TEACH LAIGHEAN: Airgead breise, cúrsaí pleanála agus an gaeloideachas le plé agus an Dáil ag filleadh

Is é Buiséad 2027 an chloch is mó a bheidh ar a bpaidrín acu i dTeach Laighean idir seo agus an mhí seo chugainn

TEACH LAIGHEAN: Airgead breise, cúrsaí pleanála agus an gaeloideachas le plé agus an Dáil ag filleadh

Agus Bille Údarás na Gaeltachta achtaithe díreach roimh bhriseadh an tsamhraidh, níl aon phíosa mór reachtaíochta Gaeilge ar na bacáin, ach ní hin le rá nach bhfuil obair ó thaobh na teanga le déanamh ag polaiteoirí agus iad ag filleadh ar Theach Laighean ar maidin.

Ar ndóigh, dréachtaíodh bille an Údaráis chun na toghcháin do bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais ach ní raibh sa reachtaíocht ach ní raibh ann ach an chéad chéim agus ní heol dúinn go fóill cén uair a chaithfear an chéad vóta. Cé gur dhúirt Aire na Gaeltachta Dara Calleary le gairid go raibh sé diongbháilte faoi na toghcháin a thabhairt ar ais, ní raibh sé in ann a rá cén uair a bheadh siad ar siúl. Ceal dáta, tá amhras ann go bhféadfadh 2029 a bheith ann sula rachaidh muintir na Gaeltachta chun vótála.

Bí cinnte go dtarraingeoidh an freasúra an cheist sin anuas sa Dáil le linn an téarma seo, ach is é Buiséad 2027 an chloch is mó a bheidh ar a bpaidrín acu i dTeach Laighean idir seo agus an lá a fhógrófar é, an 6 Deireadh Fómhair.

Tá sé ráite ag an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers cheana féin nach mbeidh aon fhógra mór le déanamh maidir le cúrsaí cánach, ach beidh eagraíochtaí teanga ag súil go mbeidh an t-iar-aire stáit don Ghaeltacht níos flaithiúla maidir le cás na Gaeilge.

Mar atá ráite go minic ag an Aire Calleary le bliain anuas, d’fhógair an rialtas an buiséad is mó riamh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mBuiséad 2026 agus os cionn €130 milliún curtha i leataobh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, ardú beagnach 25% ó bhuiséad na bliana roimhe.

Ach san áireamh ansin bhí thart ar €12 milliún d’airgead caipitil a bhí le caitheamh ar fhorbairtí ar Ché Inis Oírr, ar Choláiste Lurgan in Indreabhán agus ar Uimhir 6 Sráid Fhearchair, ceannáras Chonradh na Gaeilge. Is fada go mbeidh an obair ar na tograí sin curtha i gcrích agus airgead na bliana seo caite.

Tá Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge ina measc siúd atá ag súil le tuilleadh airgid ó na hairí Chambers agus Calleary. Dúirt an Foras an tseachtain seo go raibh an eagraíocht ag súil le “méadú suntasach ar a mbuiséad le tógáil ar an mhéadú a chuir an tAire Dara Calleary ar fáil in 2026 – an chéad mhéadú suntasach le cúig bliana roimhe sin”.

Seans gur níos déanaí sa bhfómhar a dhíreofar arís ar cheist na pleanála sa nGaeltacht. Is ag deireadh mhí an Mheithimh a d’fhoilsigh an rialtas dréachtráiteas nua pleanála don Ghaeltacht ach fáilte dhoicheallach a cuireadh roimhe agus éiginnteacht ann faoi roinnt de na moltaí atá luaite ann. Tá sé ráite ag Calleary go mbeidh sé oibriú leis an Aire Tithíochta James Browne chun cuid de ghnéithe an ráitis a shoiléiriú agus a threisiú. Tá na blianta caite roimhe seo ag fanacht ar ráitis agus ar threoirlínte agus níl aon dóchas rómhór ann go réiteofar an fhadhb go tapa.

Beidh súil le dul chun cinn roimh an Nollaig maidir le ceann de na scéalta Gaeilge eile a phléitear go minic i dTeach Laighean – an gaeloideachas. Tá an tascfhórsa atá bunaithe ag an Roinn Oideachais chun cíoradh a dhéanamh ar mhúnlaí soláthair don oideachas lán-Ghaeilge lena chuid oibre a a chríochnú mí na Samhna.

Is cinnte go mbeidh an scéal sin á phlé ag Coiste Gaeilge an Oireachtais agus ag cathaoirleach nua an choiste, an Teachta Dála Shane Moynihan. Níor ceapadh fear Fhianna Fáil ina chathaoirleach go dtí roinnt seachtainí roimh shos an tsamhraidh ach cheana féin níl fiacail curtha ag Moynihan ann agus é ag labhairt faoin “mbac saorga” atá curtha ag an Roinn Oideachais ar fhás na Gaeilge sa gcóras oideachais agus faoin teip na caighdeáin teanga a thabhairt isteach a chinnteoidh seirbhísí poiblí i nGaeilge don phobal a fhoilsiú.

Fág freagra ar 'TEACH LAIGHEAN: Airgead breise, cúrsaí pleanála agus an gaeloideachas le plé agus an Dáil ag filleadh'