Reáchtáladh naoi gcruinniú de chuid mheithleacha oibre Chomhairle an Aontais Eorpaigh i nGaeilge i gcaitheamh na chéad mhíosa d’Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle.
Thosaigh an uachtaránacht ar an 1 Iúil agus beidh sí ag Éirinn go dtí deireadh na bliana.
Seo é an chéad uair a bhfuil stádas iomlán oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus Uachtaránacht na Comhairle ag an tír seo. Bhí an uachtaránacht ag Éirinn cheana i 1975, 1979, 1984, 1990, 2004, agus 2013 ach ní raibh an Ghaeilge aitheanta ina teanga iomlán oibre ag an am.
Rinneadh cathaoirleacht ar chruinniú a bhí ag meitheal oibre de chuid na Comhairle i nGaeilge den chéad uair i stair na Comhairle ar an 3 Iúil. Ba é Leo Kilroy, Attaché Oideachais agus Scileanna na hÉireann, a rinne an chathaoirleacht ar an gcruinniú de chuid na meithle oideachais.
Dúradh i dtuarascáil a chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha amach faoin gcéad mhí den uachtaránacht gur baineadh “úsáid shuntasach” as an nGaeilge i gcruinnithe aireachta ó thús théarma na huachtaránachta.
Rinneadh ateangaireacht chomhuaineach go teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh le linn na gcruinnithe sin a reáchtáladh le mí anuas.
Tarraingíodh aird ar úsáid na Gaeilge san Aontas Eorpach níos luaithe an mhí seo nuair a baineadh siar as an bhFeisire Eorpach Lynn Boylan ag cruinniú. Dúirt an Feisire Boylan gurbh é an trua é nárbh fhéidir an Ghaeilge a labhairt ag na cruinnithe ach cuireadh in iúl di go raibh córas ateangaireachta i bhfeidhm ansin. Dúirt Boylan a cuid i mBéarla, mar sin féin, mar gheall gur “ullmhaigh sí i mBéarla” é.
Dúirt Boylan le The Journal ó shin go raibh “an-náire” uirthi faoin méid a tharla ach go raibh sí ag iarraidh “pointe níos leithne” a dhéanamh agus nach mbíonn seirbhísí ateangaireachta Gaeilge ag cruinnithe dá leithéid de ghnáth.
Is iomaí meitheal oibre atá i gComhairle an Aontais Eorpaigh ag a bpléitear míreanna reachtaíochta a bhaineann le réimsí éagsúla. A fhad is a bheidh uachtaránacht na Comhairle ag Éirinn – as seo go deireadh na bliana – beidh gach cruinniú de chuid na gcúig mheitheal a bhfuil Gaeilge ag an gcathaoirleach á reáchtáil i nGaeilge.
Níos luaithe an mhí seo, dúirt an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne gur “deis iontach” í an uachtaránacht lena léiriú do mhuintir na hÉireann go bhfuil an Ghaeilge ar a compord ar an ardán idirnáisiúnta.
Dúirt Byrne go bhfuil “tábhacht faoi leith” ag baint leis an ardán idirnáisiúnta a bheidh ag an teanga sna míonna amach romhainn. Dúirt sé go bhfuil súil aige go spreagfaidh sé daoine óga in Éirinn chun níos mó Gaeilge a úsáid.
Ar an iomlán, le linn théarma sé mhí na hUachtaránachta, óstálfaidh an Rialtas breis agus 280 cruinniú agus imeacht de chuid na hUachtaránachta in Éirinn, lena n-áirítear cruinniú mullaigh den Chomhphobal Polaitiúil Eorpach, cruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach, agus 22 cruinniú neamhfhoirmiúla Aireachta.
Fág freagra ar 'Naoi gcruinniú i nGaeilge mar chuid d’Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh'