Glac sos agus tabhair faoi deara an áilleacht atá sna rudaí beaga

Bíonn an áilleacht mórthimpeall orainn i gcónaí a scríobhann ár gcolúnaí, má thógann muid nóiméad le sos a ghlacadh agus na rudaí beaga a thabhairt faoi deara

Glac sos agus tabhair faoi deara an áilleacht atá sna rudaí beaga

Tá rithim ar leith le mí Lúnasa. Bíonn na laethanta beagán níos moille, agus nuair a bhíonn an t-ádh linn agus na hoícheanta breátha samhraidh sin againn, bíonn rud éigin speisialta faoin aer. Fiú nuair a thagann an bháisteach agus go mbíonn cóta uainn, bíonn cuireadh ón dúlra againn le moilliú síos agus le bheith i láthair.

Le gairid, bhí mé ag freastal ar sheisiún análaithe amuigh faoin aer cois farraige ag Bóthar na Trá i nGaillimh. Bhí na focail seo scríofa ar chárta a tugadh dom ag an seisiún, ‘Tá áilleacht i ngach uile rud’. D’fhan na focail sin liom an lá ar fad.

Thosaigh mé ag tabhairt faoi deara fuaim na bhfaoileán, an ghaoth bhog ar m’aghaidh, na daoine ag gáire thart orm agus na scamaill ag gluaiseacht go mall sa spéir. Is minic a bhíonn na rudaí beaga seo os ár gcomhair, ach ní thugaimid faoi deara iad go minic mar go mbíonn saol chomh gnóthach sin againn.

An lá sin cois farraige, d’fhan na focail sin liom mar mheabhrúchán dom moilliú síos agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga áille atá mórthimpeall orm.

Ag fás aníos i gConamara, bhí an fharraige mar chuid den ghnáthshaol againn. Níor ghá dúinn smaoineamh faoi dhul chuici; ní théimis ann chun a bheith “aireach”. Théimis ann mar gur chuid dár saol í. Ach anois, tuigim gur bronntanas a bhí ansin.

Tá cumhacht ar leith ag an bhfarraige muid a thabhairt ar ais chugainn féin. Nuair a shiúlaim cois trá agus an gaineamh faoi mo chosa, mothaím mo ghuaillí á scaoileadh agus mo chorp ag éirí níos suaimhní. Ní athraíonn an domhan mórthimpeall orm, ach athraíonn rud éigin istigh ionam.

Ní bhíonn Lúnasa chomh suaimhneach agus a shíltear i gcónaí. Idir obair, chúrsaí teaghlaigh, laethanta saoire agus an brú a bhíonn orainn leas a bhaint as an samhradh, bímid ag rith ó rud go rud. Fiú nuair a bhíonn lá saor againn, bíonn sé deacair uaireanta sos ceart a ghlacadh.

Ach ní theastaíonn aon athrú mór chun athshocrú a fháil ionainn féin. Is minic gurb iad na nithe simplí a dhéanann an difríocht is mó.

Tar ar ais chuig d’anáil. Tá sí leat i gcónaí. Tóg cúpla anáil mhall agus tabhair faoi deara an chaoi a mbogann do chorp. Is minic a thugann sé sin suaimhneas don néarchóras agus tugann sé ar ais sa nóiméad thú.

Caith tamall faoin spéir. Ní theastaíonn siúl fada uait, is leor cúpla nóiméad cois farraige, siúlóid ghearr, nó suí go ciúin sa ngairdín le cupán tae. Cuireann an dúlra i gcuimhne dúinn nach gá a bheith ag deifriú i gcónaí.

Tabhair cuairt ar an bhfarraige. Mura raibh tú inti fós i mbliana, cuir do chosa san uisce. B’fhéidir gurb é an chéad smaoineamh a bheidh agat ná: ‘Muise, tá sí fuar!’ Ach ina dhiaidh sin, mothóidh tú níos suaimhní, níos éadroime agus níos ceangailte leat féin.

Tá rud éigin ar leith faoin bhfarraige nach féidir a mhíniú i gcónaí, ní gá ach é a mhothú.

An Lúnasa seo, tabhair cead duit féin moilliú. Mothaigh an ghaoth ar d’aghaidh, tarraing isteach aer úr na farraige agus éist leis na tonnta. Ní gá gach nóiméad a líonadh le rud éigin a chaithfear a dhéanamh.

Uaireanta, ní trí níos mó a dhéanamh a fhaigheann muid an t-athshocrú is mó, faightear é nuair a stopaimid, nuair a thógaimid anáil agus nuair a fhilleann muid ar ais orainn féin.

Agus b’fhéidir ansin go bhfeicfimid arís an áilleacht atá thart orainn ón tús amach – tá áilleacht i ngach uile rud.

Is as Leitir Móir na Coille i gCamas i gConamara í Marian Ní Chonghaile. Cóitseálaí saoil agus saineolaí ar an obair anála í agus déanann sí ceardlanna anála i nGaeilge agus i mBéarla. Tuilleadh eolais: www.thrivewithmarian.com

Fág freagra ar 'Glac sos agus tabhair faoi deara an áilleacht atá sna rudaí beaga'