Ceathrar ó Tuairisc ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Fógrófar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais ag searmanas le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh na míosa

Ceathrar ó Tuairisc ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais

Tá ceathrar ó Tuairisc ainmnithe ar ghearrliostaí Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais.

D’fhógair an tOireachtas an gearrliosta inné do na gradaim “a thugann aitheantas do láithreoirí, léiritheoirí, iriseoirí, colúnaithe, aisteoirí, agus lucht déanta clár raidió agus teilifíse”.

Tá beirt iriseoirí agus beirt cholúnaithe ó Tuairisc ainmnithe do na gradaim a fhógrófar ag searmanas le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne ag deireadh na míosa.

Tá Darren Ó Dubhgháin agus Maitiú Ó Coimín, ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir na Bliana’ agus tá Alex Hijmans agus Marian Ní Chonghaile ainmnithe don ghradam Colúnaí na Bliana.

Seo an 27ú bliain ar bronnadh na gradaim chumarsáide.

Bronnfar gradaim i dtrí chatagóir déag i mbliana, an catagóir ‘Cruthaitheoir Gaeilge na Bliana’ san áireamh.

Moltóirí a roghnóidh na buaiteoirí seachas i gcás ‘Réalta Óg na Bliana’, a mbeidh deis ag an bpobal vótáil dó.

“Is cúis mhór bhróid agus áthais dúinn spotsolas a lonrú arís ar na ceannródaithe cruthaitheacha agus na sárchraoltóirí atá ag saothrú gan staonadh in earnáil na cumarsáide Gaeilge,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí an Oireachtais.

Seo a leanas na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2026:

AN GEARRLIOSTA 2026

SCANNÁN / CLÁR / SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA DO DHAOINE ÓGA

  • Siar Linn  MACALLA TEORANTA
  • Nollaí TAUNT
  • Fíricí Fíochmhara MACALLA TEORANTA
  • Mo Shaol, Do Shaol 4 MACALLA TEORANTA

COLÚNAÍ NA BLIANA

  • Conor Torbóid  NÓS.IE
  • Marian Ní Conghaile  TUAIRISC.IE
  • Aoife Granville AN PÁIPÉAR
  • Emma Ní Chearúil  SCÉAL, IRISH TIMES
  • Alex Hijmans TUAIRISC.IE

SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

  • Pé Scéal É RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
  • Eadra RTÉ RAIDIÓ NA LIFE
  • Oileánach, RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
  • Ceol Cois Cuain BBC GAEILGE/ BBC RAIDIÓ ULADH
  • An Saol ó Dheas RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA

CLÁR TEILIFÍSE / SCANNÁN NA BLIANA 

  • Amhráin do mo Mháthair SOUTH WIND BLOWS
  • Mamó agus Mise DESMOND BROS
  • Tráthnóna le Éilís Ní Chinnéide ANIAR TV
  • Rian na Fola LOOSEHORSE
  • Rothaí an tSaoil  ANIAR TV
  • Néaltrú – An Scriosadh Mall BELOVED MEDIA 

IRISEOIR NA BLIANA

  • Maitiú Ó Coimín TUAIRISC.IE
  • Donncha Ó Murchú NUACHT RTÉ/TG4
  • Sinéad Ní Neachtain NUACHT RTÉ/ TG4
  • Darren Ó Dubhgáin  TUAIRISC.IE
  • Cóilín Duffy AN PÁIPÉAR

PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA

  • Sláine Ní Chathalláin AN SAOL Ó DHEAS
  • Cuán Ó Flatharta SPLANC
  • Séimí Mac Aindreasa BEO AR MAIDIN/ GUTH AN PHOBAIL
  • Rossa Ó Siordáin FIOS FEASA
  • Fearghal Mag Uiginn BLAS – ÓN TAOBHLÍNE

PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Gráinne Holland SCOIL CHOILLE 2
  • Doireann Ní Ghlacáin FLEADH 26
  • Seosamh Mac Seoin LÁITHROIR LEANÚNACHAIS CÚLA4
  • Gemma Ní Chionnaith RUGBAÍ BEO
  • Séaghan Ó Súilleabháin TÉACS TAISTIL

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL 

  • Grúpa Léitheoirí Filíochta Leabharlann Dhún Dealgan DUNDALK FM
  • Ceol agus Craic 103.2 DUBLIN CITY FM
  • Aon Scéal? 92.5 PHOENIXFM
  • TradSoc Takeover FLIRT FM 101.3

CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA 

  • Ruaille Buaille HIGHLAND RADIO
  • Gaeilge sa Ghalltacht a Dó: An Chéad Chlár- Siobhán Uí Mhathúna WLR FM
  • Blas na nGael HIGHLAND RADIO
  • Caint Chiarraí RADIO KERRY

SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

  • Síle Seoige: An Saol Mar Atá TYRONE PRODUCTIONS
  • Pobal Mhúscraí ANIAR TV
  • Breith, Beatha, Bás BELOW THE RADAR TV
  • Ceartas Crua MIDAS PRODUCTION
  • Taobh Thiar den Roth LIGID LÉIRIÚCHÁIN
  • Glúin Z ANIAR TV

CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA

  • Micheál Ó Tuathail RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
  • Máirín Ní Ghadhra RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA & TG4
  • Brian Danny Minnie Ó Domhnaill RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA
  • Tristan Rosenstock RTÉ RAIDIÓ NA GAELTACHTA

RÉALTA ÓG NA BLIANA 

  • MaryClaire Nic Uilliam RAIDIÓ FÁILTE
  • Conor Ó Domhnaill CÚLA4
  • Laura Ní Aoidhne ROS NA RÚN, RAIDIÓ FÁILTE
  • Cara Jane Nic Giolla Chomhaill RAIDIÓ NA LIFE
  • James Mac Éinrí CÚLA4

CRUTHAITHEOIR GAEILGE NA BLIANA 

  • Ciara Ní É
  •  Leon Brown/ The Líofa Project
  • Laura J Pakenham
  • Cúán de Búrca
  • Eoin P. Ó Murchú
  • Molly Nic Céille

Fág freagra ar 'Ceathrar ó Tuairisc ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais'