An léarscáil ‘Domhan Comhionann’ le cur sa mheá ag An Gúm d’fhoilseacháin nua oideachais

Glacadh le rún ag cruinniú de chuid na Náisiún Aontaithe le deireanas éirí as úsáid na léarscáile coitianta atá bunaithe ar theilgean Mercator a dearadh sa 16ú haois

An léarscáil ‘Domhan Comhionann’ le cur sa mheá ag An Gúm d’fhoilseacháin nua oideachais

Beidh an teilgean léarscáile ‘Domhan Comhionann’, ar ghlac na Náisiúin Aontaithe leis le deireanas, “le cur san áireamh” ag an nGúm agus foilseacháin nua oideachais á réiteach ag an gcomhlacht amach anseo.

Glacadh ag vóta de chuid na Náisiún Aontaithe an mhí seo caite le rún go gcuirfí deireadh le húsáid an teilgin Mercator ar léarscáileanna an domhain agus go dtabharfaí isteach an teilgean ‘Domhan Comhionann’.

Is é an Gúm a fhoilsíonn an leabhar Atlas Bunscoile, leabhar atá in úsáid ag daltaí i go leor scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Tá an leabhar dírithe ar dhaltaí atá i rang a trí nó sna ranganna níos sinsearaí ar bunscoil.

Thug an Gúm le fios do Tuairisc nach bhfuil teilgean Mercator in úsáid in aon cheann de na léarscáileanna atá sa leabhar ach go dtagraítear don leagan sin de léarscáil an Domhain le heolas faoi cé chomh míchruinn is atá na hilchríocha uirthi.

“Teilgean cónach, asamatach agus sorcóireach atá ar na léarscáileanna. Braitheann sé ar an teilgean is fearr a oireann don léarscáil. Tá nóta le gach léarscáil san atlas lena rá cén teilgean atá i gceist.

“An t-aon tagairt do Mercator atá san atlas is chun a léiriú cé chomh míchruinn is atá sé ó thaobh chomh mór is atá na hilchríocha éagsúla agus a leithéid,” a dúirt eagarthóir an Ghúim, Méabh Ní Loingsigh, le Tuairisc.

Dúirt Ní Loingsigh nach bhfuil aon fhoilseachán nua a mbeadh léarscáileanna ann á ullmhú ag an nGúm i láthair na huaire ach gur dócha ná a mhalairt go gcuirfí an teilgean ‘Domhan Comhionann’ san áireamh agus aon fhoilseachán dá leithéid á réiteach amach anseo.

Ní fhoilsíonn an Gúm léarscáil bhalla den domhan.

Dhear Gerardus Mercator a léarscáil cháiliúil i 1569 agus ba é príomhaidhm na léarscáile ná bheith ina huirlis ag mairnéalaigh a bhí ag seoltóireacht ar fud na cruinne. Theastaigh ó Mercator go bhféadfaí líne dhíreach a tharraingt ar a léarscáil a bheadh ag teacht leis an líne dhíreach a bheadh ann dá leanfaí marc compáis.

Ach is cruinneog é an Domhan agus ní féidir a chruth ceart a léiriú ar phlána cothrom (i.e. leathanach). Dá bharr sin, chaith Mercator eangach a léarscáile a shíneadh agus í ag dul i dtreo na Poil Thuaidh agus Theas. D’fhág an síneadh seo go bhfuil an talamh atá ag an Meánchiorcal i bhfad níos lú ná mar atá i bhfírinne agus an talamh atá ag na Moil i bhfad níos mó.

Fágann sé sin go bhfuil an chuma ar thíortha atá níos gaire don Mheánchiorcal – tíortha san Afraic, i Meiriceá Theas agus in áiteanna áirithe san Áise – níos lú ná mar atá siad i bhfírinne ar léarscáileanna Mercator. Tá an teilgean fós in úsáid go coitianta do léarscáileanna balla, i leabhair, ar chláir theilifíse, agus ar líne. Is é teilgean Mercator atá in úsáid ag Google Maps, mar shampla.

Ach maíonn lucht a cháinte go bhfuil tionchar síceolaíoch ag Mercator agus go mbreathnaítear ar áiteanna áirithe mar áiteanna beaga gan fiúntas agus ar áiteanna eile mar áiteanna móra tábhachtacha dá dheasca.

Is í an aidhm atá ag an teilgean ‘Domhan Comhionann’ ná dul i ngleic leis na pointí seo. Chruthaigh foireann léarscáilithe é sa bhliain 2018 bunaithe ar theilgean eile a chum Arthur Robinson i 1963 le léiriú níos cruinne d’ilchríocha an domhain a thabhairt ar an leathanach cothrom.

Ghlac Aontas na hAfraice leis an léarscáil i mí Feabhra agus cuireadh os comhair bhaill na Náisiún Aontaithe í an mhí seo. Níl an dearadh leath chomh maith céanna don loingseoireacht agus ní féidir an teilgean a úsáid leis an bhfad cruinn idir pointí ar an léarscáil a thomhas.

Fág freagra ar 'An léarscáil ‘Domhan Comhionann’ le cur sa mheá ag An Gúm d’fhoilseacháin nua oideachais'