GAILEARAÍ: An tUachtarán Catherine Connolly i gConamara ag Féile Ainm Cleite

Dhá uair déag roimh a cruinniú leis an Uachtarán Trump ba léir gur bhain an tUachtarán Catherine Connolly spórt agus taitneamh as comhluadar mhuintir Chonamara agus iad ag ceiliúradh a scríbhneoirí féin. Pictiúir: Seán Ó Mainnín

An tUachtarán Catherine Connolly le Sinéad, iníon an fhile Máire Uí Ráinne, ar bronnadh Gradam Tom a’ tSeoige uirthi i ndiaidh a báis, agus ar dheis an t-údar, Áine Ní Chonghaile ar bronnadh Gradam Ainm Cleite uirthi

 

Annabel Ní Chonghaile, Oifigeach Pleanála Teanga Cheantar na nOileán, ag cur fáilte roimh Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, go Féile Ainm Cleite i Halla Thír an Fhia, Conamara

 

Séamus Ó Ráinne ó Chomhairle Ceantair na nOileán, An tUachtarán Connolly, Annabel Ní Chonghaile, Oifigeach Pleanála Teanga, agus Máirín Uí Ráinne

 

An tUachtarán le coiste Ainm Cleite. Ó chlé: Nonie Breathnach, An Dr. Micheál Ó Flaithearta, Áine Durkin, Annabel Ní Chonghaile, an tUachtarán Catherine Connolly, Sibéal Ní Chonghaile, Micheál Ó Conghaile agus Máirtín Tom Sheáinín

 

An chéad duine sa halla, Colm Ó Gionnáin, ag cur fáilte roimh an Uachtarán

 

Fáilte chroíúil an phobail roimh an Uachtarán Connolly

 

Fear an tí Mairtín Tom Sheáinín ag cur tús le cúrsaí na féile

 

Scéalta ag Máirtín faoi fhreastal an Uachtaráin ar chúrsaí Gaeilge sa cheantar san am a caitheadh

 

Is maith is cuimhin leis an Uachtarán iad!

 

An tUachtarán, de bhunadh na háite, ag oscailt na féile

 

Gradam Tom a’ tSeoige agus Gradam Ainm Cleite

 

Údar grinn

 

An slua ag éisteacht leis an Uachtarán

 

Sular mbronnfar aon rud fógra d’ábhar margaíochta agus t-léinte na Féile Ainm Cleite!

 

Úna Flaherty ag bronnadh peann lámhdhéanta ar an Uachtarán thar ceann mhná Sheid na mBan

 

Joe Hernon, Seid na bhFear ag bronnadh clog seamróige ar an Uachtarán

 

 

Buaiteoir an ghradaim Ainm Cleite Áine Ní Chonghaile ag éisteacht le Máire Ní Fhinneadha

\

Na deirfiúracha Peigí agus Áine agus a neacht Sinéad Ní Ráinne ag baint spraoi as scéalta Mháire

 

Gradam Ainm Cleite 2026 á bhronnadh ar Áine Ní Chonghaile

 

Teacht aniar agus diongbháilteacht phobal na n-oileán cloch nirt an cheantair, a deir údar an leabhair ‘An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú Céad Déag’

 

Ciarán Ó Fatharta ag tabhairt caint ómóis faoi Mháire Uí Ráinne

 

Sinéad Ní Ráinne, iníon Mháíre Uí Ráinne, ag éisteacht leis an moladh dá máthair

 

Gradam Tom a’ tSeoige á bhronnadh ar Mháire Uí Ráinne, agus é á ghlacadh thar ceann a teaghlaigh ag a hiníon Sinéad

 

Sinéad Ní Ráinne agus an gradam a máthar glactha aici ar son an teaghlaigh

 

An tUachtarán le Sinéad Ní Ráinne agus Áine Ní Chonghaile. Ar chlé tá Sally agus Nóirín agus ar fhíordheis, Peigí, deirfiúracha Áine

 

Oíche chrua ar na cnaipí ag Colm óg Ó Gionnáin agus é i dteannta a dhaoine muinteartha, PJ, Micheál agus Aoife Sonny Choilm Larry, an grúpa Ceann Gólaim

 

Ó chlé: Seán Óg Ó Loideáin, Kevin O’Connell, John Connolly, Niamh Ní Chonaill agus Áine Ní Chonghaile

 

Peigí Ní Chonghaile leis an ealaíontóir, Seán Ó Flaithearta a bhfuil a shaothar don fhéile fós ar taispeáint thiar.  Ealaín Sheáin a mhaisíonn an leabhar ‘Faraor Géar Nár Cailleadh Mé’ le Micheál Ó Conghaile a seoladh ag an bhféile

 

Barbara McDonagh agus Sally Gannon

 

Máirín Uí Chonghaile agus Delia Ní Ghríofa

 

Aisling agus Ríona Ní Ghríofa i dteannta Úna Uí Ghríofa

 

 

Nóra-Ann agua Maitiú Ó Gionnáin lena gclann, Colm, Pádraic-Seán, Órlaith, agus an babaí Áine ag fágáil slán leis an Uachtarán Connolly

 

Chris McCann, Micheál Ó Flaithearta agus Joe Ó Flaithearta

 

Bríd Ní Chualáin, Eilís Ní Laoi agus Mairéad Ní Chualáin

 

An tUachtarán le láithreoir Iris Aniar, Raidió na Gaeltachta, Micheál Ó Tuathail

 

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: An tUachtarán Catherine Connolly i gConamara ag Féile Ainm Cleite'