Athbhreithniú ar ‘Thriail na bhFíoras’ i ndiaidh chás Donaldson

Tá fáilte curtha roimh athbhreithniú atá riachtanach don mhuinín i riar na córa

Athbhreithniú ar ‘Thriail na bhFíoras’ i ndiaidh chás Donaldson

Chothaigh an próiseas neamhghnách a úsáideadh i gceann de na cásanna cúirte ab iomráití i dTuaisceart Éireann imní agus míshuaimhneas i measc an phobail. Cause celebre ab ea triail Jeffrey Donaldson as ionsaithe gnéis ar ghearrchailí ach díol suntais ab ea an chaoi a láimhseáladh cás in aghaidh a mhná, Eleanor Donaldson, “triail na bhfíoras”.

I bhfianaise na gceisteanna a bhí le clos in chuile cheard le trí mhí anuas d’fhógair an tAire Cirt agus an tAire Sláinte in Stormont athbhreithniú ar an mbunús atá leis an gcleachtas annamh sin. Sí aidhm na nAirí, Naomi Long agus Robbie Butler, téarmaí tagartha a aontú agus duine a cheapadh gan mhoill chun athbhreithniú a dhéanamh ar an gcreat reachtaíochta agus na nósanna imeachta do ‘thriail na bhfíoras’ . Tá súil go gcuirfear tús leis an obair an mhí seo chugainn agus go mbeidh bailchríoch uirthi faoi dheireadh mhí Feabhra. Cuireadh fáilte roimh an gcinneadh go forleathan.

Ar an 22 Meitheamh nuair a ciontaíodh iarcheannaire an DUP Jeffrey Donaldson, 63, as éigniú agus 17 cúis péidifileach eile chinn an giúiré gur neartaigh agus gur chuidigh a bhean Eleanor, 60, lena choireanna in aghaidh bheirt bhan, na gearánaithe A agus B nuair a bhí siad ina bpáistí. Níorbh fhéidir ise a chiontú áfach ná príosún a ghearradh uirthi; ní raibh sí i láthair le linn na trialach a mhair ceithre seachtaine mar ghlac an chúirt le tuairiscí leighis go raibh sí neamhinniúil chuige ar bhonn meabhairshláinte.

Beidh freagracht na beirte faoi chaibidil sa chúirt arís Dé hAoine seo chugainn nuair a bheidh deis ag dlíodóirí an ionchúisimh agus na cosanta argóintí a chur faoi bhráid an bhreithimh maidir le pianbhreith an iarpholaiteora agus cad a bheidh i ndán don bhean. Déanfaidh an breitheamh a chríonnacht freisin ar ráitis tionchair íospartaigh sula ngearrfar pianbhreith ar Jeffrey Donaldson an mhí seo chugainn. Is faoi Ordú Meabhairshláinte a chinnfear conas déileáil le Eleanor Donaldson maidir leis na cúig chúis, ceann amháin faoi chruálacht agus ceithre cinn faoi chuidiú le cionta a fir.

Tá an bheirt ag déanamh achomhairc in aghaidh chinneadh na cúirte; Jeffrey Donaldson in aghaidh a chiontaithe agus Eleanor Donaldson in aghaidh chinneadh an ghiúiré. Fógraíodh achomharc an iarpholaiteora míonna ó shin. Comhtharlúint é ach is ar an Déardaoin seo thart, an lá ar fhógair na hAirí an t-athbhreithniú a d’eascair as a cás, a tháinig sé chun solais go raibh achomharc déanta aicise.

Próiseas neamhchoiriúil is ea triail na bhfíoras ach ní féidir an cosantóir a chiontú; ní gá don gcúisí freastal ar an gcúirt. Is féidir cinneadh a dhéanamh ar bhonn na bhfíoras go ndearna nó nach ndearna an duine na cúiseanna atá curtha ina leith. Má chinntear nach ndearna an cosantóir na cúiseanna, áfach, is féidir rialú go raibh sé neamhchiontach. Bíonn foireann dlíodóirí ag an gcosantóir agus éistear an fhianaise go léir. B’in mar a bhí i gcás Eleanor Donaldson. Bhí aturnae aici agus abhcóide a rinne croscheistiú ar fhinnéithe, go háirithe na gearánaithe A agus B.

Is é Ordú Mheabhairshláinte Thuaisceart Éireann 1986 an reachtaíocht a cheadaigh an cleachtas. Is annamh a baineadh leas as, I gcás cáiliúil amháin bhí néaltrú ar an gcosantóir agus níor chothaigh sé oiread míshuaimhnis is a bhain leis an gcás seo. I measc na gceisteanna atá le scrúdú tá ar cheart na cúisimh a choinneáil beo i gcás cosantóra a bhfuil seans maith go dtiocfaidh biseach air/uirthi.

An bhfuil sé féaráilte d’íobartaigh go bhféadfadh cúisí ciontú agus pionós a sheachaint de bharr géarchéim sláinte – fiú mura mairfeadh an tinneas ach achar gearr? An féidir leasuithe a dhéanamh a chinnteodh cosaint do dhuine le tinneas meabhrach agus an chóir d’íobartaigh? Ní beag an dúshlán é ach tá sé riachtanach chun muinín i riar na córa a neartú.

Fág freagra ar 'Athbhreithniú ar ‘Thriail na bhFíoras’ i ndiaidh chás Donaldson'

  • Mise Áine

    @Ní beag an dúshlán é ach tá sé riachtanach chun muinín i riar na córa a neartú.

    Aontaím.