Léiríodh i staidéar a rinneadh sa Ghearmáin gur beag eolas atá ag an nglúin óg ar ainmneacha plandaí agus éan. Foilsíodh torthaí an staidéir, a rinneadh in oirthear na Gearmáine, sa Journal of Ethnobiology and Ethnomedicine.
Fuarthas gur eolas teoranta atá ag an bpobal ar na cineálacha plandaí agus éan a bhíonn le feiceáil i gceantair thuaithe, agus gur lú fós an t-eolas sin i gcás na glúine óige.
Iarradh ar os cionn 460 duine fásta in iarthuaisceart na Sacsaine gach planda fiáin agus éan a bhí le fáil ina gceantar tuaithe féin a liostáil. Ar an meán, níor thug na freagróirí ach ainm dhá phlanda agus trí éan as 62 planda agus 25 éan a bhí le fáil sa cheantar.
B’fhearr an t-eolas a bhí ag daoine a bhí níos sine ar phlandaí agus éin, suas go dtí an aoisghrúpa 46-55. Ba mar a chéile, nach mór, i gcás gach aoisghrúpa ina dhiaidh sin. Bhí eolas níos fearr ag daoine a bhí os cionn 45 bliain d’aois ar an dúlra.
Maíonn lucht an taighde go léiríonn na torthaí sin go bhfuil an pobal aineolach, den chuid is mó, ar na speicis atá ina dtimpeall. Luaigh daoine a bhí os cionn 45 bliain d’aois leithéidí an ghormáin (Centaurea cyanus), an camán meall (Chamaemelum nobile), agus an athair thalún (Achillea millefolium) níos minice agus luaigh daoine óga “plandaí ginearálta” agus “taxa éin ard-ord” amhail an caisearbhán (Taraxacum), an nóinín (Bellis perennis), agus an neantóg (Urtica dioica) agus préacháin (Corvus) agus colúir (Columba).
Ar an iomlán, luaigh rannpháirtithe an staidéir 165 planda agus 116 éan, ach aon duine amháin ba chúis le 41% de na plandaí sin agus 25% de na héin a bheith luaite. Luaigh ar a laghad 5% de na rannpháirtithe 15 planda agus 21 éan ar leith, rud a fhágann gur féidir iad sin a áireamh san “fhearann cultúrtha”, dar le lucht scríofa an staidéir.
Deir siad nach bhfuil ach sé phlanda agus deich bplanda mar chuid “d’eolas ginearálta an phobail” – is é sin le rá gur luaigh gach cúigiú duine iad. Bhí daoine áirithe ann nár ainmnigh planda ar bith agus daoine eile nár ainmnigh éan ar bith.
Maíonn na taighdeoirí go bhfuil an t-eolas áitiúil faoin mbithéagsúlacht ina dtimpeallacht féin caillte ag go leor daoine ach go maireann an chuimhne ar roinnt plandaí leighis i sícé an phobail.
Fuarthas go raibh eolas níos fearr ag daoine ar phlandaí a d’úsáidtí le haghaidh bia – an caisearbhán agus an samhadh – agus ar phlandaí “áille” a d’fhéadfaí a úsáid mar mhaisiúchán – an chailleach dhearg agus an nóinín.
Fág freagra ar 'Eolas ar ainmneacha plandaí agus éan ag dul i laghad i measc an aosa óig'