Tá léargas tugtha ag an Roinn Oideachais ar chuid den chostas a bhainfeadh le méadú a dhéanamh ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge.
De réir figiúirí atá curtha ar fáil mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Darren O’Rourke ó Shinn Féin, deir an Roinn go mbeadh caiteachas breise thart ar €3 milliún sa mbliain leis an infheistíocht a dhéantar san oideachas lán-Ghaeilge a mhéadú 20%. Níl infheistíocht chaipitil san áireamh san fhigiúr sin.
Ina freagra, thug an tAire Oideachais Hildegarde Naughton le fios go gcaitheann a Roinn thart ar €14 milliún sa mbliain ar pholasaithe agus ar thacaíocht don oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
D’fhiafraigh O’Rourke, urlabhraí oideachais Shinn Féin, den aire cén costas a bheadh ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge a mhéadú ón 6% atá ann faoi láthair go dtí 20%, sprioc atá luaite go minic ag lucht feachtais, ach dúirt an tAire Naughton nach bhféadfaí figiúr a chur air sin i láthair na huaire.
Dúirt sí go mbeadh “anailís shuntasach” ag teastáil chun an t-éileamh i measc tuismitheoirí a mheas chomh maith leis na costais chaipitil agus costais reatha a bheadh i gceist.
Tá sé ráite cheana ag an Aire Naughton gur féidir torthaí an tSuirbhé Náisiúnta Bunscoile a foilsíodh le gairid a úsáid chun an t-éileamh i measc tuismitheoirí ar an oideachas lán-Ghaeilge a mheas, cé go bhfuil sé ráite go minic ag leithéidí Chonradh na Gaeilge, an Foras Pátrúnachta agus dreamanna eile nach dtugann na figiúirí sin léargas cruinn ar an éileamh sin.
Dúirt an tAire Naughton freisin go gcaithfí anailís shuntasach a dhéanamh ar na háiteanna a bheadh feiliúnach don oideachas lán-Ghaeilge agus go mbeadh foireann bhreise ag teastáil chomh maith – príomhoidí, múinteoirí, cúntóirí riachtanais speisialta, rúnaithe, feighlithe agus foireann riaracháin.
Dar leis an mbrúghrúpa IMEASC, bealach amháin a bheadh ann réiteach a fháil ar fhadhb an tsoláthair múinteoirí le Gaeilge ná trí mhúinteoirí atá ann cheana féin a spreagadh chun múineadh trí Ghaeilge. Léiríonn figiúirí na Roinne go mbeidh farasbarr múinteoirí ann sna blianta amach romhainn agus go bhféadfaí an soláthar múinteoirí le Gaeilge a mhéadú trí chuid den fharasbarr a chumasú chun múineadh trí Ghaeilge.
Maidir leis an gcostas a bheadh ar infheistíocht bhreise san oideachas lán-Ghaeilge, dúirt an tAire Hildegarde Naughton go bhfuil €8.6 milliún le caitheamh i mbliana chun gnéithe den Pholasaí don Oideachas Gaeltachta agus den Pholasaí don Oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. Chosnódh sé €1.72 milliún an caiteachas sin a mhéadú 20%.
Chosnódh sé €180,000 breise sa mbliain an deontas caipitíochta do Ghaelscoileanna a ardú 20% agus bheadh costas €800,000 breise le híoc anuas ar an €4 milliún a íoctar chun múinteoir breise a fhostú i ngach iarbhunscoil lán-Ghaeilge sa stát dá n-ardófaí sin 20%.
Dúirt an tAire go raibh €466 milliún caite ag a roinn ar thograí caipitil do scoileanna lán-Ghaeilge ó 2020 agus go raibh tuilleadh infheistíochta le déanamh i dtograí in 2026 agus 2027 faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta, le Tuairisc nach ndearnadh tagairt ar bith don oideachas lán-Ghaeilge sna pleananna a cuireadh i láthair ag cruinniú de chuid na roinne an mhí seo caite. Tá €7.55 billiún luaite leis an bplean forbartha agus é le cur i bhfeidhm idir 2026-2030.
Fág freagra ar '‘Anailís shuntasach’ ag teastáil faoin ‘fíorchostas’ a bhainfeadh le méadú ar an soláthar oideachais lán-Ghaeilge'