Máire Zepf
Futa Fata
Déarfaidh mé amach díreach é: tá an-díomá orm. Díomá agus aiféala nárbh ann don saothar seo fiche bliain ó shin agus mise i mo dhéagóir. Bheinn go hiomlán gafa leis – agus cén fáth nach mbeadh? Bhí géarghá leis ag an am, agus tá géarghá leis fós.
Tá bá ar leith agam leis an úrscéal véarsaíochta ó thug mo mháthair cóip de Make Lemonade (Virginia Euwer Wolff) dom agus mé sna déaga. Chuaigh an leabhar sin go croí ionam agus is dóigh liom gur cumhachtaí ar fad an scéal mar gheall ar an stíl inste. Lom, ach álainn. Gan mhaisiú, ach lán brí. Spásanna bána, ábhar machnaimh. Saothar ceannródaíoch é a foilsíodh i 1993 i bhfad sular tháinig borradh ar an seánra.
Níor tháinig mé ar úrscéal véarsaíochta Gaeilge gur foilsíodh Nóinín le Máire Zepf in 2019. Bhí mé an-tógtha leis agus b’amhlaidh an scéal i gcás Dearg, leabhar nuafhoilsithe ó pheann an scríbhneora chéanna. Tá clúdach spleodrach dána (agus dearg) ar an leabhar, é ag teacht le hábhar an scéil féin. Dearg le fearg, dearg le náire, dearg i ngach áit. Dath cumhachtach, dath láidir. Tá an leabhar tiomnaithe do ghníomhaithe teanga an Tuaiscirt, go háirithe an Dream Dearg, agus é bunaithe ar chuid de na fíorimeachtaí a tharla sna blianta 2016-2017.
Suite ar Bhóthar na bhFál i gcroílár iarthar Bhéal Feirste, tá an leabhar fréamhaithe i ngluaiseacht na Gaeilge agus sa troid leanúnach ar son cearta teanga agus cearta daonna. Mórcheisteanna, agus mórdhúshláin. Thar aon ní eile, áfach, scéal é seo faoi bhean óg, Fionn, agus í ag iarraidh ciall éigin a bhaint as an saol mór thart uirthi. Duine cúthaileach í a bhíonn ag streachailt le labhairt amach gan náire gan eagla, cé gur bhreá léi sin a dhéanamh. Ní hé gur cuma léi, ní hé nár mhaith léi a cuid a rá, ní hé nach bhfuil sí cróga, a mhalairt ar fad. Téann a cuid focal i bhfostú ina scornach in ainneoin na práinne laistigh di, agus lasann sí le náire. Ní mar an gcéanna rud a bhraistint istigh ionat féin agus é a rá os ard agus éiríonn le Zepf é sin a léiriú sa scéal ar bhealach nádúrtha tuisceanach.
Tá buíon iontach cairde ag Fionn; daoine óga fuinniúla, daoine óga atá réidh le dul i mbun troda dá gcuid cearta teanga, dá chéile agus dá bpobal. Is mór idir feiceálacht agus gleo an ghníomhaíochais agus cath ciúin Fhinn féin. Ní scéal faoi chearta teanga amháin é seo; scéal é faoin bhfód a sheasamh agus a bheith dílis duit féin, bíodh sin sa seomra ranga, i measc cairde nó amuigh ar na sráideanna.
Éiríonn thar barr leis an scéal seo mar úrscéal véarsaíochta. Tá cumhacht sa bhreis ag baint leis dá bharr. Tá cruth ar an scéal; bíonn Zepf ag súgradh leis na focail agus na habairtí agus leagan amach an téacs. Is geall le léarscáil é, agus is féidir patrúin a fheiceáil agus tú á léamh. In áiteanna bíonn an téacs níos troime agus in áiteanna eile ní bhíonn ann ach corrfhocal, nó spás bán.
Ní miste a rá, freisin, go bhfuil an leabhar seo tiubh téagartha ach thar a bheith éasca le léamh, agus léifidh tú go gasta é. Sin cuid den draíocht a bhaineann leis an stíl scríbhneoireachta seo. Tá sé thar a bheith feiliúnach do dhuine ar bith a bhíonn ag streachailt leis an léitheoireacht. Sílim go bhfuil sé feiliúnach do gach duine, le fírinne. Tá sé dírithe ar dhaoine óga cúig bliana déag d’aois agus os a chionn ach níl ansin ach treoir. Is minic daoine fásta ag léamh leabhair don aos óg agus is minic daoine óga ag léamh leabhair do dhaoine fásta.
Déileálann Zepf le hábhair thromchúiseacha, mar atá ionsaí gnéasach agus féindochar, go híogair agus go tuisceanach, agus nóta rabhaidh uaithi ag tús an leabhair. Bhraith mé go raibh teannas cruthaitheach sa scéal idir an gníomhaíochas polaitiúil agus meáchan na n-ualaí seo. In amanna, gluaiseann luas an phlota chomh sciobtha sin go mbeifeá ag tnúth le níos mó ama chun machnamh a dhéanamh.
É sin ráite, d’fhéadfaí a mhaíomh go léiríonn an luas lasrach seo an phráinn, an scaoll agus an t-uafás a bhaineann leis an tráma féin sa saol mór, rud a luíonn go binn le nádúr lúfar an tseánra. Treisítear an spiorad comhaimseartha sa leabhar leis an cód QR ag deireadh an leabhair a sheolann an léitheoir i dtreo seinnliosta Spotify; le ceol ó leithéidí Kneecap, IMLÉ, agus Fontaines D.C. a thacaíonn go hiontach le rithim an téacs.
Seo an cineál leabhair a mbeidh tóir ag léitheoirí air, léitheoirí óga, go háirithe. Ní leabhar scoile é ná baol air, agus tréaslaím leis an údar agus leis an bhfoilsitheoir as leabhar chomh tábhachtach ceannródaíoch a chur amach sa domhan mór. Ní bheadh aon ionadh orm dá n-aistreofaí an t-úrscéal seo go mórán teangacha eile. Ach i nGaeilge a scríobhadh ar dtús é. Nach maith sin.
Dá mbeinn in ann dul siar fiche bliain, seo é an leabhar a bhronnfainn orm féin. Is fada mé ag fanacht lena leithéid. Cinnte, bheadh an déagóir ionam go hiomlán gafa leis – ach scaoilfidh mé rún libh…
Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ní scéal faoi chearta teanga amháin é seo, scéal é faoi bheith dílis duit féin'