Ardú i ndán don phleanáil teanga, d’Udarás na Gaeltachta is Foras na Gaeilge, ach beag dóchas go mbeidh aon ardú mór don Ghaeilge i mBuiséad 2027

Agus an sparán á theannadh ag an Rialtas níl súil le méadú chomh mór leis an mbliain seo caite ar phota na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair a fhógrófar Buiséad 2027 tráthnóna, ach tuigtear do Tuairisc go mbeidh méadú áirithe i réimsí áirithe, don chaiteachas reatha go háirithe

Ardú i ndán don phleanáil teanga, d’Udarás na Gaeltachta is Foras na Gaeilge, ach beag dóchas go mbeidh aon ardú mór don Ghaeilge i mBuiséad 2027

Fógrófar i mBuiséad 2027  airgead breise don phleanáil teanga, d’Údarás na Gaeltachta, d’Fhoras na Gaeilge agus do scéimeanna áirithe tacaíochta sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di.

Tuigtear do Tuairisc go mbeidh béim san ardú sa phota a chuirfear ar fáil don teanga ar chaiteachas reatha. Beidh ardú freisin ar an gcaiteachas reatha a dhéantar ar sheirbhísí iompair na n-oileán.

Níl súil le méadú chomh mór leis an mbliain seo caite ar phota na Gaeilge agus na Gaeltachta nuair a fhógrófar Buiséad 2027 tráthnóna.

Tá sé á mhaíomh le bliain anuas ag Aire na Gaeltachta gur bhain sé amach “an méadú is mó riamh” do bhuiséad na Gaeltachta agus na n-oileán anuraidh, ach tá amhras in earnáil na teanga go mbeidh an rialtas chomh flaithiúil céanna agus airgead 2027 á dháileadh.

€160 milliún a chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta ar fáil don Ghaeltacht, don Ghaeilge agus do na hoileáin i mbliana, ardú 30% ón gciste €123 milliún a bhí ann i mbuiséad na bliana roimhe sin.

Deir Aire na Gaeltachta Dara Calleary go bhfuil sé ag déanamh a dhíchill chun “an toradh is fearr is féidir a fháil d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta” ach is beag duine san earnáil chéanna atá ag súil le haon dea-scéal mór nuair a fhógrófar Buiséad 2027 sa Dáil tráthnóna.

€25 milliún breise, ardú 23%, a cuireadh ar leataobh do Roinn na Gaeltachta anuraidh. Airgead reatha a bhí in €12 milliún de sin agus bhí arduithe €2.5 milliún agus €2 milliún d’Údarás na Gaeltachta agus don Fhoras Teanga san áireamh. Tuairiscítear, áfach, gur beag seans atá ag forais agus áisíneachtaí fostáit maoiniú breise a fháil sa mbuiséad seo.

Airgead do thograí caipitil a bhí sa €13 milliún breise eile a fógraíodh do Roinn na Gaeltachta anuraidh – maoiniú d’fhorbairt ionad Gaeilge ar Shráid Fhearchair agus d’fhorbairt áis Oideachais agus Óige nua in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara.

Ag cruinniú leis an Aire Caiteachais Phoiblí an mhí seo caite, rinne Conradh na Gaeilge cás go gcuirfí os cionn €60 milliún breise i gciste na Gaeilge agus na Gaeltachta i mbuiséad na bliana seo agus d’éiligh siad arduithe móra i mbuiséid an Údaráis agus an Fhorais.

Dúirt an Conradh ag an am gur cruinniú “tairbheach agus fiúntach” a bhí ann ach tuairiscítear gur teasaí go maith a bhí cuid de na cruinnithe idir Chambers agus a chomhghleacaithe sa rialtas agus buiséad níos spárálaí á thuar.

D’fhéadfadh go mbeadh imní i TG4 faoi thuairisc gur shiúil an tAire Cultúir agus Meán Patrick O’Donovan amach as cruinniú leis an Aire Chambers tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí diúltú do roinnt mhaith d’éilimh O’Donovan.

Tá TG4 ag lorg €11 milliún breise i mbuiséad 2027, ardú a d’fhágfadh go mbeadh buiséad os cionn €76 milliún ag an stáisiún Gaeilge in 2027. Ardú €5.4 milliún a fuair TG4 sa bhuiséad deireanach.

Tá Sinn Féin ag moladh go dtabharfaí €13 milliún breise do TG4 mar chuid de phacáiste €80 milliún breise do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá molta ag an bpáirtí is mó sa bhfreasúra. Tá athbhunú scéim labhairt na Gaeilge agus ciste caipitil nua d’ionaid teanga i measc na mbeartas atá molta ag Sinn Féin.

Infheistíocht bhreise €40.5 milliún i gcúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta atá molta ag na Daonlathaithe Sóisialta ina mbuiséad malartach agus deir Páirtí an Lucht Oibre go dtabharfaí €52.5 milliún breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht dá mbeadh an páirtí sa rialtas.

Déanfaidh an tAire Airgeadais Simon Harris agus an tAire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers Buiséad 2027 a fhógairt sa Dáil tráthnóna ag 1.00pm.

Fág freagra ar 'Ardú i ndán don phleanáil teanga, d’Udarás na Gaeltachta is Foras na Gaeilge, ach beag dóchas go mbeidh aon ardú mór don Ghaeilge i mBuiséad 2027'