Tá an Íoslainn i ndiaidh vótáil i gcoinne mholadh a rialtais chun cainteanna a oscailt leis an Aontas Eorpach maidir le ballraíocht iomlán san Aontas a bheith ag an tír. Trí mhóramh compordach 52.5% in aghaidh 47.5%, diúltaíodh don mholadh go n-osclófaí cainteanna aontachais.
Is buille mór é seo don ollstát Eorpach atá ag streachailt, tar éis teip ar reifrinn aontachais san Iorua agus san Eilvéis, mar aon le himeacht na Breataine as an Aontas. Tá an tAE anois ag fiosrú go corrach i measc na stát Balcánach achrannach agus san Úcráin le haghaidh iarratasóirí nua.
Idir an dá linn, ar ndóigh, a fhad is bhíonn an Ghearmáin, an chumhacht thionsclaíoch atá mar chnámh spairne an Aontais, ag dul ar gcúl ó thaobh na heacnamaíochta de, beidh an chuid eile den AE ag dul ar gcúl léi.
Bhí súil ag rialtas na hÍoslainne gur cleas cliste a bheadh ann reifreann a reáchtáil ar cheart nó nár cheart cainteanna a oscailt. Shíl siad go mbeadh suim fiú acu siúd nach dtaitníonn an tAE leo feiceáil céard a chuirfeadh an tAE ar an mbord.
Ina ionad sin, d’aithin muintir na hÍoslainne an cleas. Bhí a fhios acu dá gcuirfí tús le cainteanna go gcuirfeadh bunaíocht airgeadais is riaracháin na tíre go daingean i bhfabhar an ballraíochta agus go mbeadh móiminteam, a d’fhéadfadh a bheith doshrianta, taobh thiar den iarracht an Íoslainn a cheangal isteach san AE.
Ba í ceist na hiascaireachta an phríomhcheist. Is tír sách saibhir í an Íoslainn, ach tá a saibhreas ag brath go hiomlán ar an iascach. Meastar gur vótáil 90% d’iascairí i gcoinne cainteanna leis an AE, agus iad buartha go ndéanfadh an Comhpholasaí Iascaigh creach orthu, mar a tharla le hÉirinn. Le flíteanna na Fraince agus na Spáinne an sciar is mó d’iasc in uiscí na hÉireann, de réir rialacha an AE.
Agus cuimhnigh: luadh drochscéal iascaigh na hÉireann sa díospóireacht san Íoslainn. Níor theastaigh ó na hÍoslannaigh go dtarlódh an rud céanna dóibhsean.
Tá an Íoslainn ina ball den Mhargadh Aonair agus tá rochtain aici ar mhargadh an AE dá cuid táirgí, chomh maith le saorghluaiseacht isteach sa mbloc cheana féin.
Mholtaí go bhféadfadh Éire leas a bhaint as na lamháltais mhóra a bheadh le déanamh ag an AE go háirithe maidir leis an gComhpholasaí Iascaigh chun sciar níos mó dár n-uiscí iascaireachta féin a fháil ar ais.
Ach bheadh rialtas ag teastáil a bheadh sásta troid a dhéanamh lena aghaidh sin, agus ó tharla na páirtithe freasúra, lena n-áirítear Sinn Féin, a bheith ag teacht le chéile chun tacú le ballraíocht san AE, b’amaideach a cheapadh go ndéanfadh an rialtas seo, ná rialtas faoi cheannas Shinn Féin, an troid sin.
Tarraingíonn an cheist aird, áfach, ar fhaillí stát na hÉireann ó chomh fada siar le 1972. Bhíothas sásta cearta iascairí na hÉireann a thabhairt ar shiúl gan aon chúiteamh. In earnáil a d’fhéadfadh spreagadh eacnamaíoch a sholáthar do chósta an iarthair, tá ár bpobail iascaireachta ag streachailt.
Ar ndóigh, níl an tAE tar éis an troid a ghéilleadh. Is fiú a thabhairt faoi deara ráitis chráiteacha Tony Connelly, Comhfhreagraí na hEorpa ag RTÉ. D’admhaigh sé gur chaill an tAE, ach dúirt sé freisin go raibh an cheist “socraithe ar a laghad go dtí 2028”.
Cén fáth 2028? Mar go bhfuil rún ag an AE iarracht a dhéanamh díospóireacht eile agus reifreann eile a chur ar mhuintir na hÍoslainne. Is é mana an AE ná mura vótálann na daoine an bealach ‘ceart’ gur chóir go dtabharfaí orthu vótáil arís agus arís eile go dtí go bhfaighidh siad ‘ceart’ é.
Seo é a rinne siad in Éirinn, maidir le Conarthaí Liospóin agus Nice, agus nuair a dhiúltaigh na Francaigh agus dreamanna eile don Bhunreacht don AE a bhí beartaithe, rinne siad neamhaird ar an bpróiseas iomlán. Thug siad mionathruithe riaracháin ar na moltaí agus thug siad isteach iad gan vóta ar bith.
B’in gné eile den daonlathas Eorpach nach raibh ag teastáil ó na hÍoslannaigh.
Fág freagra ar 'Buile buailte ag an Íoslainn ar an Aontas Eorpach'