‘Ceart bunúsach’ á shéanadh ar pháistí na Gaeltachta i Ráth Chairn – grúpa tuismitheoirí

Tá litir oscailte scríofa ag grúpa tuismitheoirí as Gaeltacht na Mí a deir nach bhfuil ‘tús áite’ á dtabhairt dá bpáistí, ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad, sa naíonra áitiúil

‘Ceart bunúsach’ á shéanadh ar pháistí na Gaeltachta i Ráth Chairn – grúpa tuismitheoirí

Tá cáineadh géar déanta ar Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) ag grúpa tuismitheoirí as Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí a deir nach dtugtar “tús áite” do pháistí na Gaeltachta I bpolasaithe na heagraíochta.

Deirtear sa litir oscailte atá scríoga ag an ngrúpa tuismitheoirí go bhfuil polasaithe Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ag cur bac “suntasach” ar iarracht na dtuismitheoirí a bpáistí a thógáil le Gaeilge i nGaeltacht Ráth Chairn. Deir na tuismitheoirí gur “náireach” an scéal é go bhfuil an “ceart bunúsach” go mbeadh seirbhís luathoideachais ar fáil do mhuintir na Gaeltachta “á séanadh”.

Déantar cáineadh láidir ar pholasaithe iontrála CNNG sa litir agus deirtear go dtéann sé “glan in aghaidh an dea-chleachtais maidir le buanú mionteanga”

Deirtear sa litir nach bhfuil an Ghaeilge luaite ar chor ar bith i bpolasaí iontrála CNNG agus gur diúltaíodh, i mbliana agus anuraidh, áit sa naíonra i Ráth Chairn do bheirt pháistí atá á dtógáil le Gaeilge. Dúradh gur diúltaíodh do na páistí  mar go raibh páiste amháin seacht lá ró-óg agus an páiste eile lá amháin ró-óg.

Dúirt na tuismitheoirí gur tugadh “tús áite de réir dáta breithe” do pháistí taobh amuigh den Ghaeltacht in áit tús áite a thabhairt don chainteoir dúchais. Deirtear i bpolasaí CNNG nach nglacfar le páistí atá ró-óg ach ar chúiseanna eisceachtúla, ach dhiúltaigh an CNNG “eisceacht a dhéanamh sa dá chás” seo. Cáintear chomh maith sa litir an cinneadh gan páistí atá á dtógáil le Gaeilge a chur le chéile sa naíonra.

“I mbliana i Ráth Chairn, tá ceathrar páistí sa naíonra atá á dtógáil le Gaeilge amháin sa bhaile ach diúltaíonn CNNG na páistí seo a chur le chéile. Tá páiste [amháin] den cheathrar ina haonar anois i rang, timpeallaithe ag páistí le Béarla,” a deirtear.

Dúirt Ray Mac Pháidín, Bainisteoir Stiúrtha CNNG go gcaithfidh páistí a bheith in aois an naíonra agus nach féidir leo eisceacht ar bith a dhéanamh maidir leis sin.

Ag labhairt dó ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt sé gurb é seo “polasaí náisiúnta na heagraíochta” atá leagtha síos ag an Roinn Leanaí agus go gcaithfidh siad “cloí leis sin”.

Dúirt sé nach féidir leo páistí a thógáil atá ró-óg ná eisceacht a dhéanamh de Ráth Chairn mar go mbeadh “ceithre scór tuismitheoirí” as na cenatair eile ar fad ag iarraidh go ndéanfaí eisceacht dóibh.

Dúirt sé gur féidir eisceacht a dhéanamh do pháistí atá in aois naíonra sa chás is go bhfuil siad ag iarraidh bogadh ó naíonra amháin go dtí naíonra eile ach gurb é sin “an t-aon eisceacht” atá ceadaithe.

Thug sé le fios chomh maith go bhfuil na páistí uilig “á ngrúpáil” mar is ceart i naíonra Ráth Chairn, de réir an pholasaí atá leagtha amach acu.

Dúirt Mac Pháidín gur sheol sé ríomhphost chuig an ghrúpa tuismitheoirí tráthnóna Dé hAoine seo a chuaigh thart ina ndúirt sé go raibh sé sásta cruinniú a bheith aige leo ar líne ach nár glacadh lena chuireadh.

Dúirt sé go ndúirt na tuismitheoirí nach fiú a bheith ag caint le CNNG mura bhfuil siad sásta a gcuid polasaithe a athrú.

Seisear tuismitheoirí as Ráth Chairn a chur a n-ainm leis an litir ina ndeirtear go bhfuil gá le “cainteanna práinneacha” faoin scéal. Deir siad gur chóir go mbeadh Roinn na Gaeltachta lárnach sa iarracht chun teacht ar réiteach.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar CNNG ach níor tháinig siad ar ais chugainn go fóill.

Fág freagra ar '‘Ceart bunúsach’ á shéanadh ar pháistí na Gaeltachta i Ráth Chairn – grúpa tuismitheoirí'