‘Gan na teaghlaigh seo atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ní bheidh aon Ghaeltacht ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga Ráth Chairn

Tá tacaíocht léirithe ag OPT Ghaeltacht na Mí do ghrúpa tuismitheoirí as Ráth Chairn a deir go bhfuil ‘ceart bunúsach’ á shéanadh ar pháistí na Gaeltachta i Ráth Chairn

‘Gan na teaghlaigh seo atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ní bheidh aon Ghaeltacht ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga Ráth Chairn

Tá tacaíocht léirithe ag Oifigeach Pleanála Teanga (OPT) Ghaeltacht na Mí, do ghrúpa tuismitheoirí a sheol litir oscailte le gairid, ina ndéantar cáineadh láidir ar pholasaithe Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG).

Tá a tacaíocht tugtha ag an Dr Ursula Ní Shionnain, OPT Ghaeltacht na Mí, do na tuismitheoirí tráth go bhfuil tuilleadh easaontais idir an grúpa tuismitheoirí agus CNNG faoin naíonra i Ráth Chairn.

I ráiteas a d’eisigh an Dr Ursula Ní Shionnain, OPT Ghaeltacht na Mí, dúirt sí gur “mionlach” iad na cainteoirí óga Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn sa lá atá inniu ann agus go bhfuil “sainriachtanais theangeolaíochta ar leith” ag na páistí óga ar scríobh a dtuismitheoirí an litir oscailte leo.

Deirtear sa litir oscailte, a sheol an grúpa tuismitheoirí ar an tseachtain seo a chuaigh thart, go bhfuil polasaithe CNNG ag cur bac “suntasach” ar iarracht na dtuismitheoirí a bpáistí a thógáil le Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn agus gur “náireach” an scéal é go bhfuil an “ceart bunúsach” go mbeadh seirbhís luathoideachais ar fáil do mhuintir na Gaeltachta “á séanadh” orthu.

Cáintear chomh maith sa litir an cinneadh gan páistí atá á dtógáil le Gaeilge a chur le chéile sa naíonra i Ráth Chairn. Deirtear sa litir go bhfuil páiste amháin atá ag freastal ar naíonra i mbliana “timpeallaithe ag páistí le Béarla”.

Dúirt Ní Shionnain go bhfuil teaghlaigh i Ráth Chairn “ag snámh in aghaidh easa” agus a bpáistí á dtógáil le Gaeilge acu ach go bhfuil líon beag teaghlach ag déanamh “a ndícheall”.

“Bíonn bainistíocht i gceist ó lá go lá chun srianta a chur i bhfeidhm ó thaobh an Bhéarla de agus deiseanna a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a mhéadú,” a dúirt sí

Dúirt sí go mbeadh sé “inmholta” go mbeadh na páistí óga seo atá ag freastal ar an naíonra i Ráth Chairn le chéile sa rang céanna le páistí óga eile “a bhfuil an Ghaeilge acu”. Thacódh sin leis an sealbhú teanga agus le scileanna sóisialta agus cumarsáide a fhorbairt trí Ghaeilge, a dúirt sí.

“Tá géarchéim theanga le haireachtáil sna Gaeltachtaí ar fad anois agus, chun aghaidh éifeachtach a thabhairt uirthi, caithfear gach tacaíocht a chur ar fáil do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaeilge”.

“Gan na teaghlaigh seo atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ní bheidh aon Ghaeltacht ann. Ní mór an deis a thapú anois,” a dúirt sí.

Dúradh sa litir oscailte a sheol na tuismitheoirí ó Ghaeltacht na Mí gur diúltaíodh, i mbliana agus anuraidh, áit sa naíonra i Ráth Chairn do bheirt pháistí atá á dtógáil le Gaeilge.

Dúradh gur diúltaíodh do na páistí mar go raibh páiste amháin seacht lá ró-óg agus an páiste eile lá amháin ró-óg, cé go ndeirtear i bpolasaí CNNG nach nglacfar le páistí atá ró-óg ach ar chúiseanna eisceachtúla.

Dúirt Ray Mac Pháidín, Bainisteoir Stiúrtha CNNG, ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach rabhthas ábalta páistí a thógáil a bhí ró-óg ná eisceacht a dhéanamh de Ráth Chairn mar go mbeadh “ceithre scór tuismitheoirí” as na ceantair eile ar fad ag iarraidh go ndéanfaí eisceacht dóibh.

Dúirt sé nár dearnadh eisceacht riamh i dtaobh aoise i naíonraí eile nó sa naíonra i Ráth Chairn ach go mb’fhéidir gur tharla eisceacht “roinnt blianta siar” sula raibh athbhunú déanta ar an pholasaí sin.

Thug Mac Pháidín le fios chomh maith nár chuala sé aon rud faoin chás seo go dtí gur tháinig an litir oscailte chuige tráthnóna Déardaoin seo a chuaigh thart.

“Tháinig an litir oscailte tráthnóna Déardaoin agus sin an chéad uair a chuala mise faoi,” a dúirt sé.

Dúirt sé chomh maith gur chuir sé in iúl do na tuismitheoirí go raibh sé sásta cruinniú a bheith aige leo ach nár glacadh lena chuireadh agus go ndúirt an grúpa tuismitheoirí leis nárbh fhiú a bheith ag caint le CNNG mura raibh siad sásta a gcuid polasaithe a athrú.

Dúirt Gearóid Breathnach duine de na tuismitheoirí as Ráth Chairn a shínigh an litir oscailte go ndearnadh eisceacht i gcás a mhic féin, trí bliana ó shin, agus a bhí ró-óg nuair a thosaigh sé ar an naíonra i Ráth Chairn.

Dúirt Breathnach le Tuairisc gur tugadh cead dá mhac féin a bheith istigh sa naíonra “cé go raibh sé níos óige ná an bheirt a pléadh sa litir” oscailte. Dúirt sé gur tugadh cead do pháiste amháin eile a bhí sa bhliain chéanna clárú don naíonra cé go raibh siad ró-óg.

I ráiteas a chur sé ar fáil do Tuairisc, dúirt sé go bhfuil an t-eolas ar fad a bhain le naíonra Ráth Chairn ag CNNG “le fada” agus gur phléigh sé an cás leis mbainisteoir stiúrtha “bliain go leith ó shin ar ghlaochanna gutháin agus ar ríomphostanna”.

Dúirt sé gur dhiúltaigh an grúpa tuismitheoirí ó Ráth Cháirn an cruinniú le CNNG mar go bhfuil siad ag plé leis an scéal le tamall fada. “Táimid ag plé leis seo le bliain go leith agus níl faic déanta,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Gan na teaghlaigh seo atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ní bheidh aon Ghaeltacht ann’ – Oifigeach Pleanála Teanga Ráth Chairn'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    ‘Gan na teaghlaigh seo atá ag tógáil clainne le Gaeilge, ní bheidh aon Ghaeltacht ann’. Tá an ceart ar fad ag OPT Ráth Chairn sa méid seo. Agus sílim gurb shin atá ag teastáil ón Rialtas agus ar chomh liopasta is atáthar maidir le polasaithe a chur i bhfeidhm don Ghaeltacht. Seo sampla amháin. Samplaí eile ná toghchán an Údaráis agus bánú na Gaeltachta easpa tithíochta, Easpa infrastruchtúir. Is léir don dall é!

  • Cillian Ó Murchú

    De réir thuiscint na sochtheangeolaíochta ar chosaint teanga is fearr leanaí as teaghlaigh leis an mionteanga a choinneáil le chéile, scartha ó leanaí as teaghlaigh leis an mórtheanga, le haghaidh cosaint bheag a thabhairt dóibh ón mbrú millteanach a chuireann (an Béarla) mórtheanga ar mhionteanga.

    Ba cheart go mbeadh an t-eolas agus an tuiscint sin ag gach oibrí de chuid Comhar Naíonraí na Gaeltachta, murab é Galldú na Gaeil an sprioc atá acu.