Ag iascach, ag machnamh agus ag éisteacht le cantain na bhfuiseog….

Dá mbeadh lá ar do thoil agat le caitheamh sa nGaeltacht cén chaoi a gcaithfeá an lá? Scríbhneoir as Maigh Cuilinn atá againn an uair seo sa tsraith bheag nua don samhradh

Ag iascach, ag machnamh agus ag éisteacht le cantain na bhfuiseog….

Is i nGaeltacht Mhaigh Cuilinn atá an baile (fearainn) Sliabh an Aonaigh agus is í an áit Ghaeltachta í is ansa liomsa in Éirinn. Is in aistreán na sléibhte idir sráidbhaile Mhaigh Cuilinn agus sráidbhaile an Spidéil atá sí.

Áit theacht le chéile is ea ‘aonach’ agus tá an t-ainm seo le fáil go fairsing ar fud na tíre. Chloisinn gur aonach muc a bhíodh á thionól san áit seo i Maigh Cuilinn ach cheapfainn go mba mhó go mór ná muca a bhíodh á ndíol ann. Cheapfainn an-chuid táirgí a bheith á reic: earraí cniotáilte, snáth, im, uibheacha, biotáille is eile.

Déan cónaí ar mhullach Shliabh an Aonaigh agus breathnaigh uait. Beidh sár-radharc agat ar an gceantar máguaird. Na bailte sléibhe seo ar fad – Tul(ach) na nUan, Ard-Doiriú, Doire Thoirc, Poll, Leitir Meas, Leitir Péic, Both Loiscthe, Fionnán, Suí Con, Leitir, Eagúil is eile – le sonrú agat. Móide Cuan na Gaillimhe, Oileáin Árann agus an Bhoireann sa Chlár.

Tá dúiche Shliabh an Aonaigh breac ballach le lochanna – Loch an Oileáin, Loch an Tí, Loch Fhada, Loch Beag, Loch na hEascainne Báine, Loch Ard-Doiriú, Loch an Ghabhair is eile – agus ó bhíos i mo ghasúr téim chuile bhliain ag iascach sna lochanna seo. Bhíodh liatháin, blátháin is bradáin, i gcuid de na lochanna seo tamall siar. A rafaire is a bhídís tráth go mbíodh báillí á gcosaint. Ach, dáiríre píre, is bric rua amháin atá anois iontu.

Cé mar a chaithfinn lá anseo? Chaithfinn tréimhsí móra de ag iascach agus sealanna eile i mo shuí ag machnamh; ag dearcadh uaim ar an radharcra a luaigh mé. Agus, ar ndóigh, d’éistfinn le cantain na bhfuiseog, le méileach na gcaorach, le géimneach na ngamhna, agus le seitreach is cuachaíl na gcapaillíní glasa de mhianach Chonamara. ‘Gus ní dhéanfainn dearmad ar a bheith ag faire amach do na riabhóga móna.

Cá ngabhfainn le haghaidh proinne nó le deoch a ól? Faoi nach bhfuil aon óstán, ná both bia de shaghas ar bith, san áit sceirdiúil seo, is é is dóichí go mbeadh lón tugtha agam liom agus taoscán den leacht ceart. Nó sin, dá mbéarfainn ar bhreac, ar lacha fhiáin nó ar chearc fhraoigh, go ndéanfainn béile a réiteach i mball na háite is na huaire. Bhí an tráth ann, agus ní chomh fada siar sin, nuair go mba é ceantar Shliabh an Aonaigh mol dhéantús bhainne glas na heasóige; mórán chuile fhear sa cheantar ina stiléara.

Má bhím stiúgtha leis an ocras, ámh, táim ar comhfhad d’aistear idir an dá shráidbhaile a luaigh mé níos túisce, ach is ar an gCrúiscín Lán sa Spidéal a thriallfas mé mar gur ansin a chéadchas mé ar mo bhean chéile.

Is é contráth an tráthnóna an tráth is mó a shantaím le bheith i Sliabh an Aonaigh, mar gurb in an tráth is éasca breith ar bhreac, faoi gur leis an bhfionnuaire is fearr a thagann bric go barr uisce.

Ach mholfainn dom féin gan a bheith ar phort ceann ar bith de na lochanna seo sa dorchadas mar nach bhfuil bóithrín, oiread is cosán criathraigh, go dtí iad. Is ag gabháil trí bhreaclacha a bheinn; baol ó scraitheanna glugair, ó chaochphoill, ó phoill gaoithe is ó chaotha.

Faraor, tá tuirbíní gaoithe tógtha i ndeas don áit dhiamhrach seo anois, ach, a bhuí le Dia, níl aon cheann acu i gcroílár na háite féin.

Tá an Ghaeilge láidir anseo i gcónaí.

Seo é mo cheann cúrsa anois agus amach anseo.

Fág freagra ar 'Ag iascach, ag machnamh agus ag éisteacht le cantain na bhfuiseog….'