Creathadh bainte as an mbunaíocht sa Ghearmáin ag bua an AfD

Tá claochlú tagtha ar pholaitíocht na Gearmáine i ndiaidh don pháirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis bua mór a fháil i dtoghchán stáit san oirthear

Creathadh bainte as an mbunaíocht sa Ghearmáin ag bua an AfD

Tá creathadh bainte as an mbunaíocht sa Ghearmáin ag bua an AfD i dtoghcháin stáit in Sachsen Anhalt in oirthear na tíre. Agus ba é méid an bhua, seachas an bua féin, a chuir leis an anbhá.

Fuair an AfD beagnach 44% den vóta, ach thit vóta an CDU – páirtí Sheansailéir na Gearmáine, Friedrich Merz – a bhí i réim roimhe sin, níos mó ná leath, go dtí 17% beag.

Mar thoradh air seo, gheobhaidh an AfD 39 suíochán as 83 i bparlaimint áitiúil, agus gan iad ach cúpla suíochán gann ar mhóramh iomlán.  Tá siad go mór chun cinn i dtaca le rialtas stáit nua a chruthú.

Níos suntasaí fós ná gur tháinig an BSW, páirtí na heite clé an-fhada amach faoi cheannas mealltach Sara Wagenknecht, isteach sa bparlaimint stáit freisin, agus cúig shuíochán buaite acu. Faoina smacht atá cothromaíocht na cumhachta.

Cé go bhfuil difríochtaí bunúsacha idir an BSW agus an AfD maidir le beartais eacnamaíochta, aontaíonn siad leis an AfD maidir le deireadh a chur le tacaíocht don Úcráin agus le caidreamh maith leis an Rúis a athbhunú, agus tá siad báúil le polasaithe chun an inimirce a rialú.

Tá sé ráite acu nach rachaidh siad isteach i gcomhrialtas leis an AfD ach go dtacóidh siad leo ar bhonn cás ar chás.

Scar an BSW ó Die Linke, an páirtí a tháinig i ndiaidh an SED, an seanpháirtí sóisialach a bhí sa GDR. Chuir BSW i leith Die Linke go raibh siad an aicme oibre á brú ar leataobh agus béim rómhór ar pholaitíocht na féiniúlachta.

Tá an AfD cúisithe as a bheith ina pháirtí réamh-Fhaisisteach. Ní páirtí Faisisteach ar an seandéanamh é, áfach, cé go bhfuil seans ann gurb é sin a bheidh ann amach anseo. Tá a reitric fhrith-inimirce nimhneach, agus is cinnte go dtarraingíonn siad ar an gciníochas agus ar pé Naitsíochas atá fós le brath sa Ghearmáin.

Ach ní guth lucht an ghnó mhóir iad. Bíonn siad ag caint ar éadóchas na ngnólachtaí meánmhéide (Mittelstand), an líonra gnólachtaí a bhíodh faoi bhláth ar na slabhraí soláthair chuig na fiontair mhóra déantúsaíochta.

Ach, de réir mar a tháinig meath orthu sin fuair leithéidí Volkswagen, mar shampla, réidh leis na céadta mílte oibrí agus cuireadh faoi bhrú mór na gnólachtaí meánmhéide.

Ó thaobh na heacnamaíochta ba mhian leis an AfD an Ghearmáin a athbhunú mar chumhacht thionsclaíoch láidir, nach nglacann le bheith faoi chuing na Stát Aontaithe agus an tAtlantachas atá go smior san AE. Molann an AfD é seo a dhéanamh trí chaidreamh maith leis an Rúis a athbhunú agus fuinneamh saor ón Rúis a úsáid chun an athbheochan thionsclaíoch a chumhachtú.

Ach tá cúinsí eile i gceist le rath an AfD. Thar aon rud eile san iar-GDR, tá an- fhearg ann faoin gcaoi a rinneadh an Ghearmáin a athaontú. In Sachsen Anhalt, mar shampla, a bhí i gcroílár earnáil tionsclaíochta an GDR tráth, briseadh an bonn den tionsclaíocht, dúnadh na monarchana, agus fágadh na hOssis beo bocht agus gan de rogha ag mórán acu ach bogadh go dtí an t-iarthar.

Is fiú a thabhairt faoi deara gurbh é siombail an pháirtí sna toghcháin stáit seo sean-mhopaid an GDR, an Simson. Níos tábhachtaí fós, ag slógadh amháin ar a laghad den pháirtí, sheinn an lucht eagraithe sean-amhrán náisiúnta an GDR,  agus thosaigh an slua ag canadh go díograiseach.

Tabhair faoi deara freisin gur vótáil 61% den aicme oibrí don AfD, agus cumha i leith an GDR agus dearcadh fabhrach i leith na Rúise mar chúis ag cuid acu.

Ní bhaineann na cúinsí seo leis an Iarthar, ar ndóigh. Ach tá teip páirtithe na Bunaíochta stad a chur le meath eacnamaíochta na Gearmáine – meath atá á dhéanamh níos measa ag gearradh a cuid ceangal leis an Rúis – ag déanamh an AfD níos tarraingtí ansin freisin.

Agus an BSW ag cur brú ar an AfD an bhéim ar pholasaithe na heite deise an fhada amach a mhaolú agus béim a chur ar an bhforbairt thionsclaíoch faoi stiúir an stáit, is léir go gcaithfear deireadh a chur leis an Brandmauer (na bacainní) a chuir páirtithe na bunaíochta roimh déileáil leis an AfD (nó le Die Linke nó leis an BSW).

Tréigfidh an CDU an Brandmauer, an bac ar chaidreamh leis an AfD, agus déanfaidh siad a socrú féin leis an AfD, ach mbeidh siad sásta glacadh le diúltú an AfD don Atlantachas agus tabhairt faoi chaidreamh maith leis an Rúis athbhunú?

Is cinnte gur athraigh bua an AfD i Sachsen Anhalt polaitíocht na Gearmáine ó bhonn.

Fág freagra ar 'Creathadh bainte as an mbunaíocht sa Ghearmáin ag bua an AfD'