Is iad Cois Fharraige i gcontae na Gaillimhe agus Iorras i gcontae Mhaigh Eo an dá cheantar Gaeltachta is mó atá i mbaol creimthe agus tuillte, de réir léarscáil nua atá eisithe ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Léirítear ar léarscáil na gcóstaí neamhchosanta atá forbartha ag an gcoláiste na pobail, láithreacha oidhreachta, agus áiteanna eile is mó atá i mbaol ó dhrochaimsir agus fórsaí eile a bhaineann leis an athrú aeráide.
Is é Cois Fharraige an ceantar Gaeltachta a bhfuil an cósta is faide sa chatagóir “thar a bheith oscailte” aige ar an léarscáil agus an ceantar ar fad, nach mór, ó cheann thoir na Gaeltachta ar bhruach chathair na Gaillimhe chomh fada siar le Ros an Mhíl i ndath dearg. Tá foscadh áirithe in áiteanna áirithe taobh thiar den Spidéal i mbaile fearainn Sháile Chuanna, áit a bhfuil dath oráiste ar an léarscáil, ach cé is moite de sin tá an cósta “thar a bheith oscailte” ann.
Is amhlaidh an scéal i gceantar Iorrais i nGaeltacht Mhaigh Eo agus dath dearg ag síneadh timpeall ar cheann theas na leithinse agus chomh fada ó thuaidh le Béal an Mhuirthead. Tá na ceantair eile Ghaeltachta ar chósta Mhaigh Eo Gaoth Sáile, an Corrán, agus cuid d’Acaill “thar a bheith oscailte” freisin.
Tá paistí dearga ar an léarscáil in Oileáin Árann ach is é Inis Oírr, an t-oileán is lú acu, is measa as agus trí cheathrú den oileán i ndath dearg. Tá an taobh ó dheas d’Árainn féin “réasúnta” oscailte agus foscadh maith tugtha ag aillte arda an oileáin ar an taobh sin.

Dathanna buí agus glasa atá i gCorca Dhuibhne dne chuid is mó agus cosaint tugtha ag leithéidí Chnoc an Iolair, Ceann Sléibhe, Cruach Mhárthain, agus Cnoc Bréanainn don leithinis Ghaeltachta. Mar sin féin, tá áiteanna amhail Cuan Ard na Caithne, Cuan Cheann Trá agus Bá an Daingin i mbaol mór, de réir na léarscáile, agus dath dearg ar an gcósta sna cuanta beaga sin. Dathanna buí agus agus glasa atá ar na Blascaodaí tar éis go bhfuil siad amuigh i lár an Atlantaigh. Dath dearg atá ar cheantair Ghaeltachta in Uíbh Ráthach freisin, go háirithe timpeall ar an gCoireán in iarthar na leithinse.
Cé go bhfuil Dún Garbhán, atá ina bhaile seirbhíse Gaeltachta do Ghaeltacht na nDéise, “thar a bheith oscailte”, níl an ceantar timpeall ar an Rinn agus an Seanphobal féin ach “réasúnta oscailte”.
Tá muintir Ghaeltacht Thír Chonaill níos fearr as arís, agus an chuid is mó den chósta ansin, seachas an ceann tíre ag Cnoc Fola, glas agus buí den chuid is mó. Tá corroileán amach ó chósta na Rosann dearg in áiteanna freisin ach is oileáin gan chónaí a bhformhór. Tá Toraigh “an-oscailte” nó “thar a bheith oscailte” in áiteanna áirithe ar an taobh ó dheas den oileán sin, go háirithe timpeall ar an mBaile Thiar mar a bhfuil roinnt mhaith de phobal an oileáin ina gcónaí.

Is é seo an chéad léarscáil ina léirítear an chontúirt atá ann do chóstaí na hÉireann ón mbaol a bhaineann leis an athrú aeráide – ardú na bhfarraigí agus stoirmeacha móra geimhridh ina measc.
Rinneadh measúnú ar 8,757km de chósta na hÉireann agus cuireadh sonraí faoin ngaoth agus faoi thonnta farraige a bailíodh le 30 bliain anuas san áireamh agus an taighde á dhéanamh. Breathnaíodh ar an gcineál cladaigh a bhí in áiteanna, ar rilíf an chósta, agus ar na gnáthóga nádúrtha a bhí ann agus an anailís á déanamh.
Fág freagra ar 'Cois Fharraige agus Iorras na ceantair Ghaeltachta is mó i mbaol ó ‘chontúirtí aeráide’ de réir léarscáil nua'