Cuireadh fáilte mhór abhaile roimh chuid de lúthchleasaithe agus snámhaithe gaisce na hÉireann inniu agus cuid díobhsan a bhuaigh boinn thall i Sasana agus sa bhFrainc le seachtain anuas fillte abhaile.
Bhuaigh foireann na hÉireann ceithre bhonn ag Craobhhchomórtais Lúthchleasaíochta na hEorpa a bhí ar siúl thall i mBirmingham, bonn óir do Kate O’Connor san heaptatlan, ina measc.
Bhailigh slua mór in Aerfort Bhaile Átha Cliath ar maidin chun fáilte a chur roimh O’Connor, a bhfuil boinn buaite aici anois ag seacht gcinn de chraobhchomórtais mhóra le bliain go leith anuas. Bhuaigh bean Dhún Dealgan bonn airgid ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain i dTóiceo anuraidh ach bhí sí ar bharr an phóidiam an deireadh seachtaine seo caite agus an churiarracht náisiúnta sáraithe aici arís.
Thug O’Connor an bonn óir léi oíche Dé Sathairn, an lá céanna ar bhuaigh Andrew Coscoran ó Bhaile Atha Cliath bonn cré-umha i rás 1500m na bhfear.

Bhuaigh Éire dhá bhonn eile thall i mBirmingham agus bonn óir buaite ag an gConallach Mark English i rás 800m na bhfear agus bonn airgid buaite ag an Baile Átha Cliathach Rhasidat Adeleke i rás 200m na mban oíche Déardaoin.
D’fhill Ellen Walshe abhaile tráthnóna tar éis seachtain den scoth thall i bPáras agus dhá bhonn óir buaite aici ag Craobhchomórtais Uiscíochta na hEorpa. Tháinig Walshe, arbh as Baile Átha Cliath di, sa gcéad áit sna meascraí aonair 200m agus 400m.
Bhuaigh bean Shligigh, Mona McSharry, boinn airgid agus dhá bhonn cré-umha sa snámh brollaigh 100m, 200m agus 50m faoi seach thall i bPáras chomh maith ach ní fhacthas ise san aerfort ar maidin agus cinneadh déanta aici fanacht thall sa bhFrainc ar saoire.

Fág freagra ar 'Na sluaite in Aerfort Bhaile Átha Cliath le fáilte a chur roimh ghaiscígh spóirt na hÉireann'