Beidh iarratasóirí ar shaoránacht na hÉireann in ann an scrúdú nua teanga atá le tabhairt isteach mar chuid den phróiseas eadóirseachta a dhéanamh i nGaeilge má thograíonn siad é.
Beidh rogha ann idir scrúdú Béarla, scrúdú Gaeilge, nó scrúdú i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann, na trí theanga a bhfuil stádas oifigiúil acu sa tír seo. Tá na treoirlínte maidir leis an bpróiseas nua eadóirseachta le cur faoi bhráid Bhord an Rialtais Dé Céadaoin ag an Aire Dlí agus Cirt Jim O’Callaghan.
Bhí éiginnteacht ann ar feadh tamaill inné nuair a tuairiscíodh go ndúirt an Taoiseach Micheál Martin go mbeadh ar iarratasóirí a chruthú go raibh a ndóthain Béarla ar a dtoil acu le bheith “neamhspleách” ach go mbeadh orthu “buneolas ar an nGaeilge” a léiriú freisin.
Tá soiléireacht lorgtha ag Tuairisc ón Roinn Dlí agus Cirt faoi na polasaithe teanga a bheidh sa reachtaíocht nua ach níor tugadh freagra ar an iarratas sin go fóill.
Tá sé ráite ag an eagraíocht Céad Míle Fáilte, a thugann tacaíocht d’inimircigh atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim, go bhfuil “acmhainní, maoiniú, agus tacaíochtaí” ag teastáil ón stát le deiseanna foghlama Gaeilge a thabhairt do dhaoine atá ag iarraidh saoránacht na hÉireann a fháil.
Dúradh i ráiteas Chéad Míle Fáilte go bhfuil sé “de cheart ag gach duine sa tír seo teacht a bheith acu ar an nGaeilge” agus gur féidir “dea-chleachtas idirnáisiúnta a úsáid” le cur chuige “dearfach, tacúil agus córasach” a chur ar bun a thabharfadh an deis do dhaoine “seoid na Gaeilge” a bheith acu.
“Is ionchuimsiú atá ag teastáil, agus chuige sin tá acmhainní, maoiniú agus tacaíochtaí ag teastáil ón stát. Is do gach éinne an teanga agus is linne ar fad í. Ní cóir go mbeadh éinne fágtha ar lár maidir le cúrsaí Gaeilge in Éirinn, Gael is ea Gael, is cuma dubh, bán nó riabhach,” a dúradh ina ráiteas.
Dúirt John Lannon, príomhfheidhmeannach na heagraíochta Doras a thugann tacaíocht d’inimircigh, go gcaithfidh an Rialtas ranganna teanga a chur ar fáil más rud é go mbeidh scrúduithe teanga le déanamh ag iarratasóirí ar shaoránacht. Mhaígh sé go mbíonn formhór na n-inimirceach chun na hÉireann ag iarraidh an Béarla a fhoghlaim ach nach mbíonn an deis sin acu.
Chruthaigh ceist na Gaeilge sa phróiseas eadóirseachta conspóid san aimsir a caitheadh. Deich mbliana ó shin, dúirt Conradh na Gaeilge go raibh sé “áiféiseach agus amaideach” nach raibh focal Gaeilge le cloisteáil sna searmanais bronnta saoránachta a bhí á reáchtáil ag an Roinn.
Bronnadh saoránacht na hÉireann ar Simon Brooke, nach maireann, cainteoir Gaeilge as Sasana an bhliain sin, ach bhí díomá air nach raibh focal Gaeilge le cloisteáil ag an searmanas.
Chuir Jim O’Callaghan, atá anois ina Aire Dlí agus Cirt, ceisteanna sa Dáil faoin easpa Gaeilge ag an searmanas agus faoin easpa cheol na hÉireann ag na hócáidí céanna. Dúirt Aire Dlí agus Cirt na linne sin, Frances Fitzgerald, nach raibh sé i gceist ag an Roinn aon athrú a dhéanamh ar an searmanas.
Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, bhí an-deacracht ag iarratasóir ar shaoránacht na hÉireann as an tSín an próiseas a chur de ina rogha teanga – an Ghaeilge. Cuireadh moill ar bhronnadh saoránachta ar an Dr Fangzhe Qiu, atá ina ollamh cúnta leis an tSean-Ghaeilge in UCD agus a bhí ina chónaí in Éirinn le 15 bliain nuair a chuir sé isteach ar an bpróiseas i nGaeilge.
Sé mhí tar éis don Dr Qiu na foirmeacha cuí a líonadh i nGaeilge agus a sheoladh ar aghaidh, fuair sé scéal ón Roinn Dlí agus Cirt ag iarraidh air an t-iarratas a dhéanamh ar líne i mBéarla.
Padraig
“Yu Ming is ainm dom “