Bagairt nua ón spéir i gcogaíocht drugaí na Brasaíle

Tá dróin spiaireachta in úsáid i gcogaíocht drugaí na Brasaíle le tamall de bhlianta, ach le míonna beaga anuas thosaigh na buíonta drugaí éagsúla agus na ‘mílístí’ i gcathair Rio de Janeiro ag buamáil a chéile

Bagairt nua ón spéir i gcogaíocht drugaí na Brasaíle

Is cosúil go bhfuil a súile ar an gcogadh idir an Rúis agus an Úcráin ag buíonta drugaí agus mílístí chathair Rio de Janeiro, sa Bhrasaíl.

Amhail arm na Rúise agus na hÚcráine, tá dróin in úsáid ag na buíonta drugaí móra atá i gcoimhlint lena chéile i Rio de Janeiro, agus chomh maith leis sin ag na ‘mílístí’ – grúpaí paraimíleatacha déanta suas de phóilíní agus iarphóilíní a mhaíonn go bhfuil cath á chur acu ar na buíonta drugaí, ach a éilíonn airgead mór ar ghnóthaí agus ar áitritheoirí i scéimeanna cambhrú cosanta.

Chun a bheith ag spiaireacht ar a chéile amháin a bhaineadh na buíonta drugaí agus na mílístí úsáid as na dróin go dtí le gairid, ach ó mhí Bealtaine na bliana seo i leith thosaigh siad ag buamáil a chéile.

Buamaí píobáin de dhéantús baile, líonta le púdar gunna agus scriúnna nó scealpanna gloine, a úsáidtear den chuid is mó.

Tharla ar a laghad 10 n-ionsaí buamála dróin i gcathair Rio de Janeiro ó mhí na Bealtaine i leith agus cé nár maraíodh éinne iontu go fóill, leonadh daoine nach raibh baint ná páirt acu leis an gcogaíocht drugaí – beirt pháistí ina measc – agus rinneadh dochar do thithe, do charranna agus do mhaoin eile.

De réir an chláir teilifíse iniúchta Fantástico, a choinnigh súil ar úsáid na ndrón sa chogaíocht drugaí i gcathair Rio de Janeiro le dhá mhí anuas, tá clúdaigh á gcur ar na sráideanna in favelas áirithe ag na buíonta drugaí in iarracht iad féin a chosaint ó dhróin a naimhde, agus bíonn páirceanna sacair agus spásanna oscailte eile sna ceantair sin tréigthe san oíche.

Gan dabht ciallaíonn na clúdaigh os cionn na sráideanna gur deacra fós do na gnáthphóilíní (nach ionann iad agus na mílístí) úsáid a bhaint as héileacaptair agus go deimhin as a gcuid drón féin chun áitritheoirí na bhfavelas a chosaint ón gcogaíocht drugaí, agus gur láidre fós greim na mbuíonta drugaí agus na mílístí ar an saol sna ceantair sin.

Le blianta beaga anuas tá laghdú beag tagtha ar líon iomlán na marbh i bhforéigean uirbeach na Brasaíle, ach fós féin fuair os cionn 40,000 Brasaíleach bás sa chogaíocht drugaí anuraidh; is ionann sin agus daonra iomlán Dhroichead Átha.

Fág freagra ar 'Bagairt nua ón spéir i gcogaíocht drugaí na Brasaíle'