DIALANN TUAIRISC: Cultúr na hÉireann saibhrithe ag na Nua-Ghaill, Seanfhocail Pharlaimint na hEorpa, Gaelscrolláil is Gaelmaxxáil

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

DIALANN TUAIRISC: Cultúr na hÉireann saibhrithe ag na Nua-Ghaill, Seanfhocail Pharlaimint na hEorpa, Gaelscrolláil is Gaelmaxxáil

Bailiúchán seanfhocail Pharlaimint na hEorpa

Tá Seanfhocla Chonnacht le Tomás de Bhaldraithe againn, Seanfhocail na Mumhan le Pádraig Ua Maoileoin, agus ná déan dearmad ar 500 Beannacht le Breandán Mac Gearailt ná Colourful Irish Phrases le Micheál Ó Conghaile, ach an bhfuil sé in am againn bailiúchán eile a chur le chéile?

B’fhéidir é. Céard faoi ‘Seanfhocail Pharlaimint na hEorpa’? Níl ansin ach teideal oibre, tiocfaidh muid aníos le rud éigin níos fearr ar ball.

Séard a bheidh ann ná na seanfhocail a d’úsáid ionadaithe na hÉireann agus na hEorpa i rith Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Beidh sé iontach.

Nach í Donla Uí Bhraonáin a bhí fadradharcach nuair a chuir sí a 500 Seanfhocal le chéile, leabhar ina bhfuil bailiúchán seanfhocail Ghaeilge agus leaganacha i mBéarla, i bPolainnis agus i Spáinnis curtha leo.

Is ag Roberta Metsola, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, a bheidh an chéad iontráil sa leabhar nua. Bhí seanfhocal breá Gaelach uaithi agus í ag cur fáilte roimh an Taoiseach Micheál Martin agus é ag labhairt leis an bparlaimint i Strasbourg Dé Máirt.

‘Ní neart go cur le chéile’ arsa Metsola, ráiteas atá thar a bheith tráthúil sna laethanta seo agus an chaint ar an tsráidbhaile go gcaithfear an Eoraip a láidriú.

Ní raibh an chaint ach ina tús. Thug an Taoiseach píosa breá cainte uaidh i nGaeilge ag tús a óráide agus, mar atá geallta i rith na hUachtaránachta, bhí aistritheoir comhuaineach ar fáil mar a bheidh do na hAirí Rialtais i gcaitheamh na sé mhí.

Iomaíochas, luachanna agus slándáil, na trí théama a bheidh ag Uachtaránacht na hÉireann, trí dhúshlán mhóra atá os comhair na hEorpa faoi láthair ar ndóigh agus corraíl mhór chaon taobh dínn.

De réir a chéile a thógtar na caisleáin agus táthar ag súil go mbeidh dul chun cinn déanta faoin mbliain nua ar na comhaid sin as seo go Nollaig.

Seo isteach le Feisire Glas ón Ísiltír nuair a osclaíodh an díospóireacht don urlár agus seanfhocal Gaeilge eile aige.

‘Am agus foighne a thugann an seilide go Corcaigh’ arsa fear na hÍsiltíre. Ní raibh an ceann sin cloiste ag Dialann Tuairisc cheana, ach beidh sé sa leabhar anois. Tús maith, leath na hoibre!

***

Ag Gaelscrolláil agus ag Gaelmaxxáil

Breis agus 3,000 duine atá cláraithe leis an aip sóisialta nua Gaeilge ó cuireadh tús leis 6 seachtaine ó shin. ‘Cogar’ an t-ainm atá ar an aip a chruthaigh Rónán Ó Laoire, ball de Chonradh na Gaeilge san Ísiltír.

An chomhairle atá ag Cogar do na Gaeil ná ‘stop ag gruaimscrolláil agus bí ag Gaelscrolláil’. Láthair dhúchasach don Ghaeilge ar líne atá ann, ina bhfuil an chumarsáid ar fad trí Ghaeilge.

Os cionn 15,000 postáil, nó ‘cogar’ mar a thugtar orthu i dteanga an aip, atá déanta go dtí seo. Ina measc, tá fógra ó @popcogar go mbeidh an fuirseoir Síomha Nic Aonghusa ag cur a seó grinn nua ‘Gaelmaxxing ar stáitse ag féile imill Bhaile Átha Cliath i Meán Fómhair.

Ba dheacair caint ar ‘looksmaxxing’ a sheachaint le sé mhí anuas, cé go raibh Dialann Tuairisc ag déanamh gach dícheall é sin a dhéanamh.

Cult eile do na héamoinn.

Séard atá ann ná nós nua ar líne d’fhir óga atá ag iarraidh slacht níos ‘fearr’ a chur orthu féin agus atá imithe beagáinín thar fóir leis an scéal.

Níl ann ach fainic faoi thada. Nach fear óg a bhí sa gcéad Narcissus i mbéaloideas na Gréige?

Anois, sin duine a bhí ‘looksmaxxed’ agus ní raibh aon fháil aige ar TikTok. Ní raibh scáthán ná an féinín ann ag an am, ach nár éirigh leis radharc a fháil ar a bhreáthacht i lochán uisce agus é ag siúl thairis. Céard a tharla ach nár thit sé i ngrá – leis féin.

An t-aon rud atá athraithe ó shin ná go bhfuil scagairí, fillers, agus brúigh ‘send’ ar fáil.

Scéal eile é an ‘gaelmaxxing’ agus ní fhéadfadh go bhfuil aon dochar ann. Céim a haon, cláraigh le haip sóisialta Gaelach is bí ag cogarnaíl leat.

Céard a thug na ‘Nua-Ghaill’ dúinn? Go leor…

Mac Maoil thug chugainn tar caise Creed is Cooke is Caruth

Maud is Moore is Bagwell dár gcarnadh ins gach céim

Fowkes is Hoops is Bessett, triúr d’fhúig mé in earráid,

is níor ghreann liom tú bheith feasta ag trácht ar do ghéim

Tráth a bhfuil imní ar dhaoine áirithe go ndéanfaidh inimircigh chun na tíre seo uiscealú ar an gcultúr is an dúchas, b’údar spéise dom na Nua-Ghaill a luaigh an file Piaras Mac Gearailt [1709-1792] ina chuid filíochta.

Anseo i gConamara is mór an chomaoin atá curtha ag dhá chine ón liosta ar fhorás an phobail agus an chultúir. Sheas Seosamh Ó Cuaig an fód go tréan ar son chearta phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge mar a shaothraigh a dheartháir Micheál ar son oidhreacht cheoil is amhránaíochta Iorras Aithneach. Aniar an bóthar uathusan a tógadh an bhean is mó a thug misneach is spreagadh do Ghaeil na tíre, an file, amhránaí agus ceannaire Caitlín Maude. Feicim bonn óir Oilimpeach ansin freisin, chomh maith le cumadóirí is ceoltóirí.

Cá bhfios cé na tíolacthaí a bhronnfadh an dream nua seo orainn.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Cultúr na hÉireann saibhrithe ag na Nua-Ghaill, Seanfhocail Pharlaimint na hEorpa, Gaelscrolláil is Gaelmaxxáil'

  • WTF

    “Am agus foighne a thug an seilide* go Corcaigh”
    *Liam McCarthy