Más gá duit a mhaíomh gur sár-iriseoir tú, ní sár-iriseoir tú – 10  gcomhartha sóirt na drochiriseoireachta

Tá roinnt comharthaí sóirt ar an drochiriseoireacht ar fiú a bheith an-airdeallach orthu

Más gá duit a mhaíomh gur sár-iriseoir tú, ní sár-iriseoir tú – 10  gcomhartha sóirt na drochiriseoireachta
  1. Bí airdeallach faoi iriseoirí a bhíonn ag maíomh go rialta gur fíoraíodh tairngreacht a rinne siad.  De ghnáth nuair a scrúdaítear an taifead, is iad an dream seo is mó atá tar éis amadáin a dhéanamh astu féin.  Más gá duit a mhaíomh gur sár-iriseoir tú, ní sár-iriseoir tú.
  2. Má fheiceann tú ‘ní raibh aon tuairisc ar na mórmheáin chumarsáide riamh faoi X’ nó ‘ní raibh aon tuairisc ag RTÉ riamh faoi Y’ agus gan aon fhianaise tugtha le tacú leis an maíomh, de ghnáth is ag caint seafóide atá an té atá ag caint.  Bíonn sé an-deacair a dhearbhú nár chlúdaigh na meáin scéal éigin, agus ní dócha go mbíonn an taighde is gá déanta ag an té a dhéanann a leithéid de ráiteas gan fianaise.
  3. Bí airdeallach faoi iriseoirí nó tráchtairí a mhaíonn go ndúradh rudaí nó gur tharla rudaí áirithe ach nach dtugann aon friotail nó fianaise nó foinse chun tacú leis.   Agus bí airdeallach faoi iriseoirí ar annamh a mbíonn aon fhoinse ná friotal díreach ina gcuid alt nuair a bhíonn siad ag cur síos ar rudaí a mhaíonn siad a bheith ráite ag dream éigin.
  4. Bí airdeallach faoi iriseoirí a mhaíonn gan fianaise go ndúirt nó go ndearna nó go gcreideann ‘na meáin’ nó ‘ceannairí an Aontais Eorpaigh’ nó ‘tíortha an Iarthair’  rud éigin.  Cé na meáin?  Cé na ceannairí?
  5. Bí airdeallach faoi iriseoirí a úsáideann an saorbhriathar chun maíomh gan fianaise ‘go ndúradh in Washington’ nó ‘gur admhaíodh i dTithe na Comhdhála’ nó a leithéid agus gan sonraí tugtha.
  6. Déanann gach iriseoir corrbhotún.  Iriseoirí maithe ní bhíonn drogall orthu é seo a admháil agus an botún a cheartú.  Bí an-airdeallach ar an iriseoir nach ndéanann an taifead a cheartú nuair a bheirtear amuigh orthu as eolas míchruinn a scaipeadh.  Is cúis atá ann a bheith amhrasacha faoina gcuid iriseoireachta i gcointinne.
  7. Tá cúis níos soiléire fós a bheith amhrasach faoin dream a bhíonn ag gearán go bhfuiltear ag iarraidh ‘saoirse chainte’ a cheilt orthu nuair a bheirtear amuigh orthu ag scaipeadh faisnéis mhíchruinn, seachas díreach an taifead a cheartú agus bogadh ar aghaidh.
  8. Bí airdeallach faoi thuairimíocht a bheith á cur i láthair mar ‘nuacht’ nó tuairisceoireacht.   ‘Is léir go bhfuil an méadú/ísliú i dtacaíocht Shinn Féin bainteach le…’ nó ‘Is é x an leabhar is fearr ar an ábhar seo….’ nó a leithéid sin.
  9. Uaireanta is fiú breathnú ár an ábhar a chuireann iriseoir nó tráchtaire amach ar na meáin shóisialta le tuiscint cén sórt iad.  Is féidir le heagarthóirí drochiriseoireacht a mhaolú go pointe, ach uaireanta nochtann drochiriseoirí iad féin go soiléir ar na meáin shóisialta, áit nach bhfuil aon scagadh á dhéanamh orthu.  Ach, ar an iomlán, b’fhearr dúinn ar fad, mé féin san áireamh, níos lú ama a chaitheamh ar na meáin shóisialta.
  10. Iriseoirí a thosaíonn alt faoin 10 rud seo, siúd nó uile agus ansin nach féidir leis an deichiú sampla a aimsiú agus a chumann sampla amaideach éigin chun an spás deireanach a líonadh.

Fág freagra ar 'Más gá duit a mhaíomh gur sár-iriseoir tú, ní sár-iriseoir tú – 10  gcomhartha sóirt na drochiriseoireachta'

  • Joe Breathnach

    Ní aontaím le pointe 9. Bíonn claonadh ag formhór na ndaoine ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Tugann na meáin shóisialta deis d’iriseoirí a bheith oscailte faoina dtuairimí pearsanta; beidh grinnscrúdú níos déine orthu mar gheall air sin, agus iad ag obair, nuair a bheidh dualgas orthu fíricí agus tuairimí malartacha a chur i láthair, ach is rud maith é sin. Tá cumhacht ag eagraíochtaí meán agus ag iriseoirí toisc go bhfuil tionchar acu ar thuairim an phobail, mar sin ba chóir dóibh a bheith níos trédhearcaí faoina dtuairimí féin; agus tá cuid de na heagraíochtaí meán idirnáisiúnta is iontaofa, amhail The Times, The Telegraph, The Guardian agus The New York Times, an-oscailte faoina seasamh eagarthóireachta. Rabhadh d’iriseoirí óga atá ag tosú amach: b’fhéidir nach mbeadh sé ciallmhar do thuairimí a thaispeáint mar go bhféadfadh dearcadh eile a bheith ag roinnt feidhmeannach eagarthóireachta, cé nach ndeir siad amhlaidh go poiblí; agus b’fhéidir nach mbeadh siad sásta post a thabhairt duit. Ach is leis an bhfeidhmeannach atá an fhadhb sin; agus sin an fáth go bhfuil trédhearcacht chomh tábhachtach sin.

  • Donncha

    Bí airdeallach faoi iriseoirí nach bhfuil in ann alt atá dírithe ar an bpobal go ginearálta a chur ar an airdeall, a scríobh i nGaeilge shimplí a bheadh intuigthe ag gach léibhéal Gaeilge agus aoisghrúpa.