shiúlóid bláthanna fiáine le hAedín Ní Thiarnaigh, a thabharfaidh timpeall an oileáin thú agus a thaispeánfaidh blátha áille na creige duit. Inseoidh sí duit faoin seanchas agus béaloideas a bhaineann leis na plandaí chomh maith leis an úsáid a bhaintí (agus a bhaintear) astu le tinnis a leigheas. Is féidir turas a chur in áirithe le hAedín ar Instagram.

Má bhíonn an t-am agat ina dhiaidh sin, nó má bheartaíonn tú bóithre an oileáin a thabhairt ort féin asat féin, féadfaidh tú siúl gan mórán stró timpeall an oileáin ar fad (ach arís is mór an áis an rothar). Chaithfinn féin súil ar an ngloine dhaite ó stiúideo Harry Clarke sa séipéal sula dtabharfainn aghaidh siar ar Chathaoir Synge agus Dún Chonchubhair. Más ar an dá chois atá tú, d’fhéadfá siúl timpeall ceann theas an oileáin uilig agus teacht ar ais ar an taobh thoir, gar do Dhún Fearbhaí.

Abhae leat ó thuaidh ansin i dtreo an aerfoirt, ach bí cinnte am a fhágáil le thú fhéin a thumadh sa sáile ag Ceann Gainimh – ceann de na tránna is deise in Éirinn – sula n-ardóidh tú chun na spéire arís in árthach Aer Árann.

Fág freagra ar 'Parkrun, píotsa, agus gloine dhaite Harry Clarke in Inis Meáin'