Níos mó éiginnteachta ar Leithinis na hAraibe ná riamh

Mar gheall ar na coimhlintí ar an dá thaobh de Leithinis na hAraibe, cuirfear srian ar an méid ola a thagann amach ón réigiún

Níos mó éiginnteachta ar Leithinis na hAraibe ná riamh

Léiríonn an dul chun cinn a rinne na Houthi ar Leithinis na hAraibe gar do Chaolas Bab-el-Mandab agus an t-ionsaí ar phíblíne ola san Araib Shádach an tseachtain seo caite go bhfuil níos mó éiginnteachta faoi chúrsaí timpeall na leithinse ná ag aon am eile ó thús an chogaidh a sheol na Meiriceánaigh agus na hIosraelaigh ar an Iaráin. Léiríonn sé freisin nach mbeidh aon fhaoiseamh ón méadú i bpraghas na hola ná ón tionchar a bheidh aigesean ar thomhaltóirí ar fud an domhain, aon am go luath.

Bhí an chuma air ag tús mhí Lúnasa go raibh cinneadh le déanamh ag na Meiriceánaigh: cur leis an gcogadh, éirí as, nó leanúint leis an imshuí agus cogadh eacnamaíochta fadtéarmach a sheoladh ar an Iaráin.

Tuairiscíodh sna meáin gur thug Ceann Foirne Arm na Stát Aontaithe comhairle don Uachtarán Trump gur chóir dó bealach a aimsiú chun éirí as an gcogadh. Mar chuid de thuairisc a thugann ceannairí cheannasaíochtaí an Airm ar fud an domhain d’Aire Cosanta SAM gach mí, tuairiscíodh gur thug siadsan an chomhairle go dtiocfadh laghdú suntasach ar chumas an airm sna ceannasaíochtaí éagsúla dá leanfadh an cogadh ar aghaidh.

Mar léiriú ar an gcomhairle sin, bhí ar na Meiriceánaigh iompróir aerárthaí a tharraingt amach as an gcoimhlint agus b’fhéidir go raibh sé taobh thiar de chinneadh an Uachtaráin gan tacaíocht a thabhairt don Araib Shádach nuair a d’iarr sí air cabhrú léi chun freagra a thabhairt ar na hionsaithe an tseachtain seo caite.

Cé nach féidir a mheas conas a éiríonn leis an Uachtarán Trump teacht ar chinneadh, seans gur chuir sé comhairle na saighdiúirí san áireamh agus mar gheall air sin nach raibh fonn air cur leis an gcogadh. Ach is léir go bhfuil sé chun leanúint leis an imshuí, an cogadh eacnamaíochta agus na hionsaithe buille ar bhuille.

Cé go bhfuil taithí ag na hIaránaigh ag déileáil le smachtbhannaí le fada, cruthóidh imshuí fadtéarmach ar na calafoirt deacrachtaí nua dóibh. Gan amhras beidh siad in ann bealaí eile a chruthú chun earraí a iompórtáil agus a easpórtáil, ach ní thiocfaidh na bealaí sin in áit na gcalafort.

De réir tuairiscí ón Iaráin, tá ionsaithe na Meiriceánach agus an t-imshuí ag cruthú dúshláin ar leith don tír agus tá an baol ann go gcuirfidh na hIaránaigh iallach ar a gcuid comhghuaillithe sa réigiún ionsaithe a dhéanamh chun an choimhlint a thabhairt go cnámh na huillinne nó chun í a leathnú.

Chuige sin, tá an chuma ar chúrsaí maidir leis an gcoimhlint idir na Houthi agus an Araib Shádach, gur seoladh feachtas comhordaithe an tseachtain seo caite. Déardaoin, bhuail dróin ón Iaráic píblíne ola a úsáideann an Araib Shádach mar an príomhbhealach chun ola a easpórtáil, agus bhí uirthi í a dhúnadh. Meastar go raibh na mílístí Síteacha san Iaráic, comhghuaillithe de chuid na hIaráine, taobh thiar den ionsaí sin.

Dé hAoine, ghabh na Houthi, comhghuaillí eile de chuid na hIaráine, calafort gar don Caolas Bab-el-Mandab agus oileán i lár an Chaolais, rud a chinntíonn go bhfuil smacht acu ar an gCaolas anois. Mar gheall ar na heachtraí sin tá easpórtálacha ola ón Araib Shádach go léir i mbaol.

Cinnte, tá a spriocanna féin ag na Houthi chun an lámh in uachtar a fháil sa chogadh cathartha atá ar siúl san Éimin leis na blianta anois, ach ní féidir a chur as an áireamh go raibh ról comhordaithe ag na hIaránaigh sna hionsaithe.

Ní féidir a chur as an áireamh ach oiread go leathnófar an choimhlint sa réigiún. Toisc go bhfuil tacaíocht á tabhairt ag an Araib Shádach don taobh eile sa chogadh cathartha agus go bhfuil easpórtálacha ola ón tír i mbaol, gach seans go dtabharfaidh sí freagra ar na hionsaithe.

Ach toisc gur síníodh comhaontú cosanta idir an Araib Shádach, an Tuirc agus an Phacastáin le déanaí, déanfar cúrsaí níos casta má imíonn cúrsaí ó smacht agus an baol ann go dtarraingeofar an Tuirc agus an Phacastáin isteach sa choimhlint. É sin ráite, níl aon chomharthaí ann faoi láthair go bhfuil sé seo ar tí tarlú.

Idir an dá linn, beidh praghas na hola faoi bhrú go ceann tamaill agus ní bhfaighidh tomhaltóirí ar fud an domhain mórán faoisimh agus an geimhreadh ag teannadh linn.

Mar gheall ar na coimhlintí ar an dá thaobh de Leithinis na hAraibe, cuirfear srian ar an méid ola a thagann amach ón réigiún go gceann i bhfad agus tuairiscítear go bhfuil cuid mhaith den ola a bhí coimeádta i dtaisce ag tíortha an G7 chun praghas na hola a rialú ídithe. Anuas air sin, mar gheall ar an gcogadh san Úcráin, tá cosc curtha ag an Rúis ar easpórtáil roinnt earraí ola, go háirithe díosal, ón tír.

Tá sé ráite ag Trump go dtiocfaidh an choimhlint leis an Iaráin chun deiridh tar éis na dtoghchán sna Stáit Aontaithe i mí na Samhna, toisc go mbeidh na hIaránaigh faoin méid sin brú go ngéillfidh siad.

Ach níl aon chomharthaí ann go fóill go ngéillfidh agus tá roinnt comhairleoirí de chuid an Uachtaráin den tuairim go leanfaidh an coimhlint go dtí deireadh a thréimhse mar uachtarán, ar a laghad.

Fág freagra ar 'Níos mó éiginnteachta ar Leithinis na hAraibe ná riamh'