Tarraingíonn ‘As do Cheo’ an singil is deireanaí le Róisín Seoighe x IMLÉ asna tréimhsí deacra sa saol. Amhrán dearfach é, áfach, cé go bhfuil sé ag tagairt do na hamanna sin a bhíonn ag chuile dhuine, a mbíonn deacair deacair fáil amach astu, nó fiú an cosán os do chomhair, a fheiceáil.
“Tá tú caillte, ní fheiceann tú do shlí, tá easpa soiléireachta i do shaol. Nuair atá tú ‘as do cheo’ tá tú láidir agus saor arís.”
Bhí an ceol lárnach i saol Róisín ón tús. As Ros a’ Mhíl ó dhúchas, thóg sí go leor den amhránaíocht óna hathair agus í ag fás aníos.
“B’as Inis Bearachain mo Dheaide ó dhúchas agus as Bearna mo mháthair. Uaidh mo Dheaide a d’fhoghlaim mé na hamhráin i dtosach agus ó Sara Ghriallais as Muiceanach.”
Amhráin ar an sean-nós a d’fhoghlaim sí ar dtús, agus thosaigh sí ag scríobh a cuid amhrán féin sa stíl chomhaimseartha nuair a bhí sí sna déaga. Thug ceol Taylor Swift an-spreagadh di, go háirithe nuair a chonaic sí go raibh sí in ann na hamhráin a scríobh agus a chasadh í féin.
“Nuair a bhí mé i mo dhéagóir thosaigh mé ag cumadh amhrán leis an ngiotár. Is fan mór de chuid Taylor Swift a bhí ionam agus bhí mé ag breathnú ar an Fearless Tour agus an chaoi a mbíodh sí ag casadh amhrán faoina saol agus thug sé go leor inspioráide dom – go mbeinnse in ann rud mar sin a dhéanamh.”
Ag scríobh faoina nasc leis an nGaeilge agus an cultúr Gaelach a bhí sí sa chéad amhrán léi a eisíodh agus a ghnóthaigh cáil di, ‘Níl Mé Marbh‘.
Scríobh sí an t-amhrán ó dhearcadh na Gaeilge, í ag caint leis an éisteoir agus an teanga agus an troid ar a son á cheiliúradh aici.
Tháinig an t-amhrán sin chun cinn agus í páirteach sa togra Aisling?, léiriú stáitse le Darach Mac Con Iomaire, a ndearna Ealaín na Gaeltachta coimisiúnú air mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca in 2016.
“Tionscadal ar bith a bhíonn ar bun ag Ealaín na Gaeltachta tá siad an-tábhachtach mar tugann siad spreagadh do dhaoine a bhíonn ag tosú amach. As sin a chum mé an t-amhrán sin, agus bhí deis againn dul timpeall na tíre leis an seó agus ba dheis iontach a bhí ann dom féin.”
Tá aithne uirthi freisin óna cuid oibre leis an ngrúpa ceoil IMLÉ, agus ardmholadh gnóthaithe acu as an nuálaíocht a chur sa gceol trí Ghaeilge. Cé gur leis an amhránaíocht agus an chumadóireacht a thosaigh sí amach, baineann sí taitneamh as gach gné den léiriú ceoil, ón gcumadóireacht go dtí na físeáin agus an cur i láthair ar stáitse.
“Nuair a scríobhann tú amhrán bíonn barúil mhaith agat nuair atá tú á scríobh faoin gcineál ceoil gur mhaith leat a chur leis, agus bíonn pictiúr agat freisin faoi céard ba mhaith leat a chruthú. Is maith liom an fhuaim leictreonach agus b’fhéidir sa todhchaí gur mhaith liom blas den sean-nós a mheascadh isteach leis. Tá an oiread sin cineálacha ceoil a d’fhéadfaí a thabhairt isteach ann.”

Tagann go leor dá cuid amhrán óna saol féin. Deir sí, de réir mar a fhaigheann sí in aois, go n-aithníonn sí nach mbíonn an saol éasca i gcónaí ach go mbíonn duine ag foghlaim i gcónaí, ó na rudaí deacra agus na rudaí maithe.
Deir sí go dtugann an EP Taoille, a rinne sí le IMLÉ, pictiúr di dá saol go dtí seo agus de na rudaí a bhí ag dul ar aghaidh ina saol nuair a bhí na hamhráin á scríobh aici.
“Tá mé ag caint ar mo shaol agus na rudaí a thagann go barr uisce. Sna fichidí foghlaimíonn tú nach bhfuil an saol foirfe i gcónaí, tá tú ag foghlaim ó bhotúin. Laethanta órga, líne atá san amhrán, nuair a bhíonn tú a cheapadh go mbeidh an saol réidh i gcónaí. Bíonn tú ag dul trí dhúshláin an tsaoil agus ag foghlaim uathu agus bím ag scríobh faoi na rudaí atá tarlaithe i mo shaol féin.”
Tá súil aici go ngabhfaidh na hamhráin i bhfeidhm ar dhaoine is go dtabharfaidh siad spreagadh agus misneach dóibh.
“Ar bhealach is teiripe a bhí ann domsa nuair a bhí mé i mo dhéagóir, aon lá a bheadh deacair bheinn in ann scríobh faoi agus thug sé sin cúnamh dom. Tugann scríbhneoireacht amhrán ardú meanma domsa i mo shaol, agus tá súil agam go dtabharfaidh ‘As do Cheo’ ardú don té atá ag teacht trí thréimhse dheacair ina saol.”
Ag breathnú chun cinn, tá súil aici leanacht uirthi ag scríobh agus ag taifeadadh amhrán, agus an singil is deireanaí léi ina mheabhrú don éisteoir dá fhad í an oíche go dtagann an lá.
“Ta sé ok a bheith thíos ach cuimhneamh gur féidir a theacht amach as i gcónaí. An tuiscint atá san amhrán go bhfuil an saol deacair ach gur féidir leat a theacht as agus tá súil agam gur ardú croí atá san amhrán don té a bheadh ag dul tríd.”
Fág freagra ar '‘An tuiscint atá san amhrán go bhfuil an saol deacair ach gur féidir leat a theacht as’'