Tacaíocht an Taoisigh faighte ag feachtas chun Gaelcholáiste a bhunú in iarthar Chorcaí

Tá súil ag grúpa feachtais in iarthar Chorcaí cruinniú a fháil leis an Aire Oideachais faoi Ghaelcholáiste a bhunú i gCloich na Coillte

Tacaíocht an Taoisigh faighte ag feachtas chun Gaelcholáiste a bhunú in iarthar Chorcaí

Pictiúr: Anne Holland

Tá súil ag grúpa atá ag feachtasaíocht ar son Gaelcholáiste in iarthar Chorcaí cruinniú a bheith acu leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton agus le hoifigigh de chuid na Roinne Oideachais an mhí seo chugainn.

Dúirt Neil Grant, urlabhraí de chuid an ghrúpa agus tuismitheoir a bhfuil a chlann ag freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge, le Tuairisc gur éirigh go maith leis an gcruinniú a bhí ag an ngrúpa leis an Taoiseach Micheál Martin an tseachtain seo caite agus go bhfuil súil acu anois dul i bhfeidhm ar an Aire Naughton.

“Tá sé an-luath [san fheachtas] go fóill, ach tá freagraí faighte againn ón Roinn [Oideachais] agus tá súil againn casadh leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton i mí Mheán Fómhair. Táimid ag dul isteach sa chéad chéim eile anois, agus tá sé go maith go bhfuil an Taoiseach ag tacú leis an gcoincheap, ar an mórgóir.

“Tá tacaíocht againn ó gach páirtí anseo in iarthar Chorcaí, ó Michael Collins ó Independent Ireland, Holly Cairns ó na Daonlathaithe Sóisialta, Noel O’Donovan ó Fhine Gael, agus Christopher O’Sullivan ó Fhianna Fáil. Tá tacaíocht léirithe ag Teachtaí Dála, Seanadóirí, agus comhairleoirí contae eile chomh maith. Tuigeann siad go bhfuil cás láidir againn, go bhfuil cás láidir ann Gaelcholáiste a oscailt don mhórcheantar ar fad,” a dúirt Grant le Tuairisc.

Dúirt sé gur “údar díomá” don ghrúpa an bhéim a leagann an Roinn Oideachais ar cheist an daonra agus scoileanna nua á mbeartú acu agus gur chóir níos mó airde a thabhairt ar na riachtanais teanga a bheadh ag tuismitheoirí i gceantar freisin.

“Is é an t-aon údar díomá atá ann ná go mbunaíonn an Roinn an ‘éileamh’ ar scoil nua ar an deimeagrafaic seachas ar an ngá atá ann le hoideachas trí Ghaeilge. Caithfear an reachtaíocht a athrú ansin, mar tá sé an-tábhachtach go gcuirtear an taobh sin san áireamh.

“Sin ceist a tháinig aníos leis an Taoiseach, go bhfuil an próiseas bunaithe ar an deimeagrafaic agus go gcaithfidh tú an pointe sin a chruthú san iarratas,” a dúirt Grant.

Ach mhaígh sé gur cheart don Roinn Oideachais breathnú ar an scoil atá á lorg ag an ngrúpa i gCloich na Coillte mar scoil a d’fhreastalódh ar cheantar níos leithne ná an baile sin, agus daonra an mhórcheantair máguaird a chur san áireamh agus an t-iarratas á mheas.

Carmel Nic Airt, An Taoiseach Micheál Martin TD, Traolach Ó Donnabháin agus an Teachta Dála Christopher O’Sullivan. Pictiúr: Anne Holland

“An pointe ar aontaigh an Taoiseach leis, agus an pointe deimeagrafaic a rinne muid, ná go bhfuil fás as cuimse tagtha ar an daonra in iarthar Chorcaí agus go mbeadh an Gaelcholáiste ag freastal ar Dhroichead na Bandan, Beanntraí, an Sciobairín, agus áiteanna eile.

“Níl a fhios agam an é an chaoi go raibh [an Roinn Oideachais] ag breathnú ar Chloich na Coillte amháin agus ag rá go raibh raidhse scoileanna scoileanna i gCloich na Coillte. An pointe atáimid a dhéanamh ná go bhfuil gá ann le Gaelcholáiste do cheantar níos fairsinge ná sin. Nuair a chonaic an Taoiseach an fhianaise sin, bhí sé an-tacúil. Dúirt sé go raibh argóint láidir againn agus go raibh sé sásta tacaíocht agus treoir a thabhairt dúinn,” a dúirt Grant.

Bhí ionadaithe de chuid an ghrúpa i láthair ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais cheana agus dúirt Grant go ndearna siad “an-chur i láthair” ann.

“Dúradh ag an am, faraor, nach mbunófar aon scoil nua roimh 2030. Tá súil againne go mbeidh Gaelcholáiste Iarthar Chorcaí ann in 2029. Ach níor aontaigh an Taoiseach leis an maíomh faoi 2030. Dúirt sé go raibh 2029 ‘uaillmhianach’ ach ní dúirt sé nárbh fhéidir é a dhéanamh.

“Léiríonn figiúirí na Roinne féin go mbeidh ganntanas 450 áit scoile ann sa cheantar seo in 2032. Cén fáth a bhfanfaí go dtí 2030 le scoil a bhunú nuair atá na figiúirí sin againn? Ná fantar ar 2032, tógtar anois í. Beidh na figiúirí sin á gcur i láthair againn don Roinn agus don Aire [an mhí seo chugainn],” a dúirt Grant.

Dúirt sé gur “údar misnigh” a bhí ann go raibh an Taoiseach féin den tuairim go bhféadfaí scoil nua a bhunú roimh 2030 agus go bhfuil “an doras ar leathadh” anois.

“Tá an doras ar leathadh anois agus an plean atá againn ná an doras sin a bhrú. Ní dóigh liom go n-oibreoidh sé anseo má fhanann siad ceithre bliana le scoil a bhunú, ag breathnú ar na huimhreacha. Tiocfaidh méadú 20% ar dhaonra iarthar Chorcaí, bunaithe ar na figiúirí ó Dhaonáireamh 2022 agus bheinn féin in amhras faoin tuar sin, mar rinneadh an daonáireamh sin ceithre bliana ó shin. Is cinnte go bhfuil cás le déanamh againn,” a dúirt sé.

Tá 400 dalta ag freastal ar bhunscoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar faoi láthair. Rinne lucht an fheachtais cur i láthair don Taoiseach inar luadh an cás “oideachasúil, bunreachtúil, eacnamúil, agus deimeagrafach” do Ghaelcholáiste réigiúnach i gCloich na Coillte.

Maíodh go raibh go raibh neart múinteoirí sa cheantar cheana féin a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus go neartaíonn a ghaire is atá an ceantar do Ghaeltacht Chorcaí an cás don scoil. Tugadh le fios go bhfuil spéis léirithe ag cuid de na múinteoirí sin i bpoist sa Ghaelcholáiste, dá mbunófaí é, agus go bhfuil fiosruithe tosaithe ag an ngrúpa le múinteoirí do shainábhair a aimsiú.

Rinneadh suirbhé sa cheantar le déanaí ina bhfuarthas 522 freagra. Thug 95% d’fhreagróirí an tsuirbhé sin le fios go dtacóidís le bunú Gaelcholáiste sa cheantar agus thug 80% le fios go gcláródh siad a bpáistí féin lena leithéid d’institiúid oideachais.

Ghlac teaghlaigh ó bhreis agus 50 bunscoil sa mhórcheantar páirt sa suirbhé, 85% acu a raibh clann acu i nGaelscoil agus an 15% a raibh clann acu i scoileanna lán-Bhéarla an cheantair. Creideann an grúpa feachtais go mbeadh suas le 500 dalta ag freastal ar an nGaelcholáiste taobh istigh de chúig bliana i ndiaidh a bhunaithe.

Fág freagra ar 'Tacaíocht an Taoisigh faighte ag feachtas chun Gaelcholáiste a bhunú in iarthar Chorcaí'

  • Pádraig

    Nár laga Dia iad!
    Tá roinnt snámha in aghaidh easa le déanamh fós acu ach tá cnámh droma i muintir na háite sin agus bhí i gcónaí riamh.
    Meánn tacaíocht an Taoisigh roinnt, chomh maith, déanaim amach. An gcuirfidh sé cogar láidir i gcluais Hildegarde?
    Tá ‘Cloch na Coillte’ suaithinseach mar áitainm chomh maith.
    Ó thaobh na gramadaí de, áfach, bheifeá ag súil le ‘Cloch na gCoillte’.
    Tá ‘Clanna Caoilte’ breactha anseo is ansiúd i roinnt sean-cháipéisí agus b’fhéidir gur mar sin a fuaimníodh é nuair a bhí an Ghaoluinn forleathan, nó ‘Clanna Caoilthe’, b’fhéidir.
    Tá ‘Cloich na Coillte’ ann leis.