Éirí na gréine i Machaire Rabhartaigh, paidir dheireanach faoi spéir lán réaltaí Rann na Feirste…

Dá mbeadh lá ar do thoil agat le caitheamh sa nGaeltacht cén chaoi a gcaithfeá an lá? Seo an chéad alt i sraith bheag nua don samhradh

Éirí na gréine i Machaire Rabhartaigh, paidir dheireanach faoi spéir lán réaltaí Rann na Feirste…

I nGaeltacht Dhún na nGall a chuirfinn tús leis an lá, i Machaire Rabhartaigh. D’amharcfainn ar éirí na gréine thar Oileán Thoraí, fíorú laethúil na cruthaitheachta, agus chuirfinn paidir leis an tsolas, buíochas as an lá a bhí romham. Má bhíonn an mhaidin geal, is iontach an radharc é, an bál buí a fheiceáil ag siúl go réidh chugat as an tsáile agus gan ar chlár na cruinne ach tú féin.

Ní bhaineann costas ar bith le héirí na gréine a fheiceáil; ní bhaineann costas ar bith le sult a bhaint as an tost ná as an tsuaimhneas agus seal beag ciúin a chaitheamh leis an lá nach bhfuil ina lá go fóill.

Shiúlfainn na bóithre ina dhiaidh sin agus, ag brath ar an spionn, rachainn ar dheis go Gort a’ Choirce nó b’fhéidir gur ar chlé go Mín an Chladaigh nó sin an áit ar thosaigh an turas teanga seo, amuigh ar an uaigneas óg. Cibé bealach a rachainn, bhainfinn sult as an tírdhreach agus an tost.

Thabharfainn cuairt ar Dhún Lúiche gan amhras nó is ann a tháinig athair m’athar ar an tsaol. Isteach san ionad turasóireachta a rachainn go bhfeicfinn an raibh na pinn dheasa adhmaid sin a rinne na buachaillí in Anagaire ann go fóill. Cheannóinn peann nó dhó eile gan amhras; níl peann ar bith eile de dhíth orm ach gheibh an cathú an bhua ar an chéill i gcónaí. Baineann draíocht le peann a dhéantar as adhmad dúchasach Éireannach, an dtuigeann tú. Tiocfaidh an dán mór go fóill!

Agus má bhíonn an bád ar fáil, dhéanfainn turas beag ar an loch, faoi scáil an tsléibhe mhóir, turas a rinne mé lá den tsaol le mo mham agus le mo dhaid, eisean a chaith mórán samhraí san áit chéanna ar cuairt ar ghaolta atá imithe le fada.

Go Dún Fionnachaidh a rachainn ina dhiaidh sin. Dá mbeadh sé foscailte, thabharfainn cuairt ar Theach na mBocht ar an bhaile chéanna, ionad cuairteoirí agus áit a mbíonn saothair bheaga ealaíne ar díol. Tá beirt acu sin ar an bhalla agus mé á scríobh seo agus is iomaí sin uair a thug mé sracfhéachaint orthu agus mé cois an ríomhaire. Má bhíonn an caifé ar oscailt, gheobhainn cupán mór caifé agus an slisín is mó de thoirtín úll agus a chonaic tú ariamh.

Le críoch a chur leis an lá, rachainn go Croithlí agus Teach Pháidí Óig. Is iomaí sin oíche a chaith mé sa teach tábhairne sin agus mé i m’fhear óg. Níor ól mé ach Football Special an t-am sin. Chuirfinn an scéal sin ina cheart agus d’ólfainn pionta Guinness mar chúiteamh don úinéir as na bliantaí fada tirime a chaith mé san áit. An créatúr! Níor éirigh sé saibhir ar mo chuid líomanáide.

(Má bhíonn tusa ann, óladh tú dhá phionta nó trí cinn.)

Is go Tábhairne Leo a rachainn ina dhiaidh sin agus críoch a chur leis an lá le gloine uisce bheatha. Arís, is iomaí oíche a chaith mé tigh Leo gan deoch mheisciúil a ól. Bhuel, tá an t-am ann sin a chur ina cheart agus chuirfinn cluas le héisteacht orm féin arís eile don cheol.

Ina dhiaidh sin, shiúlfainn an cúlbhóthar isteach go Doire na Mainséar agus isteach go Rann na Feirste, rud eile a rinne mé go minic agus mé i m’fhear óg stuama faoi anáil an Ghriannaigh. Bheinn ag súil go mbeadh lán gealaí ann agus an spéir lán réaltaí le solas an bhealaigh a dhéanamh dom.

Rachainn a fhad le Coláiste Bhríde, an choláiste a bhunaigh an tAthair Lorcán Ó Muirí, agus sheasfainn ansin ar an ard in aice le Teach na Múinteoirí, ag amharc amach ar an fharraige, agus déarfainn paidir amháin eile, as an lá a bhí ann, as na daoine cineálta a casadh orm ar aistear mo shaoil, as an uile dheis chun pinn agus as an uile fhocal a tháinig de bharr na deise.

Agus, ag brath ar an mhí den bhliain, agus dá mbíodh an t-ádh orm, d’amharcfainn suas sa spéir le feiceáil an raibh iomrá ar bith ar dhreigechith Peirsidí.

Míorúilt na Gaeltachta agus na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Éirí na gréine i Machaire Rabhartaigh, paidir dheireanach faoi spéir lán réaltaí Rann na Feirste…'

  • Seán Fennell

    Thar barr, ceacht iontach ar an Mhodh Choinníollach fosta.
    Rachainn go Bealraine agus Teach Ruairí!