Acht na Gaeltachta 2012, a thug Dinny Mc Ginley (FG) isteach, a chuir deireadh le toghcháin Údarás na Gaeltachta, toghcháin a bhíodh á reáchtáil chuile cúig bliana ó bunaíodh an tÚdarás i 1980.
Sular ceapadh Micheál Martin ina Thaoiseach in 2020, thug sé gealltanas, i litir a shínigh sé féin chuig Cumann Forbartha Chois Fharraige, go dtabharfaí ar ais na toghcháin le baill thofa a roghnú ar bhord Údarás na Gaeltachta, dá mbeadh Fianna Fáil páirteach sa rialtas.
Thóg sé dhá bhliain ar an gcomhrialtas – Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas –stiúir an Martin, dréachtchinn an Bhille a cheadú. Níor tharla mórán ina dhiaidh sin go dtí gur leagadh cúram na Gaeltachta ar Thomas Byrne Fhianna Fáil i mí Aibreán 2024. Cuireadh Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 os comhair na Dála ar an 11 Iúil 2024 agus é mar aidhm ag an mBille cur leis ‘an ionadaíocht dhaonlathach ar bhord Údarás na Gaeltachta’, mar a dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne sa Dáil ag an am. Ní raibh an reachtaíocht imithe tríd sular scor an Dáil ag deireadh na bliana 2024. Reáchtáladh olltoghchán i Samhain 2024 agus cuireadh moill ar an bpróiseas.
Lena cheart a thabhairt don Aire nua Gaeltachta, Dara Calleary, agus gan ach dhá mhí caite ag bord an rialtais aige, thug sé bille Thomas Byrne ar ais os comhair na Dála mí na Márta 2025. Ón gcéad lá de mhí Iúil 2026, an lá a chuir an tUachtarán Catherine Connolly a síniú le hAcht Údarás na Gaeltachta (Leasú), is é dlí na tíre gur ceart toghcháin a reáchtáil anois le deichniúr ball tofa ó na Gaeltachtaí a roghnú, le suí ar Bhord Údarás na Gaeltachta in éindí le seisear eile a bheas roghnaithe ag Aire na Gaeltachta.
Sé bliana a thóg sé ar an rialtas an reachtaíocht riachtanach a shocrú chun go bhféadfaí gealltanas Mhicheál Martin a chomhlíonadh, agus is fiú an cheist a churanois cén fhad a thógfaidh sé sula a gcuirfear an reachtaíocht i bhfeidhm? Cén uair a reáchtáilfear na toghcháin dhaonlathacha le cur ar chumas phobal na Gaeltachta a n-ionadaithe féin a roghnú ar Bhord Údarás na Gaeltachta?
De réir mo thuisceana ar an reachtaíocht, is faoin aire Gaeltachta, Dara Calleary, atá sé an toghchán a ghairm, dáta a fhógairt, agus na rialacháin a shocrú. Is faoi na húdaráis áitiúla sna contaetha éagsúla Gaeltachta na toghcháin a reáchtáil ar an lá a shocraíonn an tAire. Tá leide sa reachtaíocht go mb’fhearr leis an rialtas na toghcháin don Údarás a bheith ann ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla. Ach d’imigh an deis sin dhá bhliain ó shin agus gan an reachtaíocht réidh in am.
Beidh sé spéisiúil féachaint an mbeidh seifteanna á gceapadh ag Roinn na Gaeltachta le toghchán an Údaráis a chur ar an méar fhada. Seans go gcloisfear argóintí go mbeadh sé níos saoire iad a reáchtáil ag an am céanna leis na toghcháin áitiúla nó lá olltoghcháin. Ach ní bheidh ólltoghchán ná toghcháin áitiúla/Eorpacha ann go dtí 2029, mura dtiteann an rialtas as a chéile idir an dá linn.
Tá 21 bliain caite ón uair dheireanach a reáchtáladh toghchán an Údaráis i mí Aibreáin 2005. An Satharn, an 2 Aibreán, an lá a phioc Éamon Ó Cuív, a bhí ina Aire Gaeltachta ag an am, sa gcaoi is nach mbeadh aon ghá scoileanna a dhúnadh. Sna meastacháin don bhliain 2005, cuireadh €347,000 ar fáil do Roinn na Gaeltachta le híoc as na toghcháin. Seans maith go gcosnóidh sé €500,000 ar a laghad na toghcháin a reáchtáil an uair seo. Nuair a fhoilseofar na meastacháin, an chéad mhí eile, don Roinn Forbartha Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, beidh sé spéisiúil an mbeidh soláthar déanta do Roinn na Gaeltachta chun costas na dtoghchán a chlúdach.
Sa gcás nach mbeidh airgead á chur ar fáil do thoghcháin an Údaráis, seans maith go gcloisfear caint ar chomhráití a bheith ar bun leis na comhairlí contae éagsúla agus leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus leis an Roinn Rialtais Áitiúil. Seans go ndéarfaidh an tAire sa Dáil go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag obair go dian – blea, blea, blea! – ar na socruithe a dhéanamh. B’fhéidir go mbunófar Coiste Idir-rannach, fiú amháin. Maith dom má táim ag fáil soiniciúil i mo sheanaois, ach tá go leor samplaí feicthe agam thar na blianta de na cleasanna oifigiúla a úsáidtear leis na coscáin a oibriú ar phróiseas chun moill a chur ar ghníomh.
An bhfuil sé áiféiseach domsa a cheapadh go ndéanfadh Aire na Gaeltachta na toghcháin don Údarás a chur siar go dtí lár na bliana 2029? An mbeadh sé de dhánaíocht ag Aire na Gaeltachta gan na toghcháin don Údarás a reáchtáil go ceann trí bliana eile agus muid ag fanacht sé bliana cheana, ó thug an Taoiseach gealltanas go dtabharfaí ar ais iad? Nósfaidh na meastacháin a fhoilseofar an chéad mhí eile.
Donncha
Níl suim ag formhór pobal na Gaeltachta i dtoghcháin d’Údarás na Gaeltachta. Is cuir amú airgid a bheadh ann. Siad an t-aon dream atá ag caint faoi ná iad siúd a mbeadh sodar futhu ag rith le n’aghaidh.