Scór go leith bliain ó bhí an RUC sáite i gcroí na conspóide faoi mháirseáil Oráisteach Dhroim Crí i gceantar náisiúnach Bhóthar Gharbhachaidh i bPort an Dúnáin is ar a gcomharba an PSNI a thit an crann san achrann nua.
Iarsma den tseanaimsir é nach féirín don bPríomh-Chonstábla, Jon Boutcher ná a fhoireann é. De bharr na n-uafás a bhain le haighneas Dhroim Crí sna nóchaidí bunaíodh Coimisiún na bParáidí agus deireadh le freagracht na bpóilíní mar údarás ceadaithe paráide i measc a chuspóirí.
Ba léir go raibh ról an RUC, an dochar do phóilíneacht agus don tsochaí, ar intinn Phríomh-Chonstábla an PSNI, Jon Boutcher, nuair a thug sé a thuairisc do Bhord na bPóilíní ar an gcúigiú lá de sháinn Dhroim Crí, leagan 2026. ‘Níl muid i 1997,’ ar sé agus é ag míniú cur chuige na bpóilíní. ‘Síochánta. Tomhaiste. Sábháilte’, b’in iad na focail faire don bpóilíneacht ar sháinn Dhroim Crí i bPort an Dúnáin.
Ba í aidhm an PSNI cinneadh Choimisiún na bParáidí a éascú agus paráid dhleathach na nOráisteach a ligean síos Bóthar Gharbhachaidh. Níorbh ionann sin, áfach, agus an pharáid a cheadú beag beann ar chontúirt. Ní fhéadfaí sábháilteacht a chinntiú dá mbrúfadh an PSNI na hOráistigh síos Bóthar Gharbhachaidh d’ainneoin léirsiú na náisiúnach.
Ní bheadh sé tomhaiste ná stuama lucht máirseála nó áitritheoirí a chur i mbaol agus d’fhéadfadh toradh tubaisteach a bheith air don Tuaisceart ar fad, ar sé.
Chosnódh trioblóid agus foréigean i bhfad an iomarca ar dhaoine, a dúirt sé, barúil a bhí coitianta i measc an phobail a bhí eaglach go mbainfeadh lucht urchóide leas as an aighneas chun ainriail a ghríosú.
Faoiseamh ab ea é go raibh an t-aighneas síochánta. Chloígh lucht na máirseála leis na srianta a chuir Coimisiún na bParáidí orthu maidir le bac ar lucht tacaíochta. Bhí na sluaite ar Bhóthar Gharbhachaidh ar feadh na seachtaine ach ó mhaolaigh an teannas nuair nár bhrúigh an PSNI den bhóthar iad ba chosúil le carnabhal é le ceol, bia agus fiú ciorcail comhrá le hais an bhealaigh.
Ní hé sin le rá nach mbeidh póilíní ag cnagadh ar an doras ag cuid de na daoine a bhí páirteach san léirsiú ar Bhóthar Gharbhachaidh Dé Domhnaigh seo caite. D’fhógair na póilíní ag an am go raibh an dlí á shárú ag na léirsitheoirí mar nach raibh cead faighte don slógadh.
Cuirfear cionta coiriúla i leith dhaoine a ghríosaigh nó a d’eagraigh blocáil an bhóthair, a deir an PSNI.
Bhí an t-aonad póilíneachta atá i mbun an scéil i dteagmháil leis an tSeirbhís Ionchúisimh chun cineálacha na gcionta a bheidh i gceist a phlé.
Tá ról na bpolaiteoirí a bhí i mbun léirsithe ina chnámh spairne in Stormont agus na páirtithe aontachtacha ag éileamh go gcúiseofaí an Chéad-Aire, Michelle O’Neill, faoi dheifir. Beidh deis acu a racht a scaoileadh léi nuair a thiocfaidh sí os comhair an Tionóil amárach, é fógartha ag an gCeann Comhairle gur gheall sí go mbeadh sí ansin Dé Luain chun ceisteanna a fhreagairt. Tá gearáin déanta freisin faoi airí eile de chuid Shinn Féin. Measann roinnt nach dtig le Stormont a theacht slán ón raic seo, ach deir an DUP agus Sinn Féin nach bhfuil siadsan chun siúl amach. Má thagann na hinstitiúidí polaitiúla slán seans gur beo ar éigean a bheas siad.
Beidh costas na conspóide le reic go ceann tamaill. Chomh maith leis an dochar don pholaitíocht tá díobháil mhór déanta do Choimisiún na bParáidí ós iad na botúin a rinne siadsan i dtús an tsamhraidh a thug deis do Jamie Bryson, blagálaí dílseach agus comhairleoir dlí Oráistigh Phort an Dúnáin, agus an lóiste an dreas seo den chath cultúir a fhearadh.
Bhí baol ann freisin go ndéanfaí damáiste don PSNI, toradh a raibh Boutcher ar a dhícheall ag iarraidh é a sheachaint. Beidh le feiceáil an éireoidh leis. Thairis sin tá costas mór ag baint leis an oibríocht seo. Nocht an Príomh-Chonstábla gur chosain póilíniú na sáinne go dtí an Déardaoin £3 mhilliún. Sin airgead nach bhfuil le spáráil i mbuiséad an PSNI atá d’uireasa dóthain maoine chun an líon comhaltaí atá riachtanach a earcú.
Muna dtagann na páirtithe leasmhara ar chomhghéilleadh beidh brú ar Jon Boutcher ón Ord Oráisteach an mháirseáil a chur i bhfeidhm agus ó na háitritheoirí cumhacht eisceachtúil a úsáid – póilíneacht a chur ag croí na ceiste arís. Tá an t-údarás ag an bPríomh-Chonstábla iarratas a dhéanamh ar an Státrúnaí cinneadh Choimisiún na bParáidí a athmheas chun cead máirseála a chur ar ceal.
Dúirt sé le Bord na bPóilíní nach raibh an t-iarratas sin déanta aige, é den tuairim nár ghá é go dtí sin. Gheall sé do na baill go raibh a mhachnamh á dhéanamh aige faoin gceist ach theastaigh uaidh am a thabhairt do phróiseas na gcainteanna idir an Státrúnaí Chris Bryant agus ionadaithe na nOráisteach agus mhuintir Gharbhachaidh le súil go ndeinfí réiteach buan.
Fág freagra ar 'Má thagann na hinstitiúidí polaitiúla slán i ndiaidh eachtraí Dhroim Crí, beo ar éigean a bheidh siad'