Nuair a bhí mé ag fás aníos, ba mhinic go mbíodh sailéad sicín rósta againn le haghaidh lóin nó dinnéir lá te samhraidh. Bhí sé ar cheann de na béilte simplí sin a chuirfeadh laethanta an tsamhraidh i gcuimhne duit, go háirithe nuair a bhíodh an aimsir te agus go mbíodh muid in ann ithe taobh amuigh sa ngairdín.
Bhíodh sicín rósta againn, in éineacht le cúpla sailéad éagsúla – sailéad fataí, sailéad glas duilleogach agus sailéad cairéid de ghnáth – chomh maith le harán úr. Bhí rud thar a bheith speisialta faoin mbéile sin agus tugann sé an mothúchán céanna ar ais dom inniu nuair a réitíonn mé é.
De ghnáth, d’itheadh muid an sicín agus é fós te agus muid inár suí le chéile sa ngairdín, ag baint an leas is fearr as an aimsir agus as na laethanta fada. Scaití, chuireadh muid an sicín sa gcuisneoir le fuarú agus thugadh muid gach rud linn ag an trá. Bhí sé foirfe mar phicnic – simplí, blasta agus lán le blasanna an tsamhraidh.
Don oideas seo táim ag róstadh sicín iomlán, péireáilte le pesto basal. Tá sailéad deas tzatziki cruthaithe agam chomh maith, le cúcamar ó Oisín Kenny i mBaile Chláir, chomh maith le sailéad úr de dhuilleoga measctha ó mo ghairdín féin agus biolar álainn ó Steve Gould in Áth Cinn.
Tá an mhias seo éadrom, lán le luibheanna agus le blasanna úra an tsamhraidh.
An chéad rud don mhias seo, sicín iomlán a róstadh. I dtosach, blaistigh go maith é le salann mara ó Oileán Acla agus doirt ola olóige air. Úsáidfear an sú ón sicín agus an meascán ola olóige mar chuid den mhias ag céimeanna deiridh an oidis. Tá an t-oideas seo foirfe do cheathrar.
OIDEAS
Pesto
100g basal
150ml ola olóige
40g cnónna péine
40g cáis Parmasáin grátáilte
1 sú líomóide
1 ionga gairleoige
Tzatziki
500g iógart Gréagach
1 cúcamar
1 ionga gairleoige brúite
10g duilleoga miontais
10g lus mín
1 líomóid
1 líoma
Anlann Sailéid
2 spúnóg bhoird de mhustard Dijon
2 spúnóg bhoird de mhil
1 spúnóg bhoird d’fhínéagar fíona ghil
80g d’ola olóige
Sailéad
1 ceann leitíse
1 mála biolair
50g cnónna péine rósta
2 seallóid
Ar dtús, cuir salann mara agus ola olóige ar an sicín.
Cuir san oigheann é, atá réamhthéite go 180°C. Róst ar feadh uair an chloig go leith é, nó go sroicheann an teocht inmheánach 75°C.
Agus an sicín á róstadh, is féidir linn an chuid eile den mhias a ullmhú, ag tosú leis an tzatziki.
Grátáil cúcamar iomlán agus brúigh an oiread uisce agus is féidir amach as, sa gcaoi is nach mbeidh an meascán rófhliuch.
Cuir an cúcamar agus an iógart i mbabhla mar aon leis na luibheanna mionghearrtha, an ghairleog, craiceann líomóide agus líoma grátáilte, agus an sú as leath gach ceann acu. Cuir salann leis agus lig do na blasanna ar fad cumasc le chéile.
Don anlann sailéad: Cuir an mustard, an mhil agus an fínéagar i mbabhla beag agus cuir an ola olóige isteach leis go mall. Réitigh an séasúrú de réir mar is deise leatsa é.
Nigh na duilleoga sailéid agus gearr na seallóidí ina slisní tanaí. Cuir i mbabhla é chomh maith leis na cnónna péine agus measc anlann an tsailéid tríd.
Maidir leis an bpesto, is fearr na comhábhair go léir a chur i gcumascóir, cosúil le NutriBullet nó cumascóir láimhe, agus iad a chumasc go dtí go mbeidh gach rud measctha le chéile.
Chun an mhias a réiteach, cuir an tzatziki ar an bpláta. Doirt beagán ola olóige air. Cuir an sicín slisnithe ar a bharr. Scaip an pesto ar an sicín, agus cuir an sailéad ar a bharr sin. Ar deireadh, doirt sú rósta an tsicín ar an iomlán. Bain taitneamh as.
Is cócaire gairmiúil agus cainteoir Gaeilge ó dhúchas é Stiofán Ó Féinne as an Spidéal i gConamara. Bhain sé céim amach as clár cócaireachta Óstán an Savoy, Londain in 2019 agus tá sé ag obair faoi láthair i nDaróg, i gCathair na Gaillimhe.
Fág freagra ar 'BIA: Mias éadrom, lán le luibheanna agus blasanna an tsamhraidh'